Suirbhé ón gCoimisiún ar ‘Sharenting’

30th Mí Meitheamh 2026

I gcomhthráth le foilsiú na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2025, d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí na torthaí ar shuirbhé neamhspleách ar an gcleachtas ar a dtugtar ‘Sharenting’ freisin. Ba go mall sa bhliain 2025 a seoladh an suirbhé, agus rinneadh é mar chuid den fheachtas ‘Smaoinigh sula bPostálann Tú’ chun dearcthaí agus eolas an phobail maidir le ‘sharenting’ a thomhas, sular seoladh an feachtas faisnéise agus an físeán. Dá bhrí sin, léirítear ann an fheasacht agus an t-eolas a bhí ag tuismitheoirí sular tugadh faoinár bhfeachtas físeáin a raibh an-rath air. Rinneadh suirbhé ar níos mó ná 1000 tuismitheoir in Éirinn agus sa Fhrainc araon.

Cuireadh an tionscnamh sin i gcrích i gcomhar le CNIL, ár macasamhail sa Fhrainc. D’eascair an comhoibriú sin as an bhfonn comhpháirteach a bhí orainn aird a tharraingt ar thopaic cosanta sonraí a bhaineann le leanaí agus atá tábhachtach sa dá dhlínse. Mheas an dá Údarás Cosanta Sonraí go mbeadh sé tábhachtach feasacht a mhúscailt i measc tuismitheoirí ar ‘sharenting’, a bhíonn ag éirí níos coitianta agus ar féidir leis iarmhairtí diúltacha a bheith aige do phríobháideacht leanaí, dá neamhspleáchas agus dá bhfolláine mhothúchánach.  Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a rinne CNIL, ár gcomhghleacaithe, leis an suirbhé seo agus leis an bhfeachtas ina iomláine. 

 

 

Image
Grafaic Faisnéise ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le ‘Sharenting’ (PDF, 0.4 MB)