Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil
Gearán déanta i gcoinne Club Gailf
Rinne duine aonair gearán leis an gCoimisiún maidir leis an dóigh ar bhain an rialaitheoir sonraí úsáid as píosaí scannáin TCI chun imscrúdú a dhéanamh ar theagmhas ina raibh an duine aonair páirteach. D’eagraigh an duine aonair imeacht i saoráid fóillíochta (an rialaitheoir sonraí) agus chuir sé comharthaí ar taispeáint i ndáil le nósanna imeachta Covid-19 chun cúnamh a thabhairt do na daoine a bheadh i láthair. Ag deireadh an imeachta, rinne an duine aonair comhartha eile i ndáil le nósanna imeachta Covid-19 a bhaint gan chuimhneamh nuair a bhí sé ag fáil réidh leis na comharthaí a shuiteáil sé don imeacht. Tar éis gearán a fháil ó dhuine aonair eile, rinne an rialaitheoir sonraí athbhreithniú ar na píosaí scannáin TCI chun a fháil amach cé a bhain an comhartha. Bhí an duine aonair den tuairim nár phróiseáil an rialaitheoir sonraí a shonraí pearsanta ar bhealach comhréireach ná trédhearcach agus nár chomhlíon sé na hoibleagáidí atá air mar rialaitheoir sonraí i ndáil leis an dóigh ar imscrúdaigh sé an teagmhas. Dá réir sin, rinne an duine aonair gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún.
Féach Tuilleadh EolaisPíosa scannánaíochta de sheirbhís sochraide bheith á próiseáil ag eaglais pharóiste (An Dlí is Infheidhme — GDPR & an tAcht um Chosaint Sonraí 2018)
Rinne duine aonair gearán in aghaidh eaglais pharóiste maidir le sonraí pearsanta an duine aonair bheith á bpróiseáil mar thoradh ar sheirbhís sochraide duine muinteartha ar fhreastail an duine aonair uirthi bheith á beoshruthú agus á taifeadadh. Rinne an duine aonair gearán freisin maidir le heaspa trédhearcachta faoin taifeadadh bheith á dhéanamh.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil chothrom sonraí pearsanta (An Dlí is Infheidhme — an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018)
D’eisigh ábhar sonraí gearán chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) i gcoinne a fhostóra (“rialaitheoir sonraí”) maidir le próiseáil a shonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). Mhínigh an t-ábhar sonraí don Choimisiún gur tugadh do thríú páirtí (fostóir ionchasach) mionsonraí faoi ní rúnda mar chuid de theistiméireacht. Sula ndearna sé teagmháil leis an gCoimisiún, rinne an t-ábhar sonraí teagmháil leis an rialaitheoir sonraí chun aghaidh a thabhairt ar na húdair imní a bhí aige toisc go raibh sé den tuairim gur próiseáladh a shonraí pearsanta go neamhdhleathach. Ní bhfuair sé freagra sásúil ar an ngearán uaidh, áfach.
Féach Tuilleadh EolaisFoilsiú neamhúdaraithe grianghraif (Réiteach Cairdiúil)
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair a bhain le foilsiú a ngrianghraif in alt a bhí mar chuid de nuachtlitir ionaid oibre gan a dtoiliú a bheith faighte. Chuir an rialaitheoir sonraí, arbh é fostóir earnála poiblí an duine aonair é, in iúl don duine gur chóir go mbeadh toiliú faighte aige chun an grianghraf a úsáid i nuachtlitir an ionaid oibre, ós rud é nárbh é seo an cuspóir a bhfuarthas an grianghraf lena aghaidh. Chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don duine aonair freisin go raibh sárú sonraí tar éis tarlú sa chás seo.
Féach Tuilleadh EolaisGlacadóirí agus próiseáil chothrom
Fuaireamar gearán i gcoinne ghlacadóir príobháideach a cheap foras airgeadais maidir le réadmhaoin an ghearánaigh.
