Mearthreoir maidir le Fógraí Sáraithe GDPR

Tá sé i gceist go príomha leis an mearthreoir seo cuidiú le rialaitheoirí tuiscint níos fearr a fháil ar a gcuid oibleagáidí maidir le ceanglais fógraí agus cumarsáide – a chlúdaíonn fógra chuig an DPC agus fógraí chuig ábhair sonraí araon, sa chás gur infheidhme.  

Ba chóir go dtabharfadh na príomhcheisteanna a chlúdaítear thíos léargas ginearálta ar an réimeas maidir le fógra sáraithe an GDPR, chun cuidiú le rialaitheoirí tuiscint níos fearr a fháil ar a gcuid oibleagáidí bunúsacha faoin réimeas seo.  Tá faisnéis maidir le fógraí sáraithe, chomh maith le nasc chuig foirm maidir le fógra sáraithe ar fáil freisin ar leathanach an fhógra sáraithe ar láithreán gréasáin an DPC.

Tá dhá phríomhoibleagáid ar rialaitheoirí faoin réimeas seo: (a) fógra maidir le haon sárú ar shonraí pearsanta a thabhairt don DPC, mura bhfuil sé ar a gcumas a léiriú nach dóigh go mbeidh riosca do na daoine is ábhar do na sonraí mar thoradh air; agus (b) an sárú a chur in iúl d’ábhair sonraí, más dóigh go mbeidh ardriosca d’ábhair sonraí. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh tuiscint agus go gcomhlíonfaidh rialaitheoirí an dá oibleagáid seo.

Mearthreoir maidir le Fógraí Sáraithe GDPR: Treoirnóta Iomlán