Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil
Tuilleadh próiseála chun críche atá comhréireach
Aturnae a d’fhostaigh aturnae eile chun ionadaíocht a dhéanamh orthu in imeachtaí dlíthiúla a bhí sa ghearánach. Chlis ar an gcaidreamh idir an gearánach agus an t-aturnae agus rinne an t-aturnae casaoid maidir le hiompar an ghearánaigh le Dlí-Chumann na hÉireann. Sa chomhthéacs sin, thug an t-aturnae faisnéis áirithe faoin ngearánach do Dhlí-Chumann na hÉireann. Chuir an gearánach an t-ábhar ar aghaidh chuig an DPC, agus líomhain gur sháraigh an t-aturnae reachtaíocht um chosaint sonraí.
Fuarthas gurbh é aturnae an ghearánaigh an rialaitheoir sonraí, de bharr gur rialaigh siad ábhar agus úsáid shonraí pearsanta an ghearánaigh chun críche seirbhísí dlí a chur ar fáil don ghearánach. Bhain na sonraí i gceist le (i measc nithe eile) faisnéis faoi imeachtaí dlíthiúla an ghearánaigh agus ba shonraí pearsanta iad de bharr go bhféadfaí an gearánach a shainaithint leo agus gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair.
Thug an DPC an dlínse atá ag Dlí-Chumann na hÉireann plé le casaoidí a bhaineann le mí-iompar aturnaetha (de bhua na nAchtanna Aturnaethe 1954-2015) ar aird. Ghlac sé leis freisin go bhféadfadh a bheith san áireamh leis an gcineál mí-iompair a fhéadfaidh Dlí-Chumann na hÉireann a imscrúdú, aon iompar a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chlú na gairme. Thug an DPC ar aird freisin go nglacann Dlí-Chumann na hÉireann leis an dlínse chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéanann aturnaetha faoi aturnaetha eile (agus ní ghearáin a dhéanann cliaint nó a dhéantar thar a gceann agus iad sin amháin) agus ceanglaítear lena chód cleachtais gur cheart, i gcás go gcreideann aturnae go bhfuil mí-iompar ar bun ag aturnae eile, é sin a thuairisciú chuig Dlí-Chumann na hÉireann. Dá bharr sin, mheas an DPC go raibh an gearán a rinne an rialaitheoir sonraí le Dlí-Chumann na hÉireann déantar i gceart agus gur faoi Dhlí-Chumann na hÉireann a bhí sé breith a thabhairt ar fhiúntas ghearáin.
Rinne an DPC breithniú ansin ar cibé an ndearna nó nach ndearna an rialaitheoir sonraí sárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí. Maidir leis sin, thug an DPC ar aird go gcaithfidh rialaitheoirí sonraí cloí le prionsabail dlí áirithe atá leagtha amach sa reachtaíocht ábhartha. Rud a bhí ábhartha go sonrach don ghearán seo ab ea an ceanglas go gcaitear sonraí a fháil le haghaidh críche sonraithe agus nach bhfuil tuilleadh próiseála le déanamh orthu ar shlí a bheadh ar neamhréir leis na críocha sin. Fuair an DPC gurb é an fáth ar bailíodh/próiseáladh sonraí pearsanta an ghearánaigh ar dtús ná chun críche seirbhísí dlí a chur ar fáil don ghearánach. Tharraing an DPC ar aird go ndearna Dlí-Chumann na hÉireann tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta an ghearánaigh nuair a rinne an rialaitheoir sonraí gearán leis. De bharr go raibh an tuilleadh próiseála sin le haghaidh críche a bhí difriúil ón gcríoch ar chuici a bailíodh iad, b’éigean don DPC breithniú a dhéanamh ar cibé an raibh nó nach raibh an chríoch taobh thiar den tuilleadh próiseála ar neamhréir leis an gcríoch bhunaidh.
Dheimhnigh an DPC nach gá gur chríoch ar neamhréir í críoch dhifriúil agus gur chóir neamhréir a mheasúnú ar bhonn de réir an cháis i gcónaí. Sa chás seo, mheas an DPC, de bharr gur chun leas an phobail é a chinntiú go rialáiltear gairm an dlí i gceart, nach raibh an chríoch ar chuici a ndearnadh tuilleadh próiseála ar shonraí an ghearánaigh ar neamhréir leis an gcríoch ar chuici a bailíodh iad ar dtús . Ar an mbonn sin, ghníomhaigh an rialaitheoir sonraí de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí.
Thug an DPC ar aird ansin, anuas ar cheanglais dlí eile, go gcaithfidh rialaitheoir sonraí bunús dlí a bheith aige chun sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba é an bunús dlí a d’fhéach an rialaitheoir sonraí le brath air sa chás seo, gur ghá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha a bhí á saothrú ag an rialaitheoir sonraí.
Maidir leis sin, fuair an DPC go raibh leas dlisteanach ag an rialaitheoir sonraí in aon iompar a d’fhéadfadh míchlú a tharraingt ar ghairm an dlí. Chomh maith leis sin, ceanglaíodh ar an rialaitheoir sonraí le Cód Iompair Dhlí-Chumann na hÉireann mí-iompar tromchúiseach a thuairisciú chuig Dlí-Chumann na hÉireann. Mar thoradh air sin, ba é tuairim an DPC go raibh bunús dlí bailí ag an rialaitheoir sonraí chun sonraí pearsanta an ghearánaigh a nochtadh agus nár sháraigh sé an reachtaíocht.
Faoi Airteagal 6 den GDPR, caithfidh bunús dlí bailí a bheith ag rialaitheoir sonraí chun sonraí pearsanta a phróiseáil. Déantar foráil le bunús dlí amháin den sórt sin, le hAirteagal 6(1)(f) den GDPR, nach mbeidh próiseáil dleathach ach amháin más gá, agus a mhéid is gá í a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí. Mar sin féin, déantar foráil le hAirteagal 6(4) den GDPR, i gcás go ndéantar próiseáil sonraí pearsanta chun críche eile seachas an chríoch ar chuici a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, nach gceadaítear sin ach amháin i gcás go mbeidh an tuilleadh próiseála ag luí leis na críocha sin ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos.
Agus rialaitheoirí sonraí ag breithniú cibé an bhfuil próiseáil chun críche eile ag luí leis an gcrích ar chuici a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, ba cheart dóibh na nithe seo a leanas a chur san áireamh (i) aon nasc idir na críocha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu agus na críocha atá leis an tuilleadh próiseála atá beartaithe, (ii) an comhthéacs inar bailíodh na sonraí pearsanta, (iii) cineál na sonraí pearsanta, (iv) na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do na hábhair sonraí ag an tuilleadh próiseála atá beartaithe, agus (v) an bhfuil coimircí iomchuí ann.