Cé Muid Féin

Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) an t-údarás náisiúnta neamhspleách in Éirinn atá freagrach as seasamh leis an gceart bunúsach atá ag daoine aonair san Aontas Eorpach go dtabharfaí cosaint dá sonraí pearsanta. Dá réir sin, is é an Coimisiún an t-údarás maoirseachta in Éirinn atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá feidhmeanna agus cumhachtaí againn freisin i dtaca le creataí rialála eile, lena n-áirítear Rialacháin na hÉireann maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (2011) agus an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí.

Ár Misean

Cearta cosanta sonraí a chaomhú ach comhlíonadh a bhrú chun cinn trí threoir, maoirseacht agus forfheidhmiú.

 

Cairt Eagraíochta

Coimisinéir um Chosaint Sonraí

Ceann um Ghnóthaí Túslíne, Sáruithe, Gearáin agus Faisnéis

Ceann um Ghearáin Náisiúnta, lena n-áirítear Iarrataí Rochtana, LED, Sáruithe & Próiseáil

Ceann um Ghearáin Trasteorann: Measúnú, Láimhseáil & Fiosrúcháin ; Imscrúduithe faoi na Rialacháin e-Príobháidea-chais; Forfheidhmiú; Ionchúisimh

Ceann um Fhiosrúcháin Mhórscála agus Imscrúduithe Mórscála

Ceann um Maoirseacht, Treoir & Gnóthaí Idirnáisiúnta

Ceannasaí Teicneolaíocht & Feidhmíocht Oibríochtúil

Ceannasaí Gnóthaí Dlí

Ceann um Straitéis, Rialachas, Airgeadas & Riosca

Ceann um Ghnóthaí Corparái-deacha, Daoine & Foghlaim, Meáin agus Cumarsáid

Our team

Dr. Des Hogan

Dr. Des Hogan

Ceapadh an Dr Des Hogan mar Choimisinéir Cosanta Sonraí agus mar Chathaoirleach ar Choimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí i mí Feabhra 2024. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomh-Aturnae Cúnta Stáit in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit sa tréimhse 2015-2024. Ghníomhaigh sé mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine sa bhliain 2007 agus ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2014. D’oibrigh sé roimhe sin do Choimisiún na hAstráile um Chearta an Duine agus Comhdheiseanna agus do Amnesty International san Astráil agus ag a Rúnaíocht Idirnáisiúnta i Londain.

Agus é ina aturnae ó thaobh gairme de, bronnadh ar an Dr Hogan céim PhD sa Dlí ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus céim Máistreachta i nDlí na hEorpa ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bronnadh Céim sa Dlí air ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, roimhe sin.


Dale Sunderland

Dale Sunderland

Ceapadh Dale Sunderland mar Choimisinéir Cosanta Sonraí i mí Feabhra 2024. Sular ceapadh mar Choimisinéir é, shealbhaigh sé an ról mar Stiúrthóir agus Leas-Choimisinéir ar a bhfuil freagracht as na feidhmeanna Maoirseachta, Treorach agus Gnóthaí Idirnáisiúnta atá ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Chuaigh Dale isteach sa Choimisiún mar Leas-Choimisinéir i mí na Bealtaine 2016, tar éis dó obair i Roinn Dlí agus Cirt na hÉireann ón mbliain 2002 go dtí an bhliain 2016. Bhí sé ina Cheann ar an Rúnaíocht Cumarsáide agus Chorparáideach le linn an ama a chaith sé sa Roinn Dlí agus Cirt. Shealbhaigh sé roinnt post éagsúil eile sa Roinn sin freisin, ag obair dó ar chomhar inimirce idir Éire agus an Bhreatain, ar bheartas ceartais choiriúil agus póilíneachta an Aontais Eorpaigh, ar fhormhaoirseacht ar rialachas corparáideach, agus ar ghnóthaí idirnáisiúnta, parlaiminteacha agus meán.

