Seo í Clare Barry, Coimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

A collage of pictures depicting technology and data uses, with a woman in the centre image. She is wearing a black gown over a white shirt and has shoulder-length dark brown hair.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála.

 

Clare Barry

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí mar Thaighdeoir Dlí i mí Eanáir 2020, tar éis dom dlí a chleachtadh mar Abhcóide le roinnt blianta. Chríochnaigh mé mo chéim máistir sa dlí agus bhí mé ag tabhairt faoi PhD sa dlí nuair a thosaigh mé ag obair sa Choimisiún freisin.  Shíl mé ag an am go mbeadh an Coimisiún ina áit tharraingteach oibre do dhlíodóir, agus bhí an ceart agam. Bíonn an dlí cosanta sonraí ag athrú i gcónaí, agus tá ról lárnach le himirt ag an gCoimisiún, mar rialálaí, sa phróiseas sin.

Mar Thaighdeoir Dlí, thug mé tacaíocht dlí don rud ar a dtugtar an tAonad um Ghnóthaí Túslíne anois, aghaidh thosaigh an Choimisiúin.  Tar éis dom ardú céime a fháil chuig an ról mar Choimisinéir Cúnta, Dlíodóir Rialála Sinsearach, leanaim le tacaíocht dlí a thabhairt don Aonad um Ghnóthaí Túslíne, a bhfuil borradh ollmhór tagtha faoina shainchúram. Cumhdaíonn an tAonad um Ghnóthaí Túslíne réimsí amhail Faisnéis, Measúnú ar Ghearáin, Luathréiteach, Fógraí faoi Sháruithe agus Idirghabháil Dhíreach. Rannchuidíonn sé go gníomhach le feidhmeanna fiosrúcháin an Choimisiúin freisin, lena n-áirítear fiosrúcháin náisiúnta a stiúradh. Fágann sé sin gurb an-éagsúil a bhíonn an cineál caidrimh a dhéantar leis an bpobal agus le heagraíochtaí, agus raon leathan cásanna i gceist leis. Mar sin, bíonn ríthábhacht ag baint le heolas leathan dlí maidir le cuspóirí an Aonaid ina iomláine a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tugtar deis shárluachmhar d’Anailísithe Dlí sa Choimisiún a gcuid eolais dlí a úsáid i gcomhthéacs rialála laistigh de pharaiméadair an chreata dlí cosanta sonraí a bhíonn ag athrú i gcónaí.

B’an-dearfach a bhí an cúpla bliain seo a chaith mé ag obair leis an gCoimisiún. Tháinig forbairt shuntasach ar mo ról, agus cuimsíonn sé raon leathan réimsí laistigh den Choimisiún féin anois. Tugann an Coimisiún timpeallacht oibre tháirgiúil chomhghleacúil dá bhaill foirne, mar aon leis na tairbhí a bhaineann le hobair laistigh den státseirbhís. Mholfainn go mór d’aon duine iarratas a dhéanamh ar an ról mar Anailísí Dlí sa Choimisiún.