Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Próiseáil atá riachtanach chun críche leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag rialaitheoir

Bhí an gearánaí seo fostaithe i siopa atá lonnaithe in ionad siopadóireachta agus bhí baint aige le heachtra i gcarrchlós an ionaid siopadóireachta a bhain le táille an charrchlóis a íoc. Tar éis na heachtra, rinne bainisteoir an charrchlóis gearán le fostóir an ghearánaí agus cuireadh íomhánna ón scannánaíocht CCTV ar fáil d’fhostóir an ghearánaí. Chuir an gearánaí an cheist faoi bhráid an DPC chun a fháil amach an raibh nochtadh na n-íomhánna CCTV dleathach.

Socraíodh gurbh é an t-ionad siopadóireachta an rialaitheoir sonraí mar go raibh smacht aige ar shonraí pearsanta an ghearánaí agus ar a n-úsáid ar mhaithe leis na stadáin a thaispeáint d’fhostóir an ghearánaí. Is éard a bhí sna sonraí ná íomhánna den ghearánaí agus ba shonraí pearsanta iad toisc gur bhain sé leis an ngearánaí mar dhuine aonair agus go bhféadfaí an gearánaí a aithint uaidh.

D’áitigh an rialaitheoir sonraí go raibh cúis dhlisteanach aige leis na híomhánna CCTV a thaispeáint d’ fhostóir an ghearánaí, mar shampla, chun cosc a chur ar dhaoine imeacht as an gcarrchlós gan íoc agus chun an comhaontú a bhí aige le fostóir an ghearánaí maidir lena fhoireann oibre a bheith ag páirceáil sa charrchlós a tharraingt siar. Thug an DPC faoi deara go gcaithfidh bunús dleathach a bheith ag rialaitheoir sonraí le go bhféadfaidh sé próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta duine. Ar cheann de na bunúis dlí ar féidir le rialaitheoir sonraí brath orthu tá go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun críocha cúrsaí dlisteanacha a bhfuil an rialaitheoir sonraí ag plé leo. (Ba é seo an bunús dlí a raibh an rialaitheoir sonraí ag brath air anseo.) D’admhaigh an DPC go raibh leas dlisteanach ag an rialaitheoir sonraí, i bprionsabal, maidir le sonraí pearsanta an ghearánaí a nochtadh ar na cúiseanna a chuir sé chun cinn. Mar sin féin, ní raibh sé “riachtanach” don rialaitheoir sonraí an CCTV a nochtadh d’fhostóir an ghearánaí chun na leasanna dlisteanacha sin a shaothrú. Bhí sé seo amhlaidh toisc go raibh sé de rogha ag an bhfreastalaí carrchlóis, a bhí fostaithe ag an rialaitheoir sonraí, céimeanna a ghlacadh i gcoinne an ghearánaí, chun na leasanna dlisteanacha a bhaint amach, agus níor ghá go mbeadh fostóir an ghearánaí páirteach ann. Mar shampla, bhí lánrogha ag an bhfreastalaí carrchlóis cosc a chur ar an ngearánach an carrchlós a úsáid gan fostóir an ghearánaí a bheith bainteach leis. Ar an mbonn sin, chinn an DPC nár ghá don rialaitheoir sonraí fhostóir an ghearánaí a chur ar an eolas faoin eachtra ná na stadáin CCTV a chur ar fáil dó. Dá réir sin, ní raibh aon bhunús dlí ag an rialaitheoir sonraí chun é sin a dhéanamh agus sháraigh sé an reachtaíocht um chosaint sonraí.

Key Takeaway

  • Faoi Airteagal 6 den GDPR, ní féidir sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin sa chás go mbíonn bonn dleathach ann chun é sin a dhéanamh. Tá bunús dlí amháin den chineál sin faoi Airteagal 6(1)(f), lena ndéantar foráil go bhfuil próiseáil dleathach más gá agus a mhéid is gá chun críche na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, ach amháin i gcás ina bhfuil na leasanna sin ag gabháil treise ar leasanna nó cearta bunúsacha nó saoirsí bunúsacha an té lena mbaineann na sonraí. Ba cheart do rialaitheoirí sonraí a bheith ar an eolas, áfach, nach leor a thaispeáint go bhfuil leas dlisteanach ann ó thaobh na sonraí pearsanta a phróiseáil; Ceanglaítear le hAirteagal 5(1)(c) agus le hAirteagal 6(1)(f) ar rialaitheoirí sonraí a bheith in ann a léiriú go bhfuil an phróiseáil atá i gceist teoranta don mhéid atá “riachtanach” chun críche na leasanna dlisteanacha sin.