Fáiltíonn an Coimisiún roimh Cheapachán an 3ú Coimisinéir
17th Mí Meán Fomhair 2025
Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) tar éis fáiltiú roimh an bhfógairt ón Rialtas inniu á rá gur ceapadh Niamh Sweeney Uas. mar Choimisinéir um Chosaint Sonraí. Fágann an ceapachán sin go bhfuil triúr Coimisinéirí ag an gCoimisiún anois. Tá na Coimisinéirí Des Hogan agus Dale Sunderland, mar aon lena gcomhghleacaithe go léir sa Choimisiún, ag tnúth le fáiltiú roimh Niamh Sweeney Uas. agus le hobair i gcomhar léi de réir mar a leanann an Coimisiún le seasamh leis an gceart bunúsach chun cosanta sonraí atá ann san Aontas Eorpach.