Disclosures log 2017
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Iarrataí Saorála Faisnéise ar Fhaisnéis Neamhphearsanta i rith 2017
De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá an CCS faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an CCS mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an CCS ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí. Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an CCS de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta. |
Dáta na hIarrata |
Catagóir Iarrthóra |
Achoimre ar an Iarraidh |
An Bhreith a Thugadh |
Dáta an Fhreagra |
26/1/2017 |
Grúpa Sainleasa |
Iarraidh ar Dhialann an Choimisinéara Cosanta Sonraí ó 2015 go 2017. |
Géilleadh don iarraidh go páirteach. Cuireadh díolúintí i bhfeidhm; Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme) agus 37(1) |
22/2/2017 |
14/3/2017 |
Eile |
Iarraidh ar chóip de Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise an CCS.
|
Géilleadh don iarraidh |
16/3/2017 |
14/4/2017 |
Grúpa Sainleasa |
Iarraidh ar chóipeanna de gach iarraidh neamhphearsanta a bhfuil tagairt dó sa tábla ar leathanach 40 den Tuarascáil Bhliantúil 2016.
|
Géilleadh don iarraidh |
21/4/2017 |
Iriseoir |
An méid iomlán a chaith Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar chostais dlí in 2016, 2017 agus go dtí seo.
An méid iomlán a caitheadh ar chostais dlí maidir leis An gCás SCC in 2016, 2017 agus go dtí seo.
|
Géilleadh don iarraidh |
20/12/2017 |