 


Cian O'Brien

Cian O'Brien

Ceapadh Cian O’Brien ina Leas-Choimisinéir i mBealtaine 2022. Is ról é a dhíríonn ar gach fiosrúchán agus imscrúdú mórscála den Choimisiún um Chosaint Sonraí. Ar na róil a bhí ag Cian ó tháinig sé isteach sa Choimisiún sa bhliain 2019, áirítear Taighdeoir Dlí agus Dlíodóir Rialála Sinsearach. Le linn an ama seo, bhí sé freagrach as comhairle agus cúnamh dlí a chur ar fáil ar fhiosrúcháin agus ar imscrúduithe mórscála i ndáil le cúrsaí trasteorann agus cúrsaí baile araon. Ghníomhaigh Cian ina chomhairleoir don Choiste Fiosrúchán agus rinne sé próiseas an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le fíneálacha riaracháin a dheimhniú sa Chúirt a mhaoirsiú agus a chur i bhfeidhm, mar a bhforáiltear dó san Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Bhain sé céim amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ó Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath. Glaodh Cian chuig Barra na hÉireann sa bhliain 2014. Chleachtaigh sé dlí ina Abhcóide agus bhí sé ina theagascóir le dlí an Aontais Eorpaigh sula ndeachaigh sé leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Fhiosrúcháin Mhórscála
  • Imscrúduithe Mórscála

Ian Chambers

Ian Chambers

Ceapadh Ian Chambers mar Leas-Choimisinéir, Ceann um Ghnóthaí Túslíne, Sáruithe, Gearáin agus Faisnéis, i mí na Samhna 2022. D’fhóin sé mar Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí le trí bliana roimhe sin, ag gníomhú dó mar cheann ar an Aonad Faisnéise agus Measúnaithe. D’oibrigh sé i roinnt réimsí éagsúla ó chuaigh sé isteach sa státseirbhís sa bhliain 2013, lenar áiríodh ról i riarachán na cánach maoine áitiúla leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ról in Aonad Imscrúduithe Inmheánacha na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • An tAonad Faisnéise agus Measúnaithe
  • An tAonad Luathfhreagartha
  • An tAonad um Fhógraí faoi Sháruithe
  • An tAonad Idirghabhála Dírí

Sandra Skehan

Sandra Skehan

Ceapadh Sandra Skehan mar Leas-Choimisinéir, Ceann um Ghearáin Náisiúnta i mí na Samhna 2022. Tá Sandra freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scrúdú ar ghearáin a bhaineann le hiarratais rochtana, gearáin faoi shárú, ábhair a bhaineann le saincheisteanna próiseála, RTBF agus Gearáin LED, i measc nithe eile. Tá Sandra ina fostaí de chuid an Choimisiúin ó 2015 i leith agus í ag fónamh i roinnt post roimhe seo lena n-áirítear mar Choimisinéir Cúnta. Tá MSc i nGnó agus i mBainistíocht, Céim Gnó agus Dlí ag Sandra agus tá Dioplóma Iarchéime san Oideachas aici i measc dámhachtainí eile.

Ina ról reatha, tá sí freagrach as na nithe seo a leanas ag an CCS:

  • An tAonad Náisiúnta Gearán ar Iarratas Rochtana Ábhar
  • An tAonad Láimhseála Gearán Náisiúnta
  • An tAonad Láimhseála Gearán maidir le Sárú
  • An tAonad Measúnaithe Cinnidh
  • An tAonad Láimhseála Gearán um Fhorfheidhmiú an Dlí

Ultan O’Carroll

Ultan O’Carroll

Leas-Choimisinéir um Ghnóthaí Teicneolaíochta Rialála is ea Ultan O’Carroll. D’fhóin sé mar Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí ar feadh breis agus seacht mbliana roimhe sin. Le linn na tréimhse sin, stiúir sé an obair ar nithe comhairleacha agus beartais teicneolaíochta don Choimisiún ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, d’oibrigh sé ar fud aonaid rialála an Choimisiúin ar nithe iniúchóireachta, comhlíonta agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le heagraíochtaí ilnáisiúnta. Leanann Ultan leis na róil sin a stiúradh le linn tréimhse ina mbíonn athrú agus fás bunathraitheach i réim i gcomhthéacs a mbíonn gné idirnáisiúnta mhéadaitheach ag baint leis agus i dtírdhreach teicneolaíochta a bhíonn ag leathnú. D’oibrigh Ultan go fairsing san earnáil phríobháideach laistigh de thionscail teicneolaíochta sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn sula ndeachaigh sé isteach in oifig an Choimisinéara.

