Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) an t-údarás neamhspleách náisiúnta atá freagrach as ceart bunúsach daoine aonair san AE a choinneáil chun a gcuid sonraí pearsanta a chosaint. Is é an DPC údarás maoirseachta na hÉireann don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), agus tá feidhmeanna agus cumhachtaí aige freisin a bhaineann le creatlaí rialála tábhachtacha eile, lena n-áirítear Rialacháin e-Príobháideachais na hÉireann (2011) agus Treoir an AE ar a dtugtar an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí.