Próifíl

Leas-Choimisinéir sa Choimisiún um Chosaint Sonraí is ea Gráinne Hawkes. Tá sí ina ceann um Ghnóthaí EDPB/Idirnáisiúnta agus um Chur Chun Feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.

Ón mbliain 2023 go dtí an bhliain 2024, ba í Gráinne an chéad ataisé sa Bhruiséil de chuid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Sa ról sin, bhí freagracht ar Ghráinne as láithreacht an Choimisiúin sa Bhruiséil a bhunú agus a leathnú. Bhí sí i gceannas ar idirghníomhartha an Choimisiúin le geallsealbhóirí atá lonnaithe sa Bhruiséil, amhail an Coimisiún Eorpach, an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, Eagraíochtaí Sochaí Sibhialta agus Rialaitheoirí Sonraí a bhfuil ionadaithe atá lonnaithe sa Bhruiséil acu.

Tháinig Gráinne isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí den chéad uair sa bhliain 2019 agus d’oibrigh sí mar Dhlíodóir Rialála Sinsearach ar a raibh freagracht as gearáin trasteorann agus as fiosrúcháin ghearánbhunaithe. D’oibrigh sí freisin mar Leas-Choimisinéir ar a raibh freagracht as Fiosrúcháin Mhórscála. Agus í ag obair ag an gCoimisiún, thug Gráinne faoi thréimhse ar iasacht sa Choimisiún Eorpach, ag obair di i gcomh-aireacht Didier Reynders, iar-Choimisinéir Eorpach um Cheartas.

Tá céim céadonóracha LLB aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá céim LLM aici ó Choláiste na hEorpa, Bruges, agus tá céim MSc i nGnó agus Dlí aici ó Ollscoil an Dlí i Londain. Sular tháinig Gráinne isteach sa Choimisiún, fuair sí oiliúint, agus cháiligh sí, mar aturnae le Linklaters i Londain agus i Singeapór, áit ar oibrigh sí mar aturnae comhlach i réiteach díospóide (ag déanamh speisialtóireacht di sa rialáil achrannach).

Photo
Image