Seo í Emily Sugrue, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

A collage of pictures depicting technology and data uses, with a woman in the centre image. She is wearing a light grey suit and has long blonde hair.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála.

 

Emily Sugrue

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí le déanaí mar Anailísí Dlí. Roimhe sin, d’oibrigh mé mar aturnae i Nua-Eabhrac agus in California i gcleachtadh a phléann le dlí bunreachtúil na Stát Aontaithe, mar aon leis an dlí agus an beartas rialála agus riaracháin.  Rinne mé iarratas ar an ról mar Anailísí Dlí tar éis dom amharc ar phróifíl cosúil leis an gceann seo, inar tarraingíodh aird ar an deis chun obair i réimse dinimiciúil i ról atá an-oiriúnach don taithí atá agam ar an dlí agus an beartas rialála.

Tá an Coimisiún ar cheann de na gníomhaithe is suntasaí i réimse na príobháideachta agus na cosanta sonraí, ag gníomhú dó mar phríomhrialálaí (nó mar “phríomhúdarás maoirseachta”) le haghaidh roinnt cuideachtaí ilnáisiúnta atá lonnaithe san Aontas Eorpach. Ceann amháin de na príomhfheidhmeanna atá ag an gCoimisiún is ea obair i gcomhar le húdaráis chosanta sonraí ar fud an Aontais, á chinntiú go gcuirtear an dlí cosanta sonraí i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud na mBallstát.  Mar thoradh air sin, tugann an post seo sa Choimisiún deis iontach chun cabhrú le tírdhreach an dlí cosanta sonraí a mhúnlú ar shlí a dtéann i bhfeidhm ar dhaoine aonair laistigh d’Éirinn agus lasmuigh di araon.

Choinnigh mé mo cháilíochtaí gairmiúla ar bun ó thosaigh mé ag obair sa Choimisiún, agus táim ag tnúth le cur leis na cáilíochtaí sin fad a bheidh mé fostaithe anseo.  D’urraigh an Coimisiún mé chun tabhairt faoi chúrsaí chun deimhniú gairmiúil príobháideachta a ghnóthú.  Ina theannta sin, tá súil agam leas a bhaint as an scéim oideachais leantaigh a thairgeann an Coimisiún chun staidéar a dhéanamh ar an Teist Aistrithe do Dhlíodóirí Cáilithe ionas go n-éireoidh mé i m’aturnae cáilithe in Éirinn. 

Mar Anailísí Dlí sa Choimisiún, oibrím ar ghearáin agus fiosrúcháin intíre a bhaineann le cuideachtaí príobháideacha agus le heagraíochtaí earnála poiblí. Cabhraím le feasacht an phobail a mhéadú ar an dlí cosanta sonraí agus ar an dlí príobháideachta trí thaighde agus dréachtú a dhéanamh ar ábhair atá le foilsiú ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.  Tugaim tacaíocht dlí do m’aonad freisin, agus mé ag déanamh taighde ar shaincheisteanna dlí a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo.  Bíonn deis agam mo thaithí ar an dlí riaracháin a úsáid agus a chomhroinnt le m’fhoireann freisin le linn feidhmeanna rialála an Choimisiúin a chur i gcrích.  Táim ag tnúth le leanúint le rannchuidiú a dhéanamh laistigh den fhoireann agus le leas a bhaint as an deis chun ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún ag comhdhálacha agus imeachtaí.

Nuair a tairgeadh an ról mar Anailísí Dlí dom, bhí mé tógtha faoin réimse cleachtais, ach caithfidh mé a admháil nach raibh mé cinnte faoin atmaisféar.  Chonaic mé ó shin i leith, áfach, go bhfuil daoine an Choimisiúin cairdiúil, cuidiúil, gafa agus thar a bheith eolach ar a gcuid oibre.

Má tá tú ag lorg úsáid fhíorspéisiúil is féidir leat a bhaint as do scileanna dlí agus ag lorg na deise chun rannchuidiú le réimse den dlí a bhíonn ag forbairt go tapa, mholfainn go mór duit tabhairt faoi ról an Anailísí Dlí sa Choimisiún.