Réamhchomhairliúchán

Ceanglais réamhchomhairliúcháin faoi Airteagal 36 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus faoi alt 83(3) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018

I gcás go ndéanann rialaitheoir sonraí Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí ina dtugtar le fios go gcruthódh an phróiseáil bheartaithe ardriosca do na cearta cosanta sonraí atá ag daoine aonair mura ndéanfaí aon bhearta maolaithe ina leith, rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an Údarás Maoirseachta. Ciallaíonn sé sin sa chleachtas gurb amhlaidh, i gcás nach féidir leis an rialaitheoir sonraí déileáil le rioscaí sainaitheanta trí choimircí a chur chun feidhme (is é sin le rá gurb ann d’ardrioscaí iarmharacha d’ábhair shonraí go fóill), nach mór don rialaitheoir dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí chun comhairle i scríbhinn a lorg maidir leis an oibríocht/na hoibríochtaí próiseála beartaithe.

Beidh réamhchomhairliúchán leis an gCoimisiún éigeantach freisin i gcás go mbeartaíonn an rialaitheoir gabháil do chineál próiseála atá forordaithe i rialacháin arna ndéanamh de réir alt 83(9) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Is faoi shainchúram na Rannóige Comhairliúcháin sa Choimisiún um Chosaint Sonraí a thagann aon réamhchomhairliúchán a dhéantar de bhun Airteagal 36. Is féidir aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig consultation@dataprotection.ie. Ní mór a shonrú go soiléir ar na haighneachtaí go mbaineann siad le réamhchomhairliúchán reachtúil faoi Airteagal 36 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus/nó faoi alt 83 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Doiciméadúchán

Nuair atáthar ag dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le réamhchomhairliúchán, ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach:

  • An Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí agus aon doiciméid choimhdeacha;
  • Na freagrachtaí faoi seach atá ar an rialaitheoir, ar na rialaitheoirí comhpháirteacha agus ar na próiseálaithe atá ag gabháil don phróiseáil, go háirithe do phróiseáil laistigh de ghrúpa gnóthas;
  • Críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;
  • Na bearta agus na coimircí atá i bhfeidhm chun na cearta agus na saoirsí atá ag ábhair shonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chosaint;
  • Sonraí teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí (má bhaineann);
  • Aon fhaisnéis eile a iarrfaidh an Coimisiún.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na cáipéisí atá ag teastáil, féach ar ár dTreoir maidir leis an bPróiseas Comhairliúcháin Reachtaíochta.

Freagra ón gCoimisiún

Tabharfaidh an Coimisiún freagra ar aighneacht maidir le réamhchomhairliúchán reachtúil laistigh de thréimhse ocht seachtaine, i gcás gur cosúil go sáródh an phróiseáil bheartaithe forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí nó an Achta um Chosaint Sonraí nó i gcás gur cosúil nár éirigh leis an rialaitheoir na rioscaí féideartha a shainaithint nó a mhaolú ar bhealach leordhóthanach. Tabharfar an freagra sin i bhfoirm comhairle i scríbhinn agus eiseofar é chuig an rialaitheoir agus, nuair is infheidhme, chuig aon phróiseálaí beartaithe. Féadfar an tréimhse le haghaidh freagra a thabhairt a fhadú go ceann sé seachtaine, ag brath ar chastacht na próiseála beartaithe.

Mar aon le comhairle i scríbhinn a eisiúint, féadfaidh an Coimisiún aon cheann de na cumhachtaí imscrúdaitheacha, ceartaitheacha nó forfheidhmiúcháin atá aige a fheidhmiú agus freagra á thabhairt aige ar aighneacht maidir le réamhchomhairliúchán reachtúil.

Teagmháil

I gcás go measann rialaitheoir gur dóigh go gceanglófar air Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a chur isteach le haghaidh réamhchomhairliúchán reachtúil, ba mhaith leis an Rannóg Comhairliúcháin réamhfhógra a fháil faoi sin nuair is féidir. Chabhródh sé sin léi acmhainní a leithdháileadh ar an bpróiseas measúnaithe a luaithe a chuirtear an Measúnú Tionchair isteach agus d’fhéadfadh go laghdódh sé am freagartha an Choimisiúin, ag brath ar riachtanais oibríochtúla na Rannóige. Más rud é, le linn an phróisis mheasúnaithe, go dtiocfaidh an rialaitheoir ar aon fhaisnéis eile a bheadh úsáideach don Choimisiún, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig an Rannóg Comhairliúcháin