Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise 2021

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn 2021

De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá an DPC faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an DPC mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an DPC ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí.

Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an CCS de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta.

 

Dáta na hIarrata

Catagóir Iarrthóra

 

Achoimre ar an Iarraidh

An Bhreith a Tugadh

Dáta an Fhreagra

 

18/01/2021

 

Eile

 

Miondealú ar Chostais an Chórais Bainistíochta Cáis (CMS) ó Márta 2018 go dtí dáta na hiarrata. Iarrataí ar thuarascálacha a choimisiúnaíodh maidir leis an Tuarascáil CMS.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

 

12/02/2021

 

01/02/2021

 

Eile

Aighneacht Buiséid an DPC le haghaidh 2021

 

Géilleadh don iarraidh

 

 

11/05/2021

12/02/2021

Grúpa Sainleasa

Faisnéis ar Chaiteachas maidir le hoiliúint seachfhoinsithe agus inmheánach d’Fhoireann DPC ó 2016 go dtí dáta na hiarrata

Géilleadh don iarraidh

 

24/05/2021

Iriseoir

An méid a chaith an DPC ar Chostais Dhlíthiúla Ardcúirte maidir le hAistrithe SA-AE

Géilleadh don iarraidh

13/07/2021

09/07/2021

Eile

Cóip d’Fhéilire an Choimisinéara um Chosaint Sonraí

Géilleadh don iarraidh go páirteach

29/07/2021

11/08/2021

Eile

Loga Sáruithe ar Shonraí Pearsanta ón Chlár ag an DPC ó 25/05/2018 go dtí dáta na hiarrata

Géilleadh don iarraidh

02/09/2021

15/09/2021

Iriseoir

Cóipeanna den chomhfhreagras ábhartha uilig idir an DPC agus OPW/PER maidir le soláthar ceanncheathrún nua don DPC ó 01/09/2020 go dtí dáta na hiarrata

Géilleadh don iarraidh

09/11/2021

20/10/2021

Eile

Iarraidh ar Fhéilirí ag liostáil gníomhaíochtaí laethúla agus cruinnithe ag a raibh an Coimisinéir agus Leas-Choimisinéirí i láthair in 2021

Géilleadh don iarraidh go páirteach

18/11/2021

01/11/2021

Iriseoir

Cóipeanna de chomhfhreagras idir an DPC agus an Roinn Dlí agus Cirt agus DPER maidir leis an leithdháileadh Buiséid 2022 agus aighneachtaí a bhain leis

Géilleadh don iarraidh

02/12/2021