Ceisteanna Coitianta
Cad é an difear idir an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí agus RGCS?
Tá an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí difriúil leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) sa mhéid is gur treoir a trasuíodh i ndlí na hÉireann trí bhíthin an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, faoi Chuid 5, í an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí.
Ceisteanna Coitianta
Cad is próiseáil agus tuilleadh próiseála ann?
Faoi Airteagal 4(2) RGCS, ciallaíonn “próiseáil” rud éigin a dhéanamh le sonraí pearsanta duine aonair, amhail na sonraí pearsanta a bhailiú, a thaifeadadh, a nochtadh, a athrú nó a cheadú, nó iad a stóráil go bunúsach. Ní ceadmhach do rialaitheoir sonraí a phróiseálann sonraí pearsanta na sonraí riachtanacha a phróiseáil ach amháin chun na críche sonraí arb é atá ann comhlíonadh a dhéanamh ar na cuspóirí ar chucu a bailíodh agus a próiseáladh na sonraí ar dtús.
Ceisteanna Coitianta
Cad is sonraí catagóire speisialta ann?
Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tugtar cosaint bhreise do chatagóirí áirithe sonraí pearsanta, dá ngairtear “sonraí catagóire speisialta”, faoi Airteagal 9 RGCS. Is ionann sonraí catagóire speisialta agus sonraí lena léirítear:
Ceisteanna Coitianta
Cad is údarás inniúil ann faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí?
Faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, féadfaidh údarás inniúil a bheith ina chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil cumhachtaí aige chun nithe coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.
Ceisteanna Coitianta
Nuair atáim ag freastal ar ócáid phoiblí, an bhféadfaidh na heagraithe grianghraif phromóisin a thógáil díom gan mo thoiliú a fháil?
Is ionann íomhánna de dhaoine aonair agus “sonraí pearsanta” faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is é atá in íomhá duine aonair a ghabháil agus san íomhá sin a úsáid ina dhiaidh sin ná próiseáil sonraí pearsanta de réir bhrí RGCS. Faoi mar atá amhlaidh i gcás aon phróiseála sonraí pearsanta, ní mór bunús dlí faoi na creataí reachtacha um chosaint sonraí a bheith ann d’íomhánna in-sainaitheanta de dhaoine a thaifeadadh. Tá an ceart ag daoine aonair go bpróiseálfaí a sonraí pearsanta ar bhealach a gcomhlíonann an dlí um chosaint sonraí.
Ceisteanna Coitianta
An gcumhdaítear mo ghnólacht leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)?
Más rud é go ndéanann tú gníomhaíochtaí próiseála le sonraí pearsanta go páirteach nó go hiomlán trí mhodhanna uathoibrithe, nó go ndéileálann tú le sonraí pearsanta atá ina gcuid (nó atá beartaithe a bheith ina gcuid) de chóras comhdúcháin, agus go ndéanann tú na gníomhaíochtaí próiseála sin i gcomhthéacs bunaíocht de chuid do ghnólachta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), beidh tusa, mar rialaitheoir sonraí, faoi réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), beag beann ar cé acu a chuirtear an phróiseáil ar siúl in LEE nó nach gcuirtear.
Ceisteanna Coitianta
Cad is margaíocht dhíreach ann agus cad nach margaíocht dhíreach ann?
Is é atá i gceist le margaíocht dhíreach ná díriú a bheith á chur ar dhuine ag eagraíocht (margóir) atá ag iarraidh táirge nó seirbhís a chur chun cinn nó atá ag iarraidh an duine a spreagadh chun faisnéis bhreise a iarraidh faoi tháirge nó faoi sheirbhís. Áirítear ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí facs, glaonna teileafóin nó teagmhálacha poist le cineálacha margaíochta dírí.
Ceisteanna Coitianta
Cén fáth a n-úsáideann sibh an focal “líomhnaithe” nuair atá sibh ag tagairt don ghearán uaim?
Le linn aon ghearán cosanta sonraí a scrúdú, ní féidir linn glacadh leis go bhfuil an ceart ag ceachtar páirtí. Ní mór dúinn fíorais uile an cháis a scrúdú sula dtagaimid ar chonclúid. Dá réir sin, is sáruithe líomhnaithe iad aon teagmhais sáruithe go dtí go gcuirtear an ní i gcrích. A luaithe a chuirtear an ní i gcrích, luafar sa toradh cé acu, bunaithe ar ár gcinntí fíorais, a tharla an teagmhas nó nár tharla.
Ceisteanna Coitianta
Cad is sonraí pearsanta ann?
Sainmhínítear “sonraí pearsanta” mar a leanas faoi Airteagal 4(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS):
Ceisteanna Coitianta
Tugadh m’fhaisnéis phearsanta ar aghaidh do ghníomhaireacht bailiúcháin fiach. An saincheist cosanta sonraí é seo?
Is annamh a thagann aon ábhair imní cosanta sonraí as sonraí pearsanta a sholáthar do ghníomhaireacht bailiúcháin fiach (próiseálaí sonraí) chun dul sa tóir ar fhiach thar ceann gnólachta nó eagraíochta (rialaitheoir sonraí). Tagann sé sin faoin mbunús dleathach atá in Airteagal 6(1)(b) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), áit a gcumhdaítear cásanna inar “...gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh”.