Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Glacadóirí agus próiseáil chothrom

Fuaireamar gearán i gcoinne ghlacadóir príobháideach a cheap foras airgeadais maidir le réadmhaoin an ghearánaigh.

Rinneadh líomhaintí sa ghearán gur sáraíodh na hAchtanna ar an mbunús go ndearna an glacadóir na nithe seo a leanas:

  • nach raibh siad cláraithe mar rialaitheoir de bhun alt 16 de na hAchtanna,
  • nach raibh bonn dleathach acu chun sonraí pearsanta an ghearánaigh a fháil ón bhforas airgeadais,
  • go ndearna siad próiseáil bhreise neamhdhleathach ar shonraí pearsanta trí bhíthin faisnéis a nochtadh do chuideachta a d’fhostaigh an glacadóir chun an ghlacadóireacht a bhainistiú (“gníomhaire bainistithe” an ghlacadóra).
  • gur oscail siad cuntas bainc in ainm an ghearánaigh,
  • go bhfuair siad ID agus PIN na maoine ó na Coimisinéirí Ioncaim, rud a thug rochtain don ghlacadóir ar chuntas pearsanta ar líne an ghearánaigh leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus
  • gur chuir siad an réadmhaoin faoi árachas in ainm an ghearánaigh.

I ndiaidh imscrúdú a dhéanamh de bhun alt 10 de na hAchtanna, dheimhnigh an DPC gur fhostaigh an foras airgeadais an glacadóir de bhun Ghníomhas Ceapacháin Glacadóra (DOA) rud a dheonaigh cumhachtaí don ghlacadóir de bhun an Conveyancing Act 1881, agus de bhun an ghníomhais mhorgáiste idir an gearánach agus an foras airgeadais. Ar a bheith ceaptha dóibh, scríobh an glacadóir chuig an ngearánach lena chur in iúl dó gur ceapadh iad mar ghlacadóir maidir le réadmhaoin an ghearánaigh agus chuir cóip den DOA faoi iamh. Cheap an glacadóir cuideachta ar leithligh mar ghníomhaire bainistithe chun cabhrú le bainistiú na réadmhaoine. Le linn na glacadóireachta, rinne an glacadóir idirchaidreamh leis na Coimisinéirí Ioncaim d’fhonn aon cháin amuigh ar an réadmhaoin a íoc, amhail an Cháin Mhaoine Áitiúil (LPT). Deimhníodh gur oscail an glacadóir cuntas bainc chun críche ioncam ón réadmhaoin a bhainistiú. Bhí ainm an ghearánaigh mar chuid d’ainm an chuntais bainc. Deimhníodh freisin gur tógadh amach polasaí árachais i ndáil leis an réadmhaoin. Rinneadh tagairt d’ainm an ghearánaigh ar an bpolasaí árachais.

Ar dtús, bhreithnigh an DPC cibé an raibh ceanglas ar ghlacadóir clárú mar rialaitheoir sonraí de bhun alt 16 de na hAchtanna, agus cibé an raibh feidhm leis na díolúintí a tugadh san Acht um Chosaint Sonraí 1988 (Alt 16(1)) Rialacháin 2007 (na “Rialacháin Chlárúcháin”). Ba é tuairim an DPC nach raibh ar ceanglas ar ghlacadóir clárú, mar gheall go raibh feidhm leis an díolúine faoi rialachán 3(1)(g) de na Rialacháin Chlárúcháin don ghlacadóir.

Thug Rialachán 3(1)(g) díolúine do rialaitheoirí sonraí a raibh sonraí á bpróiseáil acu i ndáil lena gcustaiméirí. Agus machnamh déanta aige ar an gcaidreamh idir an gearánach agus an glacadóir, ba é tuairim an DPC é go raibh feidhm leis an díolúine i ndáil le gníomhaíochtaí an ghlacadóra maidir leis an ngearánach.

Ansin, bhreithnigh an DPC cibé an raibh bonn dleathach ag an nglacadóir chun na sonraí pearsanta a fháil ón bhforas airgeadais, chun iad a nochtadh don ghníomhaire bainistithe, agus cibé arbh ionann an phróiseáil sin agus próiseáil bhreise nach raibh ag teacht leis an gcuspóir bunaidh faoina bhfuarthas iad de bhun alt 2(1)(c)(ii) de na hAchtanna. Bhí morgáiste ag an ngearánach leis an bhforas airgeadais a bhí i riaráistí. Faoi alt 19(1)(ii) den Conveyancing Act 1881, d’fhéadfadh an foras airgeadais glacadóir a cheapadh chomh luath agus a bhí an fiachas ar an morgáiste le híoc. Faoi alt 2A(1)(b)(i) de na hAchtanna, ceadaítear sonraí pearsanta a phróiseáil sa chás go bhfuil gá leis an bpróiseáil “chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh”. Ba chonradh idir an t-ábhar sonraí agus an foras airgeadais a bhí sa ghníomhas morgáiste, agus in imthosca nach rabhthas ag cloí le téarmaí an chonartha, bhí ceapadh an ghlacadóra ag an bhforas airgeadais riachtanach chun an conradh a chomhlíonadh. Ba é tuairim an DPC go raibh bonn dleathach ag an nglacadóir chun sonraí pearsanta an ghearánaigh a fháil ón bhforas airgeadais.