  • Nithe Comhairleacha Teicneolaíochta agus Slándála
  • Tacaíocht Maoirseachta agus Forfheidhmiúcháin
  • Nithe Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh

Labhras Sammin

Labhras Sammin

Tá Labhras Sammin ina Leas-Choimisinéir um Fhiontraíocht agus Oibríochtaí TFC ó mhí Eanáir 2024 i leith. Tá sé freagrach as straitéis TFC, córais TFC, anailísíocht sonraí agus bainistíocht taifead an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.  

Sula ndeachaigh sé isteach in oifig an Choimisinéara, rinne Labhras speisialtóireacht i gcláir um athruithe gnó agus teicneolaíochta a sholáthar, agus an méid sin á dhéanamh aige le déanaí mar bhainisteoir ar Chlár um Chlaochlú Digiteach don Roinn Iompair. Chuir Labhras obair fhairsing isteach i roinnt earnálacha, lena n-áirítear na hearnálacha Seirbhísí Airgeadais, Teileachumarsáide agus Teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Thosaigh sé a ghairm mar fhorbróir bogearraí, agus d’oibrigh sé i roinnt ról ó shin i leith, lena n-áirítear róil mar oiliúnóir, léachtóir, máistir clibirtí, bainisteoir tionscadal, anailísí gnó, agus anailísí sonraí.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na nithe seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Córais Oibriúcháin
  • Forbairt agus Tacaíocht Feidhmchlár
  • Soláthar Seirbhíse agus Dearbhaithe
  • Anailísíocht agus Rialachas Sonraí
  • Bainistíocht Taifead

Fleur O’Shea

Leas-Choimisinéir agus Ceann um Ghnóthaí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí is ea Fleur O’Shea.  Sa ról sin, bainistíonn Fleur Aonad Dlí an Choimisiúin, atá freagrach as comhairle dlí a thabhairt don Choimisiún chun tacú leis a chuid feidhmeanna a chur i gcrích.  Tugann an tAonad Dlí comhairle go díreach d’aonaid feidhme an Choimisiúin ar fud raon leathan disciplíní, lena n-áirítear léirmhíniú reachtúil de bhun dhlí na hÉireann agus dhlí an Aontais Eorpaigh agus comhairle maidir le ceanglais an nóis imeachta chóir de bhun dhlí na hÉireann agus dhlí an Aontais Eorpaigh.  Tugann sé comhairle agus tacaíocht don Choimisiún maidir le nithe rialachais inmheánaigh freisin, lena n-áirítear maidir leis an dóigh a gcomhlíonann an Coimisiún na hoibleagáidí atá air mar chomhlacht reachtúil.

Tar éis di cáiliú mar aturnae sa bhliain 2010, d’oibrigh Fleur i gcleachtadh príobháideach, mar chuid de ghnólacht dlí mór Éireannach, sula ndeachaigh sí isteach sa Choimisiún i mí Eanáir 2019.  Agus í ag obair i gcleachtadh príobháideach, rinne Fleur speisialtóireacht sa dlí fostaíochta agus comhionannais agus, ag gníomhú di tríd an meán sin, ghnóthaigh sí saineolas agus taithí ar leith sa dlí cosanta sonraí.  Le linn na tréimhse sin, thug Fleur comhairle do raon leathan eintiteas earnála poiblí agus príobháidí i ndáil le gach gné den dlí cosanta sonraí i gcomhthéacs na háite oibre.  Sula ndeachaigh sí isteach sa Choimisiún, thug Fleur comhairle dlí fhairsing i ndáil le gach gné de na sásraí comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach i gCaibidil VII den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus i ndáil leis an gcóras fíneála a bunaíodh le hAirteagal 83 GDPR.


MB Donnelly

MB Donnelly

Ceapadh MB Donnelly mar Leas-Choimisinéir agus mar Cheann um Straitéis, Rialachas, Airgeadas agus Riosca i gCoimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí sa bhliain 2022. I dteannta na feidhme Straitéisí atá aige, tá MB freagrach freisin as caidreamh a dhéanamh leis an Rialtas, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le hoifigigh chosanta sonraí thar ceann an Choimisiúin.

