Seo é Seán Duffy, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

 A collage of pictures depicting technology and data uses, with a photo of Seán Duffy in the centre image.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála.

 

Seán Duffy

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí le déanaí i mí Eanáir 2025.  Roimhe sin, bhí cúlra éagsúil agam sa taighde dlí. Tar éis dom céim a bhaint amach sa Dlí (LL.B.) ó Choláiste na Tríonóide, thosaigh mé ag obair mar thaighdeoir dlí san Údarás Rialála Seirbhísí Dlí.  As sin, thosaigh mé ag obair i ról mar chúntóir breithiúnach (nó mar chléireach) don Chúirt Achomhairc, áit a bhfuair mé léargas ar achomhairc shibhialta, ar an mBinse um CervicalCheck agus ar Bhinse na bhFórsaí Cosanta araon, agus ar dhlínse choiriúil na Cúirte. 

Rud fíormhealltach dom ar dhá chúis ba ea an fhéidearthacht a bhain le hobair leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Tá a mhisean ríthábhachtach, agus bíonn dúshláin a bhíonn ag éirí níos nuaí i gceist lena chuid oibre. Tá an ceart ag gach duine go ndéanfaí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. Cosnaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí an ceart sin. Leagtar amach é sin go follasach sa chéad líne dá ráiteas misin. Leis an sainchúram sin, cumhdaítear gach réimse den saol pearsanta agus den saol poiblí, i sochaí Eorpach atá ag dul faoi athruithe teicneolaíocha claochlaitheacha i láthair na huaire. Is é an toradh atá air sin ná go mbíonn siad siúd a bhfuil an t-ádh orthu obair laistigh den Choimisiún um Chosaint Sonraí ag plé go díreach le saincheisteanna fíorshuimiúla, casta agus ildlínsiúla dlí. 

Chun léargas a thabhairt ar mo ghnáthobair laethúil, is dóigh liom gur sampla foirfe é an lá a bhí agam inné. Chaith mé formhór mo lae ar thrí thionscadal. Bhain sé sin le taighde dlí a dhéanamh ar shaincheisteanna casta a tarraingíodh anuas i ngearán a taisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, breithniú a dhéanamh ar chorpas cásdlí atá ag teacht chun cinn maidir le foráil de chuid an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus achoimre a ullmhú ar reachtaíocht dhigiteach nua de chuid an Aontais Eorpaigh. Is léiriú é sin, dar liom, ar an gcineál timpeallachta a thairgeann an Coimisiún um Chosaint Sonraí, mar atá áit oibre atá chomh dinimiciúil agus atá sé fiúntach. 

Is é sin le rá go molfainn ról an Anailísí Dlí d’aon duine ar mian leis nó léi forbairt go mór agus rannchuidiú le rud éigin atá níos mó fós a fhorbairt.