Rialachán an Choimisiúin (AE) Uimh. 611/2013

an 24 Meitheamh 2013

ar na bearta atá infheidhme d'fhógairt sáraithe ar shonraí pearsanta faoi Threoir 2002/58/CE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar phríobháideacht agus cumarsáid leictreonach

Murar féidir leat, tar éis na tréimhse trí lá seo, an fhaisnéis iomlán a thabhairt go fóill a cheanglaíonn an Rialachán ar an sárú ar shlándáil sonraí, ceanglófar ort údar réasúnaithe a chur faoi bhráid na hOifige seo maidir le cén fáth nach bhfuil an fhaisnéis ar fáil. Déan teagmháil leis an rannóg um shárú ar shonraí, le do thoil, ag +353 1 7650100 má bhaineann an cás seo leat. Leagtar amach an fhaisnéis nach mór a sholáthar san fhógra in Aguisín I den Rialachán. Tá fáil ar fhoirm shlán ar líne chun an fógra i leith an tsáraithe ar shlándáil sonraí a dhéanamh.

Cliceáil anseo chun d'fhógraí a dhéanamh

Tabhair faoi deara nach mbaineann na riachtanais seo ach le soláthraithe teileachumarsáide agus seirbhíse idirlín amhail a shainítear faoi IR 336 de 2011. Níor cheart do rialtóirí sonraí atá cuimsithe ag Cód Cleachtais um Shárú ar Shlándáil Sonraí na hOifige seo an fhoirm seo a úsáid chun sárú ar shlándáil sonraí a fhógairt.