Seo í Julia Drennan, Coimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

A collage of pictures depicting technology and data uses, with the DPC logo in the centre image.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála.

 

Julia Drennan

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2021 mar Anailísí Dlí, agus táim i mo Choimisinéir Cúnta san Aonad um Fhiosrúcháin Mhórscála agus Imscrúduithe Mórscála anois. Cháiligh mé mar aturnae i ngnólacht corparáideach mór agus, a bhuí leis an ról seo sa Choimisiún, táim in ann cur leis na scileanna agus an taithí a ghnóthaigh mé ann agus iad a úsáid i mo chuid oibre leis an gCoimisiún. Táim in ann fanacht ar Rolla na nAturnaetha agus mé ag obair sa Choimisiún freisin.

 

Tugann post sa Choimisiún deiseanna chun plé le roinnt de na cásanna is airde próifíl sa dlí cosanta sonraí ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal Eorpach araon. Baineann mo phost le nithe nua i réimse na maoirseachta agus an fhorfheidhmiúcháin ar an dlí príobháideachta agus ar an dlí cosanta sonraí. Bíonn raon leathan oibre i gceist agus, gach lá, tagaim ar shaincheisteanna dlí atá casta, spéisiúil agus dúshlánach. Tugann an Coimisiún deis dom mo ghairm a chur ar aghaidh agus, an tráth céanna, obair i réimse tráthúil dlí a bhíonn ag athrú. I gcomhar le m’fhoireann, déanaim caidreamh le húdaráis mhaoirseachta ar fud na hEorpa agus freastalaím ar chruinnithe de chuid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí thar ceann an Choimisiúin. Bíonn deiseanna ann chun ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún ag imeachtaí labhartha, agus tugtar spreagadh agus tacaíocht duit déanamh amhlaidh agus tabhairt faoi fhoghlaim agus forbairt leantach ghairme. Féachann an Coimisiún leis an gcuid is fearr a bhaint as scileanna agus cumas a fhoirne, agus bíonn deiseanna ann chun tabhairt faoi oiliúint agus forbairt sheachtrach a n-urraíonn an Coimisiún iad agus a chomhlánaíonn do chuid oibre.

 

Ní féidir liom áibhéil a dhéanamh faoi cé chomh tíriúil agus tacúil agus atá an Coimisiún mar thimpeallacht oibre, áit a n-urramaítear do chuid oibre agus a gcothaítear agus a spreagtar dul chun cinn gairme. Tá mo chuid comhghleacaithe sa Choimisiún thar a bheith inspreagtha, comhghleacúil, cuidiúil agus cairdiúil. Bíonn an-tábhacht ag baint le do chuid oibre anseo, agus bíonn tú ag rannchuidiú le roinnt de shaincheisteanna dlí is ceannródaíche ár linne. Táim i mo chomhalta den choiste um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú, a chabhraíonn le meon na cothroime agus an chuimsithe a chothú san eagraíocht. Bíonn sárchothromaíocht oibre is saoil ann. Má tá tú ag iarraidh rannchuidiú a dhéanamh ar mhaithe leis an maith choiteann agus do chuid scileanna dlí a úsáid agus a fhorbairt i réimse an-spéisiúil cleachtais a bhíonn ag athrú i gcónaí, molaim duit smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar an ról mar Anailísí Dlí.