Stiúir MB roinnt tionscadal tábhachtach don Choimisiún ó chuaigh sé isteach ann sa bhliain 2016. Áiríodh leo sin tionscadal Feasachta agus Oiliúna an Choimisiúin ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a reáchtáil roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta i mí na Bealtaine 2018, Straitéis Rialála an Choimisiúin 2022-2027 a fhorbairt, agus formhaoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht an Choimisiúin i dTionscadal ARC atá á chistiú ag an Aontas Eorpach, rud lena dtacaítear le hiarrachtaí comhlíonta san earnáil fiontar beag agus meánmhéide.

Tá dúspéis ag MB i dteoiric rialála, agus sealbhaíonn sé céimeanna fochéime agus iarchéime agus teastais ó Ollscoil Mhá Nuad, ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ó Scoil Eacnamaíochta Londan.

Ina ról reatha, tá sí freagrach as na nithe seo a leanas ag an CCS:

  • Pleanáil agus Rannpháirtíocht Straitéiseach
  • Rialachas agus Riosca
  • Trédhearcacht
  • Airgeadas

Gráinne Duffy

Gráinne Duffy

Is í Gráinne Duffy an Leas-Choimisinéir um Dhaoine agus Foghlaim. Tháinig sí isteach sa Choimisiún i mí Feabhra 2024.  Roimhe sin, bhí róil éagsúla aici sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus ina dhiaidh sin sa Roinn Sláinte.  Rinne Gráinne formhaoirseacht ar raon feidhmeanna difriúla beartais sa Roinn Sláinte thar thréimhse 20 bliain, lenar áiríodh mar chuid den ról a bhí aici mar Cheann um Acmhainní Daonna Straitéiseacha ar feadh níos mó ná cúig bliana. 

Sealbhaíonn Gráinne céim MSc i Straitéisí Acmhainní Daonna ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus céim BA (Onóracha) sa Dlí agus Riar an Cheartais ón bhForas Riaracháin. 

Ina ról sa Choimisiún um Chosaint Sonraí, stiúrann Gráinne an fheidhm acmhainní daoine straitéiseacha agus oibríochtúla agus an fheidhm foghlama agus forbartha, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Pleanáil straitéiseach fórsa saothair
  • Bainistíocht agus fáil tallainne
  • Foghlaim agus forbairt
  • Caidreamh le fostaithe agus caidreamh tionsclaíoch
  • Tionscnaimh i réimse na rannpháirtíochta fostaithe agus an chomhionannais
  • na héagsúlachta agus an chuimsithe

Graham Doyle

Graham Doyle

Leas-Choimisinéir agus Ceann um Ghnóthaí Corparáideacha, Daoine agus Foghlaim, Meáin agus Cumarsáid i gCoimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí is ea Graham Doyle.

Laistigh de na feidhmeanna um Ghnóthaí Corparáideacha agus Daoine agus Foghlaim, stiúrann Graham obair na bhfoirne um Sholáthar, Seirbhísí Corparáideacha, Acmhainní Daonna agus Foghlaim agus Forbairt de chuid an Choimisiúin. Tá Graham ina chomhalta de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca an Choimisiúin freisin.

Déanann Graham Straitéis Cumarsáide an Choimisiúin a fhorbairt agus a bhainistiú. Mar chuid den obair sin, cothaíonn sé caidreamh fairsing leis na meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, freastalaíonn sé ar imeachtaí sa tír seo agus thar lear agus labhraíonn sé acu, agus reáchtálann sé clár cuimsitheach cumarsáide inmheánaí laistigh den Choimisiún. Déanann Graham ionadaíocht don Choimisiún ar Líonra Cumarsáide an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí freisin.

Shealbhaigh Graham na róil mar Cheann Cumarsáide agus Taighde i gCoimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) agus i dTacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) roimhe sin. Tá céim onóracha aige i mBainistíocht Phoiblí, áit a ndearna sé sainstaidéar ar an Dlí agus ar Riaradh an Cheartais.

