Seo é Lorcan O’Connor, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

A collage of pictures depicting technology and data uses, with a man in the centre image. He is wearing a light grey jumper over a white shirt and has shoulder length light-brown hair.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála.

 

Lorcan O’Connor

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún i mí Feabhra 2024. Chríochnaigh mé céim dlí in Ollscoil Mhá Nuad roimhe sin, agus bhí roinnt taithí roimhe agam ar obair laistigh den státseirbhís. Le linn mo thríú bliain ar an gcoláiste, chríochnaigh mé socrúchán sa Rannán um Athchóiriú an Dlí Choiriúil sa Roinn Dlí agus Cirt. Tar éis dom an coláiste a chríochnú, rinne mé staidéar ar chéim máistir sa bhainistíocht idirbheartaíochta agus coinbhleachta ag Ollscoil Salamanca. Fuair mé post in Oifig an Ard-Aighne mar thaighdeoir dlí ansin, agus chaith mé beagán os cionn bliain go leith inti sula ndeachaigh mé isteach sa Choimisiún.

Sannadh mé don ról mar Anailísí Dlí, agus mé ag obair san Aonad um Fhiosrúcháin Mhórscála agus Imscrúduithe Mórscála. Bíonn nithe éagsúla ag baint le mo ghnáthobair laethúil, agus cuimsíonn sí gníomhaíochtaí amhail taighde dlí a dhéanamh, dréachtchinntí a scríobh le haghaidh roinnt fiosrúchán dár gcuid, agus athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ó údaráis chosanta sonraí i stáit eile. Bíonn na fiosrúcháin a bpléim leo spéisiúil i gcónaí, agus bíonn an raon iomlán de shaincheisteanna cosanta sonraí i gceist leo, mar aon le nithe nua eile i réimse an dlí agus na gceart bunúsach.

Rinne mé iarratas ar dhul isteach sa Choimisiún mar gheall ar an ról lárnach a imríonn sé i réimse na cosanta sonraí ar fud na hEorpa. Ós rud é go bhfuil roinnt cuideachtaí móra ilnáisiúnta lonnaithe in Éirinn, gníomhaíonn an Coimisiún mar phríomhrialálaí ar na cuideachtaí sin. Is réimse ollmhór síorathraitheach é an réimse cosanta sonraí freisin, a chruthaíonn timpeallacht oibre chorraitheach dhinimiciúil. Ar an leibhéal pearsanta, tugann an Coimisiún an-taithí rialála dom freisin, rud nach bhfaigheann tú ina lán post.

Bhain mé an-taitneamh as an am a chaith mé sa Choimisiún go dtí seo. Is an-chorraitheach a bhíonn an obair a dhéanaim, agus bíonn fíorthionchar aici ar an saol dáiríre. Tá mo chuid comhghleacaithe thar a bheith cairdiúil agus cuidiúil, agus bíonn siad flaithiúil lena gcuid ama i gcónaí. Tá sárbhraistint phobail ann, áit a bhféachann gach duine le cearta bunúsacha a chosaint. Bíonn deiseanna iontacha uasoiliúna ar fáil freisin, rud a théann chun tairbhe do m’fhorbairt ghairmiúil. Táim an-bhuíoch gur roghnaíodh don phost mar Anailísí Dlí mé. Táim ag tnúth le leanúint le mo chuid oibre sa Choimisiún agus le ról a imirt ina bhfuil i ndán do chosaint sonraí in Éirinn agus san Aontas Eorpach.