Cinneadh maidir le Twitter International Company - Aibreán 2022

Dáta an Chinnidh: 27 Aibreán 2022

Taisceadh gearán go díreach leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) ar an 02 Iúil 2019 faoi Twitter International Limited (“Twitter”), agus rinne an DPC an gearán sin a láimhseáil ar an mbonn sin de réir an róil atá aige ina phríomhúdarás maoirseachta.

Líomhain an gearánaí, gur theip ar Twitter iarraidh ar léirscriosadh a bhí déanta aige a chomhlíonadh, i ndiaidh dó a chuntas Twitter a chur ar fionraí, laistigh den amscála reachtúil. Ina theannta sin, líomhain an gearánaí gur iarr Twitter air cóip dá aitheantas ar a raibh grianghraf a chur ar fáil, gan aon bhunús dlí leis, d’fhonn an iarraidh a chur i gcrích. Agus ar deireadh, líomhain an gearánaí go raibh a chuid sonraí pearsanta coinnithe ag Twitter i ndiaidh iarraidh ar léirscriosadh a bheith déanta aige gan aon bhunús dlí acu sin a dhéanamh.

Cé gur duine atá ina chónaí sa Ríocht Aontaithe a thaisc an gearán go díreach leis an DPC, bhreithnigh an DPC go raibh cineál na n-oibríochtaí próiseála sonraí a ndearnadh gearán faoi amhail is go mbeadh tionchar suntasach, nó gur dócha go mbeadh tionchar suntasach acu, ní hamháin ar an ábhar sonraí sonrach atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a rinne an gearán ach ábhair sonraí trí chéile ar fud an Aontais Eorpaigh i gcúinsí ina bhféadfadh ábhair sonraí a bheith faoi réir a gcuntas a chur ar fionraí agus go mbeidís ag iarraidh iarraidh ar léirscriosadh a dhéanamh. Dá bhrí sin, chinn an DPC gur próiseáil é an cineál próiseála a ndearnadh gearán faoi a shásaíonn an sainmhíniú atá tugtha ar phróiseáil trasteorann faoi Airteagal 4(23)(b) den GDPR.

I ndiaidh don DPC idirghabháil a dhéanamh, chomhlíon Twitter iarraidh ar léirscriosadh an ghearánaí gan aon ghá dó cóip dá aitheantas a chur ar fáil. Mar sin féin, tugann an DPC ar aird gur theip ar Twitter an iarraidh ar léirscriosadh a bhí déanta ag an ngearánaí a chomhlíonadh laistigh den amscála reachtúil.

Lean an chinnteoireacht an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 60 den GDPR maidir le próiseáil trasteorann. Bhí scrúdú arna dhéanamh ag an DPC ar an ngearán, lena n-áirítear iarracht an gearán a réiteach go cairdiúil; Dréacht-Chinneadh arna scaipeadh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Ábhartha; breithniú cúramach an DPC ar gach agóid ábhartha agus réasúnach a fuarthas, agus sa chás seo lean an DPC roinnt de na hagóidí ábhartha agus réasúnacha a fuarthas; Dréacht-Chinneadh Athbhreithnithe a scaipeadh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Ábhartha; an Cinneadh Deiridh a ghlacadh; agus ar deireadh an cinneadh a bhí ar an ngearán a chur in iúl go léir mar chuid den nós imeachta.

Sa chinneadh uaidh, chinn an Coimisiún um Chosaint Sonraí go raibh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí sáraithe ag Twitter mar seo a leanas:

  • Airteagal 5(1)(c) den GDPR mar gur chinn an DPC gurbh ionann ceanglas Twitter go gcaithfeadh an gearánaí a chéannacht a dheimhniú trí chóip dá aitheantas ar a raibh grianghraf a chur ar aghaidh agus sárú ar an bprionsabal a bhaineann le híoslaghdú sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c) den GDPR.
  • Airteagal 6(1) den GDPR mar gur chinn an DPC nár thug Twitter bunús dlí bailí le fios faoi Airteagal 6(1) den GDPR chun cóip d’aitheantas an ghearánaí ar a raibh grianghraf a lorg ar mhaithe lena iarraidh ar léirscriosadh a phróiseáil.  
  • Airteagal 17(1) den GDPR mar gur chinn an DPC go raibh Airteagal 17(1) den GDPR sáraithe ag Twitter, mar go raibh moill mhíchuí i gceist iarraidh an ghearánaí ar léirscriosadh a láimhseáil.
  • Airteagal 12(3) den GDPR mar gur chinn an DPC go raibh Airteagal 12(3) den GDPR sáraithe ag Twitter mar gur theip air an gníomh a glacadh ar a iarraidh ar léirscriosadh de bhun Airteagal 17 den GDPR a chur in iúl dó laistigh de mhí amháin.

I bhfianaise mhéid na sáruithe, d’eisigh an DPC iomardú ar Twitter, de bhun Airteagal 58(2)(b) den GDPR. D’ordaigh an DPC ar Twitter chomh maith, de bhun Airteagal 58(2)(d), athbhreithniú a dhéanamh ar na polasaithe agus nósanna imeachta inmheánacha atá acu i leith iarrataí ar léirscriosadh a láimhseáil chun a chinntiú nach mbeidh gá d’ábhar sonraí cóip d’aitheantas ar a bhfuil grianghraf a chur ar fáil nuair a bhíonn iarrataí ar léirscriosadh á ndéanamh acu, sin mura bhfuil sé ábalta bunús dlí a léiriú le sin a dhéanamh.


Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Twitter International Company Aibreán 2022 (PDF, 9.0 MB).