Ina ról reatha tá sé freagrach as na nithe seo a leanas ag an CCS:

  • Na Meáin Chumarsáide agus na Cumarsáide
  • Seirbhísí Corparáideacha
  • Saoráidí agus Soláthar

Niall J. Cavanagh

Niall J. Cavanagh

Ceapadh Niall Cavanagh mar Leas-Choimisinéir, Príomhdhlíodóir Rialála sa Choimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn i mí Iúil 2022.

Cháiligh Niall le céim onóracha in Eolaíocht Ríomhaireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, sa bhliain 1991. D’oibrigh sé san earnáil phríobháideach ar feadh an chéad 12 bhliain dá ghairm, ag obair dó i gcuideachtaí idirnáisiúnta teileachumarsáide mar Bhainisteoir Córas, mar Phríomhfhorbróir, mar Anailísí Gnó agus mar Bhainisteoir Clár. Sa bhliain 2001, rollaíodh é mar Innealtóir Cairte le hInstitiúid Innealtóirí na hÉireann (Innealtóireacht Éireann anois) agus bhí sé ina chomhalta d’Institiúid na nAnailísithe Gnó agus na Sainchomhairleoirí idir an bhliain 1998 agus an bhliain 2003.

Glaodh chun Barra na hÉireann é sa bhliain 2005 agus chleacht sé mar Abhcóide go dtí an bhliain 2017. Clúdaíodh idir chásanna sibhialta agus chásanna coiriúla ina chleachtadh ginearálta. Láithrigh sé os comhair cúirteanna ar gach leibhéal, lenar áiríodh an Chúirt Uachtarach agus an Chúirt Achomhairc.

I mí na Nollag 2017, tháinig sé isteach in Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí in Éirinn mar Choimisinéir Cúnta, ag obair dó i ról an Chomhairleora Dlí Shinsearaigh. Sa bhliain 2018, ceapadh é mar cheann ar an Aonad um Fhógraí Sáruithe, Measúnacht, Fiosrúcháin agus Imscrúduithe.

Rinne Niall ionadaíocht don Choimisiún um Chosaint Sonraí mar shaineolaí teicniúil ainmnithe ar Mheastóireacht Schengen ar an tSualainn sa bhliain 2022.

Ina ról reatha, baineann sé leas as a thaithí dlí agus theicniúil agus é ag stiúradh Aonad um Fhiosrúcháin Mhórscála agus Imscrúduithe Mórscála le haghaidh na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • Fiosrúcháin Náisiúnta a bhaineann leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí
  • Fiosrúcháin Trasteorann
  • Measúnú agus Forfheidhmiú a Dhéanamh ar Bhearta Ceartaitheacha a eascraíonn as fiosrúcháin

Diarmuid Goulding

Diarmuid Goulding

Ceapadh Diarmuid Goulding mar Leas-Choimisinéir i mí Eanáir 2023, ag obair dó i ról a bhaineann le fiosrúcháin mhórscála agus le himscrúduithe mórscála. Ó tháinig sé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí mar Chomhairleoir Dlí sa bhliain 2018 i leith, tá Diarmuid ag soláthar comhairle agus cúnamh dlí i leith fiosrúcháin mhórscála agus imscrúduithe mórscála a bhaineann le nithe trasteorann agus le nithe intíre araon. Chomh maith leis sin, tá ionadaíocht déanta ag Diarmuid don Choimisiún ag Fo-Shainghrúpaí de chuid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

Bhain sé céim amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus ó Chumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath. Glaodh Diarmuid chun Barra na hÉireann sa bhliain 2008. Chleacht sé mar Abhcóide agus d’oibrigh sé ina dhiaidh sin i gcáil dlí leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe agus mar Imscrúdaitheoir Rialála le hOifig an Choimisinéara Faisnéise.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na nithe seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Fiosrúcháin Mhórscála
  • Imscrúduithe

Gráinne Hawkes

Gráinne Hawkes

Leas-Choimisinéir sa Choimisiún um Chosaint Sonraí is ea Gráinne Hawkes. Díríonn a cuid oibre ar fhiosrúcháin agus imscrúduithe casta trasteorann a bhainistiú.