Fuair an DPC freisin go raibh bonn dleathach ag an nglacadóir de bhun alt 2A(1)(b)(i) de na hAchtanna maidir le sonraí pearsanta a nochtadh dá ghníomhaire bainistithe, chun cabhrú le bainistiú na glacadóireachta ó lá go lá. Fuair an DPC go bhfuair an foras airgeadais sonraí pearsanta an ghearánaigh chun críocha comhaontú iasachta a dhéanamh. Ba chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach é sin. Bhí nochtadh sonraí pearsanta an ghearánaigh ag an bhforas airgeadais don ghlacadóir, agus ag an nglacadóir don ghníomhaire bainistithe de réir an chuspóra tosaigh dá bhfuarthas na sonraí pearsanta. Ní próiseáil bhreise de bhun alt 2(1)(c)(ii) de na hAchtanna a bhí sa phróiseáil a rinneadh le linn na glacadóireachta.

Rinne an DPC measúnú ar cibé an raibh bonn dleathach ag an nglacadóir cuntas bainc a oscailt in ainm an ghearánaigh. Mhaígh an gearánach gur osclaíodh an cuntas sin gan fios a bheith acu agus gan toiliú uathu. Tá toiliú ar cheann de na boinn dhleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil faoi na hAchtanna. Bhreithnigh an DPC cibé an raibh bonn dleathach eile ag an nglacadóir chun próiseáil a dhéanamh faoi alt 2A(1)(d) de na hAchtanna, ar bhonn leasanna dlisteanacha. Chun measúnú a dhéanamh ar an mbonn dleathach sin, chuir an DPC cás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU), Rīgas C-13/161, san áireamh, ina leagtar amach tástáil trí chéime maidir le próiseáil ar bhonn leasanna dlisteanacha, mar seo a leanas:

  • caithfidh próiseáil sonraí pearsanta a bheith ar mhaithe le dul i mbun leasa dlisteanaigh an rialaitheora nó tríú páirtí,
  • caithfidh an phróiseáil a bheith riachtanach maidir leis an gcuspóir agus na leasanna dlisteanacha a bhfuiltear ina mbun, agus
  • ní bheidh tosaíocht ag cearta agus saoirsí bunúsacha an duine i gceist.

Ba é tuairim an DPC gur bheart réasúnach a bhí in oscailt an chuntais bhainc d’fhonn an t ioncam agus caiteachas le linn glacadóireachta a bhainistiú. Mhaígh an glacadóir gur ghá tagairt a dhéanamh d’ainm an ghearánaigh mar chuid d’ainm an chuntais bainc lena chinntiú go gcuirfí an ghlacadóireacht i gcrích go héifeachtúil agus chun mearbhall a sheachaint maidir le glacadóireachtaí éagsúla. Cé go bhféadfaí cuntas a oscailt gan ainm an ghearánaigh a úsáid, chuir an DPC breithiúnas an CJEU sa chás Huber v Bundesrepublik C-524/062 san áireamh, ina bhfuair an Chúirt go bhféadfaí a mheas go raibh gá le próiseáil sa chás gur thug sin deis an cuspóir ábhartha a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla. Ba é tuairim an DPC go raibh gá, mar sin, le tagairt a dhéanamh d’ainm an ghearánaigh ar an gcuntas bainc, mar gheall gur thug sin deis dul i mbun leasanna dlisteanacha an ghlacadóra ar bhealach níos éifeachtúla.

Maidir leis an tríú ghné den tástáil i ndáil le leasanna dlisteanacha (a éilíonn cleachtadh comhardaithe, agus cearta agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh), ba é tuairim an DPC go bhfágfadh an tagairt d’ainm an ghearánaigh ar an gcuntas go mbeadh daoine a raibh rochtain acu ar an gcuntas bainc, nó ar tugadh ainm an chuntais bainc dóibh, ábalta an duine a shainaithint. Rinne an DPC na ceisteanna sin a mheas in aghaidh na gcostas riarachán agus airgeadais a thiocfadh as an ngá go gcuirfeadh an glacadóir nós imeachta eile i bhfeidhm maidir le hainmneacha a bhronnadh ar chuntais. Agus gach rud san áireamh, ní bhfuair an DPC go raibh tosaíocht ag cearta bunúsacha an ghearánaigh ar leasanna dlisteanacha an ghlacadóra. Mar thoradh air sin, bhí bonn dleathach ag an nglacadóir chun ainm an ghearánaigh a phróiseáil chun críocha leasanna dlisteanacha an ghlacadóra.

