Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2024

19th Mí Meitheamh 2025

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil uaidh don bhliain 2024 agus d’eisigh sé torthaí an chéad Suirbhé ar Dhearcadh an Phobail uaidh riamh inniu.

 

Na príomhnithe is díol spéise sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2024

  • D’eisigh an Coimisiún 11 chinneadh chríochnaitheacha ar fhiosrúcháin, ar dá mbarr a forchuireadh fíneálacha riaracháin dar luach iomlán €652 mhilliún sa bhliain 2024. Forchuireadh roinnt iomarduithe agus orduithe um chomhlíonadh freisin. Áirítear iad seo a leanas leis na cinntí suntasacha:
    • I mí Dheireadh Fómhair 2024, d’fhógair an Coimisiún gur cuireadh i gcrích fiosrúchán ar LinkedIn inar measúnaíodh a dhlíthiúla, a chothroime agus a thrédhearcaí a bhí an dóigh ar phróiseáil LinkedIn sonraí a chuid ball san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe. Leis an gcinneadh, forchuireadh fíneáil €310 milliún ar LinkedIn agus ordaíodh dó a oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht.
    • I mí na Nollag 2024, d’eisigh an Coimisiún na cinntí críochnaitheacha uaidh tar éis dhá fhiosrúchán ar Meta Platforms Ireland Limited. Bhain an dá fhiosrúchán sin de dheoin an Choimisiúin le sáruithe i ndáil le hairíochtaí úsáideora ar thug Meta Platforms Ireland Limited fógra fúthu i mí Mheán Fómhair 2018. Leis na cinntí, tugadh iomardú do Meta agus forchuireadh fíneálacha dar luach iomlán €251 mhilliún.
  • Fuair an Coimisiún 11,091 chás nua ó dhaoine aonair sa bhliain 2024 agus chuir sé 10,510 gcás i gcrích.
    • De na cásanna uile a fuarthas sa bhliain 2024, cuireadh 2,673 cinn ar aghaidh chuig an bpróiseas láimhseála gearán.
    • Réitigh an Coimisiún 2,357 ngearán tríd an bpróiseas foirmiúil láimhseála gearán (lena n-áirítear 1,367 ngearán a fuarthas roimh an mbliain 2024).
  • Chuir an Coimisiún 145 ghearán trasteorann bhailí i gcrích (mar Phríomhúdarás Maoirseachta san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch). Is curtha i gcrích anois atá 82% de na gearáin trasteorann uile a fuarthas ó bhí an bhliain 2018 ann agus ar ina leith atá an Coimisiún mar Phríomhúdarás Maoirseachta.
  • B’ionann agus 7,781 fhógra an líon iomlán fógraí bailí faoi sháruithe a fuarthas sa bhliain 2024, rud atá cothrom le méadú 11% ar an bhfigiúr don bhliain 2023. Cuireadh 81% de na fógraí a fuarthas sa bhliain 2024 i gcrích faoi dheireadh na bliana. Tháinig 50% de na sáruithe sin as comhfhreagras a bheith seolta chuig an bhfaighteoir mícheart.
  • Thug an Coimisiún ionchur agus barúlacha maidir le breis agus 56 phíosa reachtaíochta bheartaithe sa bhliain 2024. Ba mhéadú suntasach é sin i gcomparáid leis an mbliain 2023, inarbh é 37 bpíosa reachtaíochta bheartaithe an líon coibhéiseach é.
  • Bhí an Coimisiún i gceannas ar iarrachtaí a raibh mar aidhm leo soiléire níos fearr a sholáthar i ndáil le ceanglais cosanta sonraí a chur i bhfeidhm maidir le samhlacha intleachta saorga a oiliúint agus a fhorbairt. D’iarr an Coimisiún tuairim reachtúil ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) maidir le forbairt samhlacha intleachta saorga, rud a raibh sé i gceist leis rialálaithe Aontais Eorpaigh/Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a bheith i mbun comhoibrithe thar thréimhse 14 seachtaine. Ghlac EDPB tuairim fhoirmiúil i mí na Nollag 2024, rud as ar tháinig caighdeán Eorpach comhchuibhithe.
  • Cuireadh 146 imscrúdú margaíochta dírí leictreonaí san iomlán i gcrích sa bhliain 2024, agus d’ionchúisigh an Coimisiún ocht gcuideachta i leith cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha a sheoladh gan toiliú. D’ordaigh an Chúirt do na cuideachtaí ranníocaíochtaí carthanúla a dhéanamh in ionad ciontú agus fíneáil a fhorchur. B’ionann na síntiúis sin agus €9,725 san iomlán sna hocht gcás ar fad.

 

Dúirt an Dr Des Hogan, Cathaoirleach, agus Coimisinéir Cosanta Sonraí:

“Tá cosaint ár sonraí pearsanta níos tábhachtaí anois ná riamh ós rud é gur trí theicneolaíochtaí a dhéantar ár n-idirbhearta laethúla mar ghnáthamh anois. Léirítear sa raon leathan gníomhaíochtaí ar thug an Coimisiún fúthu sa bhliain atá imithe thart conas is féidir le rialáil chóir chomhsheasmhach a chumasú do dhaoine aonair ar fud na hEorpa muinín a bheith acu go bhfuil a sonraí pearsanta á n-úsáid ar bhealach dlíthiúil sábháilte agus go bhfuil rialú acu ar a sonraí.”