Ón mbliain 2023 go dtí an bhliain 2024, ba í Gráinne an chéad ataisé sa Bhruiséil de chuid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Sa ról sin, bhí freagracht ar Ghráinne as láithreacht an Choimisiúin sa Bhruiséil a bhunú agus a leathnú. Bhí sí i gceannas ar idirghníomhartha an Choimisiúin le geallsealbhóirí atá lonnaithe sa Bhruiséil, amhail an Coimisiún Eorpach, an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, Eagraíochtaí Sochaí Sibhialta agus Rialaitheoirí Sonraí a bhfuil ionadaithe atá lonnaithe sa Bhruiséil acu.

Tháinig Gráinne isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí den chéad uair sa bhliain 2019 agus d’oibrigh sí mar Dhlíodóir Rialála Sinsearach ar a raibh freagracht as gearáin trasteorann agus as fiosrúcháin ghearánbhunaithe. Mar chuid den ról sin, thug Gráinne faoi thréimhse ar iasacht sa Choimisiún Eorpach, ag obair di i gcomh-aireacht Didier Reynders, an Coimisinéir Eorpach um Cheartas.

Tá céim chéadonóracha LLB aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá céim LLM aici ó Choláiste na hEorpa, Bruges, agus tá céim MSc i nGnó agus Dlí aici ó Ollscoil an Dlí i Londain. Sular tháinig Gráinne isteach sa Choimisiún, fuair sí oiliúint, agus cháiligh sí, mar aturnae le Linklaters i Londain agus i Singeapór, áit ar oibrigh sí mar aturnae comhlach i réiteach díospóide (ag déanamh speisialtóireacht di sa rialáil achrannach).


David Murphy

David Murphy

Ceapadh David Murphy mar Leas-Choimisinéir ar a bhfuil freagracht as Maoirseacht ar an Earnáil Phoiblí, an Earnáil Sláinte agus an Earnáil Dheonach sa bhliain 2022. Ó tháinig sé isteach sa Choimisiún sa bhliain 2016 i leith, tá sé ag obair i réimse an chaidrimh chomhairligh, agus treoir agus comhairle dea-chleachtais á soláthar d’eagraíochtaí ar fud na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí i ndáil le comhlíonadh na gcreataí reachtacha um chosaint sonraí. Déanann David ionadaíocht don Choimisiún mar chainteoir ag imeachtaí in Éirinn agus thar lear go minic, agus thug sé aoi-léachtaí ar an gcosaint sonraí do chomhlachtaí éagsúla, lena n-áirítear an Foras Riaracháin agus Scoil Míochaine an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Sular tháinig sé isteach sa Choimisiún, ghnóthaigh David taithí ar rialachas sonraí agus bainistíocht taifead san earnáil Údaráis Áitiúil agus é ag obair le Rannóg Dlí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na nithe seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Maoirseacht ar Chomhlíonadh Cosanta Sonraí san earnáil phoiblí
  • san earnáil sláinte agus san earnáil dheonach
  • Comhairliúcháin reachtacha de bhun an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Achta um Chosaint Sonraí
  • 2018
  • An Beartas um Chosaint agus Comhlíonadh Sonraí Leanaí

Cathal Ryan

Cathal Ryan

Ceapadh Cathal Ryan mar Leas-Choimisinéir ar a bhfuil freagracht as Comhairliúchán agus Maoirseacht i mí Eanáir 2023. Is dlíodóir cáilithe é a dhéanann speisialtóireacht sa dlí rialála agus cosanta sonraí.

D’oibrigh Cathal i roinnt róil ardbhainistíochta rialála agus i roinnt róil dlí le Coimisiún na hÉireann um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit, leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil agus leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (mar Choimisinéir Cúnta idir na blianta 2015 agus 2020). Rannchuidíonn sé go mór ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh thar ceann an Choimisiúin agus ba é an príomhrapóirtéir do threoirlínte Chóid Iompair AE é.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na nithe seo a leanas:

  • Cuideachtaí Ilnáisiúnta Teicneolaíochta
  • Aistrithe Idirnáisiúnta
  • An Earnáil Phríobháideach
  • Airgeadas
  • Árachas
  • Cumarsáid
  • Iompar agus Fóntais
  • Rialacha Ceangailteacha Corparáideacha
  • Deimhniúchán
  • Cóid Iompair