Tony Delaney

17th Mí Lúnasa 2020

Tony Delaney - Deputy Commissioner

Ceapadh Tony Delaney mar Leas-Choimisinéir, Ceannasaí Gníomhaíochta Rialála, i mí Iúil 2019. Roimhe sin, bhí sé ina Choimisinéir Cúnta ag an DPC ar feadh breis is trí bliana déag, agus lena linn sin bhí sé i gceannas ar go leor imscrúduithe iomráiteacha san Oifig, imscrúduithe ar an earnáil margaíochta téacs, an earnáil ospidéal agus an earnáil bleachtaire príobháideach san áireamh. In 2015 bhunaigh sé agus chuaigh sé i gceannas ar Aonad Imscrúduithe Speisialta na hoifige. Ina ról mar Choimisinéir Cúnta, bhí sé i gceannas chomh maith ar fheidhm ionchúisimh na hOifige, ag tabhairt fianaise go minic i gCúirteanna Dúichí ar fud an Stáit agus ag baint amach go leor torthaí rathúla iomráiteacha le réimse aonán ó éarnálacha a chuimsigh árachas, teileachumarsáid, margaíocht agus bleachtairí príobháideacha, i measc rudaí eile.

Sa ról ata aige faoi láthair, tá sé freagrach as na hAonaid seo a leanas ag an DPC:

  • Fiosrúcháin Sáraithe Trasteorann
  • Fiosrúcháin Sáraithe Náisiúnta
  • Láimhseáil Gearán Trasteorann
  • Fiosrúcháin Trasteorann
  • Imscrúduithe Gearán Margaíochta Leictreonach
  • Imscrúduithe Speisialta
  • Ionchúisimh