Maidir leis an líomhain go bhfuair an glacadóir rochtain ar chuntas pearsanta an ghearánaigh leis na Coimisinéirí Ioncaim, fuair an DPC nach bhfuair an glacadóir rochtain ar chuntas pearsanta an ghearánaigh leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar a líomhnaíodh. Bhí an glacadóir ag gníomhú mar ghníomhaire cánach i ndáil leis an gCáin Mhaoine Áitiúil agus níor thug sé sin rochtain ar chuntas pearsanta leis na Coimisinéirí Ioncaim. Maidir leis an bpolasaí árachais a tugadh amach in ainm an ghearánaigh, ba é tuairim an DPC nár phróiseáil an glacadóir sonraí pearsanta sa chás sin.

Le linn an imscrúdaithe, scrúdaigh an DPC cibé ar chloígh an glacadóir leis na prionsabail um chosaint sonraí faoi alt 2 de na hAchtanna. I ndáil leis sin, scrúdaigh an DPC an comhfhreagras tosaigh a sheol an glacadóir chuig an ngearánach inar cuireadh a gceapachán in iúl. Is é a bhí sa chomhfhreagras sin, litir chumhdaigh agus cóip den DOA. Rinneadh measúnú ar an litir chumhdaigh agus ar an DOA lena chinneadh cibé ar chomhlíon an glacadóir a oibleagáid maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáil go cothrom. Éilítear faoi alt 2D de na hAchtanna go soláthródh rialaitheoir sonraí faisnéis faoi aitheantas an rialaitheora sonraí, faisnéis faoi na cuspóirí beartaithe dá bhféadfar na sonraí a phróiseáil, na catagóirí sonraí atá i gceist agus aon fhaisnéis eile a mbeadh gá léi le go ndéanfaí próiseáil chothrom. Ba é tuairim an DPC gur leor an comhfhreagras chun aitheantas an rialaitheora sonraí (agus an rialaitheora sonraí tosaigh) a chur in iúl don ghearánach. Mar sin féin, ba é tuairim an DPC, cé nach raibh gá le glacadóir chun faisnéis chomhiomlánaithe a thabhairt faoi gach cuspóir dá raibh na sonraí pearsanta le próiseáil, gur cheart go dtabharfaí imlíne ghinearálta don ghlacadóir ar na cuspóirí dá raibh sé beartaithe na sonraí pearsanta a phróiseáil, agus nach ndearnadh sin sa chás seo. Maíodh freisin gur cheart go mbeadh na catagóirí sonraí pearsanta a bhí á gcoinneáil ag an nglacadóir i ndáil leis an ngearánach curtha ar fáil aige, ach nach ndearnadh sin. I bhfianaise an mhéid sin, ba é tuairim an DPC nár chomhlíon an glacadóir alt 2D de na hAchtanna.

Léiríonn an cinneadh sin ón DPC go bhféadfaidh glacadóirí príobháideacha agus a ngníomhairí sonraí pearsanta iasachtaithe a phróiseáil go dleathach sa chás go bhfuil gá leis an bpróiseáil sin d’fhonn sócmhainní urraithe a réadú nó a bhainistiú. Ba chóir go mbeadh ábhair sonraí ar an eolas go bhféadfaí faisnéis fúthu a phróiseáil gan toiliú uathu in imthosca ina ndéanann gníomhas morgáiste soláthar do ghlacadóir a cheapadh. Ag an am céanna, ní mór do ghlacadóirí cloí lena gcuid oibleagáidí faoi na hAchtanna agus faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí chun faisnéis faoi phróiseáil a chur ar fáil d’ábhair sonraí ar leithligh ag tús na glacadóireachta. Tá an cinneadh seo ina ábhar achomhairc ón ngearánach chun na Cúirte Cuarda faoi láthair.

  1. Valsts policijas Rīgas reģiona pārvaldes Kārtības policijas pārvalde v Rīgas pašvaldības SIA ‘Rīgas satiksme’ Cás C-13/16
  2. Heinz Huber v Bundesrepublik Deutschland Cás C-524/06
  3. Rinneadh measúnú ar phróiseáil sonraí pearsanta i gcás comhchosúil ina ndearna an gearánach céanna gearán i gcoinne an ghníomhaire bhainistithe sa chás seo. Ba é tuairim an DPC, sa chinneadh sin, go raibh leas dlisteanach ag an ngníomhaire bainistithe chun sonraí pearsanta an ghearánaigh a phróiseáil chun críocha an réadmhaoin a chur faoi árachas.