Ceapadh Deirdre O’Donovan mar Leas-Choimisinéir agus Stiúrthóir Gnóthaí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí i mí Mheán Fómhair 2025.
Sula ndeachaigh sí isteach sa Choimisiún, bhí Deirdre ina Comhpháirtí sa Rannóg Dlíthíochta agus Imscrúduithe de chuid ceann de na gnólachtaí dlí is mó in Éirinn. Sa ról sin, dhírigh a cleachtas ar dhlíthíocht chasta tráchtála, a raibh gné thrasteorann ag baint léi ina lán cásanna, agus, rud ba dhéanaí fós, bhí sí ag plé le himscrúduithe rialála ar mhórscála agus le coireacht an bhóna bháin. Thug sí comhairle agus tacaíocht straitéiseach do chliaint in earnálacha éagsúla, lenar áiríodh comhlachtaí stáit, an teileachumarsáid agus an cúram sláinte. Tá taithí fhairsing ag Deirdre os comhair na gCúirteanna Uachtaracha in Éirinn, an Chúirt Uachtarach san áireamh.
Sa ról atá aici faoi láthair, tá Deirdre i gceannas ar an Aonad Gnóthaí Dlí, atá freagrach as comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna reachtúla agus le feidhmiú a chumhachtaí reachtúla, chomh maith le comhairle agus treoir a thabhairt maidir le straitéis dlíthíochta in imeachtaí lena mbaineann an Coimisiún.