Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí – Eachtra Slándála maidir le WhatsApp

14th Mí Bealtaine 2019

Chuir WhatsApp Ireland an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an eolas (tráthnóna Dé Luain 13 Bealtaine 2019) faoi laige tromchúiseach slándála ar an ardán WhatsApp. Tuigtear don Choimisiún gur féidir gur chuir an laige ar chumas gníomhaí mailíseach bogearraí neamhúdaraithe a shuiteáil agus rochtain a fháil ar shonraí pearsanta ar ghléasanna a bhfuil WhatsApp suiteáilte iontu. ...

Cosaint sonraí agus canbhasáil

10th Mí Bealtaine 2019

Is tír dhaonlathach í Éire agus tá sé an-tábhachtach go mbeidh polaiteoirí in ann cumarsáid a dhéanamh le vótálaithe roimh na toghcháin Eorpaigh agus na toghcháin áitiúla atá le teacht. ...

Osclaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán reachtúil ar Quantcast International Limited

02nd Mí Bealtaine 2019

Ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, léirigh daoine aonair agus daoine a thacaíonn leis an bpríobháideacht an-imní maidir le hiompar na gcuideachtaí teicneolaíocha atá i mbun gnó in earnáil na fógraíochta ar line agus maidir leis an tslí ina gcloínn siad leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. ...

An luaitear é sin sa Rialachán Ginearálta dáiríre?

11th Mí Márta 2019

Is annamh a spreagann dlí nua an oiread sin spéise agus díospóireachta ar fud an phobail i gcoitinne. Mar a tharlaíonn sé, áfach, b’amhlaidh, sa tréimhse roimh an 25 Bealtaine 2018 agus sna míonna ina dhiaidh sin, go raibh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta) i mbéal an phobail. ...

Eisiúint nuachta ón Líonra Domhanda um Fhorfheidhmiú Príobháideachta

05th Mí Márta 2019

Sa bhliain 2018, rinne an Líonra Domhanda um Fhorfheidhmiú Príobháideachta scrúdú ar an bhféintuairisciú ó eagraíochtaí ar a mhéid a chuir siad coincheapa bunúsacha na cuntasachta chun feidhme. Rinneadh an scrúdú sin mar chuid d’oibríocht bhliantúil bailithe faisnéise an Líonra, rud ar a dtugtar ‘scuab-imscrúdú’. ...