An Córas Faisnéise Custaim

Is é atá sa Chóras Faisnéise Custaim ná ríomhchóras lena láraítear faisnéis custaim ar mhaithe le sáruithe ar reachtaíocht custaim agus talmhaíochta an Chomhphobail a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Tá an Córas comhdhéanta de bhunachar sonraí lárnach (“an Córas Lárnach Faisnéise Custaim”) is féidir a rochtain trí theirminéil i ngach Ballstát den Aontas Eorpach.

Rialaítear an Córas faoi dhá bhunús dlí:

  • Rialacháin (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir údaráis riaracháin na mBallstát agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart an dlí a bhaineann le hábhair custaim agus talmhaíochta a áirithiú (dá ngairtear “Rialachán 515/97” anseo feasta), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 766/2008 an 9 Iúil 2008, agus
  • Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (dá ngairtear “Cinneadh 2009/917/CGB” anseo feasta).

Leagtar amach in Airteagal 37 de Rialachán (CE) 515/1997 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán 766/2008, an creat maoirseachta cosanta sonraí do shonraí a phróiseáiltear sa Chóras Faisnéise Custaim. Ina theannta sin, tugtar leis an Acht Custam, 2015, éifeacht in Éirinn do Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009.

Is é is FIDE (Fichier d'Identification des Dossiers d'Enquêtes Douanières – an bunachar sonraí um shainaithint comhad custaim) ann ná innéacs a úsáidtear ar fud an Aontais ar fad i gcomhthéacs an Chórais Faisnéise Custaim. Cuimsítear ann taifid imscrúdaithe arna nginiúint ag údaráis chustaim agus údaráis imscrúdaithe eile na mBallstát chun críocha riaracháin agus chun críocha imscrúduithe coiriúla agus ionchúiseamh coiriúil i réimse an chustaim.

Maoirseacht Eorpach

Is iad an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, Grúpa Comhordaithe Maoirseachta an Chórais Faisnéise Custaim agus an Comhúdarás Maoirseachta Custaim a dhéanann maoirseacht ar na sonraí a phróiseáiltear laistigh den Chóras Faisnéise Custaim.

Chun comhordú maoirseachta a chinntiú don Chóras Faisnéise Custaim, tagann ionadaithe ó na hÚdaráis Chosanta Sonraí náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile uair amháin in aghaidh na bliana de ghnáth ag cruinnithe a reáchtáiltear ceann i ndiaidh a chéile leis an gComhúdarás Maoirseachta Custaim. Is ionann na hÚdaráis Chosanta Sonraí náisiúnta a ndéantar ionadaíocht dóibh agus na húdaráis sin de chuid na 28 mBallstát den Aontas.

Maoirseacht Náisiúnta

Faoi mar atá leagtha amach san Acht Custam, 2015, is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an t-údarás maoirseachta náisiúnta chun críocha Choinbhinsiún Napoli II agus chun críocha Airteagal 24 de Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta chun críocha custaim.

Cearta Rochtana

Tá sé de cheart agat cóip a fháil d’aon sonraí pearsanta a phróiseálann na Coimisinéirí Ioncaim nó an Roinn Talmhaíochta fút, ach amháin i gcás go bhfuil srian ar aon cheart rochtana den sórt sin faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nó faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Chun Iarraidh ar Rochtain d’Ábhair Sonraí a Dhéanamh, féach

https://www.revenue.ie/en/corporate/statutory-obligations/data-protection/data-access-requests/can-you-obtain-all-data-held-about-you.aspx

http://www.agriculture.gov.ie/dataprotection/rightofaccess/

Tuilleadh Cúnaimh

Féadfaidh tú a iarraidh go seiceálfadh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Córas Faisnéise Custaim chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil aon sonraí fút á bpróiseáil ar bhealach dleathach.

Má thagann tú ar aon deacracht agus do chearta cosanta sonraí á bhfeidhmiú agat i ndáil leis an gCóras Faisnéise Custaim, is féidir leat Ábhar Imní a Chur in Iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí.