Teileachumarsáid/Soláthraithe Seribhísí Idrlín - Foirm Fhógra Sárú Sonraí

 

an 24 Meitheamh 2013
 

Ar na bearta atá infheidhme d'fhógairt sáraithe ar shonraí pearsanta faoi Threoir 2002/58/CE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar phríobháideacht agus cumarsáid leictreonach

 

I Rialachán an Choimisiúin (AE) Uimh. 611/2013 den 24 Meitheamh 2013 ar na bearta atá infheidhme d’fhógairt sáraithe ar shonraí pearsanta faoi Threoir 2002/58/CE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar phríobháideacht agus cumarsáid leictreonach, leagtar amach rialacha sonracha le haghaidh fógairt sáraithe ar shonraí ag soláthraithe teileachumarsáide agus soláthraithe seirbhíse idirlín faoi Threoir 2002/58/CE (“an Treoir ríomhPhríobháideachais”) amhail a trasuíodh i ndlí na hÉireann trí IR 336 de 2011. Tháinig sé i bhfeidhm an 25 Lúnasa 2013. Ní mór do sholáthraithe fógra tosaigh a thabhairt i leith sárú ar shlándáil sonraí don údarás inniúil náisiúnta tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an sárú a bhrath den chéad uair. Murar féidir leis an soláthraí sonraí iomlána den sárú a thabhairt ag an am seo, ba cheart níos mó sonraí a thabhairt laistigh de thrí lá tar éis an fógra tosaigh. Murar féidir leat, tar éis na tréimhse trí lá seo, an fhaisnéis iomlán a thabhairt go fóill a cheanglaíonn an Rialachán ar an sárú ar shlándáil sonraí, ceanglófar ort údar réasúnaithe a chur faoi bhráid na hOifige seo maidir le cén fáth nach bhfuil an fhaisnéis ar fáil. Déan teagmháil leis an rannóg um shárú ar shonraí, le do thoil, ag 01 7650100 má bhaineann an cás seo leat. Leagtar amach an fhaisnéis nach mór a sholáthar san fhógra in Aguisín I den Rialachán. Tá fáil ar fhoirm shlán ar líne chun an fógra i leith an tsáraithe ar shlándáil sonraí a dhéanamh.

DÉAN D'FHÓGRA

Tabhair faoi deara nach mbaineann na riachtanais seo ach le soláthraithe teileachumarsáide agus seirbhíse idirlín amhail a shainítear faoi IR 336 de 2011.