 

 

An Suirbhé ar Dhearcadh an Phobail 2025 ón gCoimisiún

I gcomhthráth le foilsiú na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2024, d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí na torthaí ar Shuirbhé neamhspleách ar Dhearcadh an Phobail freisin. Ba i mí na Bealtaine 2025 a seoladh an suirbhé, rud a rinneadh mar chuid d’athbhreithniú lár téarma ar an Straitéis Rialála 2022-2027 ón gCoimisiún.

 

Príomhfhionnachtana

  • Creideann triúr, beagnach, as gach ceathrar go bhfuil sé measartha tábhachtach nó an-tábhachtach go gcomhlíonfadh eagraíochtaí atá i mbun teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua nuálacha a dhearadh, a fhorbairt nó a úsáid na ceanglais cosanta sonraí, fiú dá gcuirfí moill ar chur chun feidhme na dteicneolaíochtaí, na dtáirgí nó na seirbhísí sin dá ndéanfadh siad amhlaidh.
  • Mhaígh beirt as gach triúr a ndearnadh suirbhé orthu go mbeadh i bhfad níos lú muiníne acu as eagraíocht dá mbainfeadh an eagraíocht sin mí-úsáid as sonraí pearsanta. Níor mhaígh ach 4% díobh nach ndéanfadh sé sin aon difear.
  • Nuair a fiafraíodh díobh faoi na hábhair imní atá acu maidir le teicneolaíocht agus cosaint sonraí:
    • chuir 77% de dhaoine in iúl go raibh imní orthu faoin dóigh a bhfuil sonraí pearsanta leanaí á gcomhroinnt agus á n-úsáid ar líne;
    • chuir 76% de dhaoine in iúl go raibh imní orthu faoin dóigh a n-úsáidtear sonraí pearsanta chun próifíl dhigiteach díobh féin a chruthú, rud a d’fhéadfaí a chomhroinnt, a dhíol nó a thrádáil ansin; agus
    • chuir 61% de dhaoine in iúl go raibh imní orthu faoi úsáid na hintleachta saorga.
  • Fuarthas amach sna torthaí gurbh amhlaidh, go ginearálta, a bhí níos lú imní ar dhaoine idir 18 mbliana d’aois agus 34 bliana d’aois faoi fhormhór na ngnéithe den teicneolaíocht agus faoi shábháilteacht sonraí pearsanta. Bhí i bhfad níos mó imní orthu siúd a bhí 55 bliana d’aois nó níos sine.
  • Creideann pas beag níos mó ná leath na ndaoine a ndearnadh suirbhé orthu go gcinntítear le dlíthe cosanta sonraí go ndéanann cuideachtaí a úsáideann faisnéis an méid sin go freagrach, agus duine amháin as gach cúigear gan a bheith ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag an dlí orthu.
  • Chuir 70% díobh in iúl go bhféadfadh siad a bheith muiníneach go seasfadh an Coimisiún um Chosaint Sonraí lena gcearta chun a sonraí pearsanta a chosaint.
  • De na daoine sin a raibh teagmháil acu leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, bhí tuairim níos dearfaí i leith an Choimisiúin ag 50% díobh tar éis na teagmhála sin. Ní raibh tuairim níos diúltaí i leith an Choimisiúin ach ag 3% de na daoine sin.

 

Ag déanamh machnamh dó ar na fionnachtana sin, dúirt Dale Sunderland, Coimisinéir:

“Sna torthaí ar an suirbhé seo ar dhearcadh an phobail, tugtar léargas luachmhar ar an dearcadh atá ag an bpobal i leith cosaint sonraí agus i leith ról an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Tugtar le fios sna fionnachtana go bhfuil leibhéil láidre feasachta agus aitheantais ann maidir le tábhacht na cosanta sonraí, go háirithe i gcomhthéacs teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí atá ag teacht chun cinn. Tarraingítear aird sa suirbhé freisin ar ábhair imní agus ionchais an phobail maidir le conas a bhaineann eagraíochtaí úsáid as sonraí pearsanta, agus difríochtaí suntasacha ar fud aoisghrúpaí difriúla agus réigiúin dhifriúla á nochtadh. Beidh an léargas sin ríthábhachtach de réir mar a dhéanaimid athbhreithniú lár téarma ar an Straitéis Rialála ón gCoimisiún, á chinntiú go mbeidh ár dtosaíochtaí dírithe agus freagrúil fós agus muid ag comhlíonadh ár bhfreagrachtaí mar údarás cosanta sonraí.” 

 

Tá Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí 2024 (PDF, 7.9 MB) ar fáil le híoslódáil anois.

 

Tá Suirbhé ar Dhearcaí an Phobail ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí - Bealtaine 2025 (PDF, 1.3MB) ar fáil le híoslódáil anois - as bearla.

 

Tá ár Leabhrán Cás-Staidéir 2024 (PDF, 5.7 MB) ar fáil le híoslódáil anois.

 

Is féidir leat príomhthorthaí Thuarascáil Bhliantúil 2024 a léamh ar ár micrealáithreán tiomnaithe.