Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise 2020

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn 2020

De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá an DPC faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an DPC mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an DPC ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí.

Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an CCS de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta.

 

Dáta na hIarrata

Catagóir Iarrthóra

 

Achoimre ar an Iarraidh

An Bhreith a Tugadh

Dáta an Fhreagra

 

14/02/2020

 

Iriseoir

 

Miontuairiscí gach cruinniú de Choiste Ardbhainistíochta (SMC) an DPC in 2019

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

 

28/05/2020

 

11/03/2020

 

 

Eile

An líon foirne DPC a fuair deimhniúcháin nó cáilíochtaí sonracha sa chosaint sonraí ó 25 Bealtaine 2018

 

Géilleadh don iarraidh

 

 

15/05/2020

01/06/2020

Iriseoir

Liosta de gach ordú ceannaigh thar €20,000 do 2019 agus don chéad ráithe de 2020

Géilleadh don iarraidh

02/07/2020

10/08/2020

Eile

Liosta de gach imeacht ina ndearna foireann DPC labhairt nó cur i láthair in 2019 mar a tagraíodh dóibh sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain sin

Géilleadh don iarraidh

05/09/2020

18/08/2020

Eile

Cóipeanna de mhiontuairiscí gach cruinniú den bhord (nó údarás dá leithéid) idir Eanáir agus Lúnasa 2020

Géilleadh don iarraidh go páirteach

29/09/2020

04/09/2020

Iriseoir

Liosta de chúrsaí oiliúna, seimineáir agus cur cuir i láthair eagraithe ag an DPC in Oifigí ó Eanáir 2019 go dtí dáta na hiarrata, chomh maith leis na costais a bhain leo agus ainmneacha na soláthraithe cúrsa

Géilleadh don iarraidh

06/10/2020

01/10/2020

Iriseoir

Líon agus Cineál na Sáraithe ar Shonraí a bhí an DPC freagrach astu don bhliain féilire 2019 go dtí go ndearnadh an iarraidh in 2020

Géilleadh don iarraidh

29/10/2020

21/10/2020

Eile

An cás gnó, na hamlínte, próiseas soláthair agus costais a bhain leis an gCóras Bainistíochta Cáis

Géilleadh don iarraidh go páirteach

23/12/2020