Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise 2024
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
Iarrataí Saorála Faisnéise ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn na bliana 2024
De bhun Sceideal 1, Cuid 1, den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, níl an Coimisiún faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise ach amháin i ndáil le taifid a bhaineann le riarachán ginearálta an Choimisiúin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” do thaifid a bhaineann leis an gCoimisiún a bhainistiú mar eagraíocht, amhail taifid a bhaineann le pearsanra, nithe pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagrú inmheánach, agus nósanna imeachta oifige. Níl an Coimisiún ina chomhlacht saorála faisnéise i ndáil le taifid a bhaineann leis na feidhmeanna atá aige mar údarás cosanta sonraí. Leagtar amach sa loga nochta thíos mionsonraí faoi iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis ar dhéileáil an Coimisiún leo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ní áirítear leis an loga nochta seo aon mhionsonraí faoi iarrataí ar fhaisnéis nach dtagann faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014. |
Dáta na hIarrata |
Catagóir Iarrthóra |
Achoimre ar an Iarraidh |
Breith a Tugadh |
Dáta an Fhreagra |
03/01/2024
|
Duine Aonair |
Tuarascáil ar Dhúnadh Tionscadail: Tionscadal um Chóras Bainistíochta Inneachair a Fhorbairt. |
Géilleadh go Páirteach don Iarraidh |
16/02/2024 |
03/01/2024 |
Duine Aonair |
Clár Rioscaí an Choimisiúin |
Géilleadh go Páirteach don Iarraidh |
01/02/2024 |
26/06/2024 |
Iriseoir |
Miontuairiscí ar chruinnithe an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca sa bhliain 2023 agus go dtí seo sa bhliain 2024 |
Géilleadh go Páirteach don Iarraidh |
25/07/2024 |
02/09/2024 |
Iriseoir |
Cóip den tuarascáil iniúchóireachta inmheánaí a foilsíodh le déanaí maidir le taisteal agus cothú sa Choimisiún |
Géilleadh don Iarraidh |
03/10/2024 |
02/10/2024 |
Iriseoir |
Cóip d’aon aiseolas a fuarthas ó chomhaltaí den Oireachtas tríd an mbosca ríomhphoist tiomnaithe ón 1 Eanáir 2022 i leith |
Géilleadh go Páirteach don Iarraidh |
31/10/2024 |
4/10/2024 |
Iriseoir |
a) cóip d’aon chomhfhreagras idir an Coimisiún agus a mháthair-roinn i ndáil lena leithdháileadh buiséid faoi Bhuiséad 2025. |
Géilleadh don Iarraidh |
22/10/2024 |
4/11/2024 |
Iriseoir |
taifead/scarbhileog/bunachar sonraí ar na nithe seo a leanas: an méid ar thobhaigh an Coimisiún é mar fhíneálacha sna blianta 2020, 2021, 2022, 2023 agus 2024 faoi seach, an méid ar bhailigh an Coimisiún é mar fhíneálacha i ngach ceann de na blianta thuas, méid na bhfíneálacha nár bailíodh mar gheall ar phróisis/achomhairc dhlíthiúla, etc., atá ar siúl do gach ceann de na blianta thuas, méid na bhfíneálacha a measadh a bheith dobhailithe do gach ceann de na blianta thuas.
|
Géilleadh don Iarraidh |
29/11/2024 |
|
|
|
|
|