Seo í Sorcha Montgomery, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

 A collage of pictures depicting technology and data uses, with the DPC logo in the centre image.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála.

 

Sorcha Montgomery

Táim measartha nua ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, agus mé ag dul isteach san Aonad Dlí mar Anailísí Dlí i mí Eanáir 2024. Ba le taighde dlí agus le dlí an Aontais Eorpaigh a phléigh mé roimhe seo. Tá céim LLM agam i nDlí na hEorpa, agus d’oibrigh mé i roinnt ról taighde dlí laistigh den státseirbhís agus lasmuigh di araon. Ó thosaigh mé ag obair leis an gCoimisiún, tugadh deiseanna dom mo chuid eolais agus scileanna a úsáid agus a fhorbairt i ndáil le cearta bunúsacha a chosaint trí nithe a bhaineann le cuideachtaí móra teicneolaíochta a rialáil, mar aon le caidreamh idirnáisiúnta déthaobhach an Choimisiúin le húdaráis mhaoirseachta eile agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

Is é a bhíonn i gceist le mo ghnáthobair laethúil ná taighde dlí a dhéanamh ar réimsí nua éagsúla den dlí chun tacú le comhairle dlí a thabhairt d’aonaid eile laistigh den Choimisiún, taighde dlí a dhéanamh, agus tacú le freastal an aonaid ar chruinnithe le rialálaithe eile cosanta sonraí ar fud an Aontais. Cé go mbíonn mo chuid oibre dírithe ar dhlí cosanta sonraí an Aontais go minic, bíonn sí dírithe ar réimsí níos leithne de dhlí an Aontais agus de dhlí na hÉireann freisin, agus mé ag fáil deiseanna a bhfuil an-spreagadh intleachtúil ag baint leo chun breithniú a dhéanamh ar an bhfeidhm a d’fhéadfadh a bheith ag coincheapa agus prionsabail dlí maidir le réimsí nua den dlí.

Bíonn roinnt deiseanna ann chun plé leis an saol oibre ag an gCoimisiún freisin. Chuaigh mé isteach sa Choiste um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú le déanaí, a bhfuil mar aidhm aige cultúr áit oibre a chothú ina gceiliúrtar dearcthaí uathúla agus taithí uathúil na mball foirne uile ar fud an Choimisiúin. Eagraítear laethanta ráithiúla cumarsáide freisin, agus tá coiste sóisialta ann a chruthaíonn deiseanna, amhail fulachtaí foirne, chun bualadh leis na daoine ar d’fhoireann agus le comhghleacaithe eile agus chun aithne a chur orthu (agus iad, ar ndóigh, ar an tsócmhainn is fearr atá ag an gCoimisiún!).

Mholfainn go mór an Coimisiún um Chosaint Sonraí agus an ról mar Anailísí Dlí d’aon duine atá ar lorg obair éagsúil spéisiúil in eagraíocht a thairgeann deis uathúil chun plé le dlí an Aontais Eorpaigh sa chleachtas agus chun rannchuidiú le cearta bunúsacha a chosaint ar fud an Aontais.