Féach Tuilleadh EolaisÍomhánna CCTV de chustaiméir phróiseáil ar bhealach cothrom agus dlíthiúil
Bhain an gearán seo le sonraí pearsanta an ghearánaigh a phróiseáil i riocht íomhá socair ó phíosa scannánaíochta CCTV a rinneadh i siopa geallghlacadóra, agus an t-íomhá son a scaipeadh ar shiopaí geallghlacadóra eile sa slabhra le nóta rabhaidh do bhaill foirne d’fhonn an gearánach a chosc ar gheallta a chur.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil agus nochtadh neamhdhleathach sonraí catagóirí speisialta
Chuir ábhar sonraí gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) maidir lena mbanc (an rialaitheoir sonraí) mar gur chreid siad go ndearnadh próiseáil go neamhdhleathach ar a sonraí pearsanta. Mhínigh an t-ábhar sonraí go raibh morgáiste acu leis an rialaitheoir sonraí agus gur díoladh an morgáiste seo le banc eile, mar chuid de chomhaontú maidir le hiasacht a dhíol. Rinne an t-ábhar sonraí gearán gur próiseáladh an díolachán seo i ngan fhios dóibh nó gan toiliú uathu agus bhí údar imní sonrach acu maidir leis an rialaitheoir sonraí a bheith ag comhroinnt a seoladh ríomhphoist pearsanta agus uimhir fón póca le banc eile agus mheas siad gur nochtadh iomarcach sonraí pearsanta a bhí i gceist anseo. Cé nach raibh agóid a dhéanamh ag an ábhar sonraí maidir lena n-ainm, seoladh nó uimhir líne talún a bheidh á n-úsáid, chreid siad go raibh a seoladh ríomhphoist agus uimhir fón póca ina sonraí pearsanta a bhí “íogair” agus go raibh nochtadh an chéanna díréireach.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil atá riachtanach chun críche leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag rialaitheoir
Bhí an gearánaí seo fostaithe i siopa atá lonnaithe in ionad siopadóireachta agus bhí baint aige le heachtra i gcarrchlós an ionaid siopadóireachta a bhain le táille an charrchlóis a íoc. Tar éis na heachtra, rinne bainisteoir an charrchlóis gearán le fostóir an ghearánaí agus cuireadh íomhánna ón scannánaíocht CCTV ar fáil d’fhostóir an ghearánaí. Chuir an gearánaí an cheist faoi bhráid an DPC chun a fháil amach an raibh nochtadh na n-íomhánna CCTV dleathach.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil is gá a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh
Bhí an gearánach seo páirteach i dtimpiste i gcarrchlós den fhoirgneamh ina raibh siad ag obair. Rinne bainisteoir an charrchlóis gearán le fostóir an ghearánaigh agus fuair fostóir an ghearánaigh íomhánna ón scannánaíocht CCTV den teagmhas ina dhiaidh sin. Tionscnaíodh imeachtaí araíonachta i gcoinne an ghearánaigh mar gheall ar an teagmhas sa charrchlós. Bhreathnaigh bainisteoir an ghearánaigh agus comhghleacaithe an ghearánaigh ar na híomhánna ón CCTV i gcomhthéacs na n-imeachtaí araíonachta.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil neamhdhleathach a d’eascair as earráid billeála (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (na hAchtanna))
I mí Aibreáin 2018, fuaireamar gearán ó ábhar sonraí a scoir dá bheith ina custaiméir de chuid an rialaitheora sonraí. Dá ainneoin sin, d’aimsigh sí go raibhná sonraí á bpróiseáil fós toisc go raibh sí ag fáil billí ón rialaitheoir sonraí fós. Fuair an gearánach dearbhuithe ó bhéal agus i scríbhinn araon á rá nach raibh uirthi an tsuim sa bhille a íoc.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil neamhdhleathach sonraí catagóirí speisialta
Chuir ábhar sonraí gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) in aghaidh a bhfostóra (an rialaitheoir sonraí) maidir lena gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 9 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Mhínigh an t-ábhar sonraí don DPC go bhfuair siad teastas breoiteachta ón Dochtúir Teaghlaigh (GP) agus mar sin gur thug siad an teastas breoiteachta dá bhfostóir, i gclúdach litreach le seoladh Oifigeach Leighis na heagraíochta. D’oscail comhalta foirne a bhí ag feidhmiú i ról bainisteora an teastas leighis; ní raibh ról mar oifigeach leighis ag an duine seo, áfach. Sula ndearna sé/sí teagmháil leis an DPC rinne an t-ábhar sonraí teagmháil lena bhfostóir chun aghaidh a thabhairt ar na húdair imní a bhí á mbrath acu go raibh sonraí pearsanta a bhí íogair á bpróiseáil go neamhdhleathach; mar sin féin, ní bhfuair siad aon fhreagra maidir lena ngearán.
Féach Tuilleadh EolaisTuilleadh próiseála chun críche atá comhréireach
Aturnae a d’fhostaigh aturnae eile chun ionadaíocht a dhéanamh orthu in imeachtaí dlíthiúla a bhí sa ghearánach. Chlis ar an gcaidreamh idir an gearánach agus an t-aturnae agus rinne an t-aturnae casaoid maidir le hiompar an ghearánaigh le Dlí-Chumann na hÉireann. Sa chomhthéacs sin, thug an t-aturnae faisnéis áirithe faoin ngearánach do Dhlí-Chumann na hÉireann. Chuir an gearánach an t-ábhar ar aghaidh chuig an DPC, agus líomhain gur sháraigh an t-aturnae reachtaíocht um chosaint sonraí.
Féach Tuilleadh EolaisÚsáid a bhaint as sonraí faoi shuímh chun éilimh ar chostais a dhearbhú
Bhí an gearánach sa chás seo ina iarfhostaí de chuid soláthraí seirbhíse reachtúil, a raibh sé i gceist ina chuid oibre tiomáint chuig láithreacha arna sannadh ag a fhostóir. I gcás ina raibh sé sin ina chúis le héilimh ar am breise nó cothabháil, chomhlánaíodh an gearánach foirmeacha arna gur ar fáil ag a fhostóir, inar tugadh mionsonraí maidir le nithe ar nós dátaí agus láithreacha ábhartha, uimhreacha tagartha um sheoladh, agus na méideanna a bhí á n-éileamh.
Féach Tuilleadh Eolais