Dlíodóra Dlíthíochta Shinsearaigh - Príomhoifigeach Cúnta (Ardleibhéal) sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
Tá folúntas ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí faoi láthair le haghaidh ról an Dlíodóra Dlíthíochta Shinsearaigh.
Is deis uathúil an-spéisiúil é seo chun dul isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí i sainról dlíthíochta sinsearach. Imreoidh an Dlíodóir Dlíthíochta Sinsearach ról lárnach laistigh de cheann amháin de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, ag oibriú dó/di i gcroílár dlíthíochta ardphróifíle, ar dlíthíocht í a bhíonn casta go minic, a eascraíonn as feidhmeanna reachtúla an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Tabharfaidh an ról an deis chun rannchuidiú le dlíthíocht shuntasach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an dlí cosanta sonraí in Éirinn a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.
Tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar mhéid agus castacht na dlíthíochta lena mbaineann an Coimisiún um Chosaint Sonraí, rud ar léiriú é ar raon feidhme méadaitheach an dlí cosanta sonraí, ar an timpeallacht rialála a bhíonn ag athrú, agus ar an ardphróifíl a ghabhann le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.
Is gá Dlíodóir Dlíthíochta Sinsearach a cheapadh chun a chinntiú go sealbhóidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an saineolas agus an taithí inmheánach is gá chun dlíthíocht a bhainistiú go héifeachtach agus chun feidhmeanna rialála agus forfheidhmiúcháin na heagraíochta a choimirciú.
Sainról sinsearach laistigh d’Aonad Dlí an Choimisiúin um Chosaint Sonraí is ea ról an Dlíodóra Dlíthíochta Shinsearaigh, a bheidh freagrach as dlíthíocht chasta atá os comhair na nUaschúirteanna a bhainistiú agus a chur ar aghaidh a eascraíonn as feidhmeanna reachtúla an Choimisiúin a chur i gcrích. Is faoi stiúir fhoriomlán an Stiúrthóra Gnóthaí Dlí a oibreoidh an Dlíodóir Dlíthíochta Sinsearach.
Bainisteoidh an sealbhóir poist nithe dlíthíochta ardriosca agus ardphróifíle thar ceann an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, lena n-áirítear imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, achomhairc reachtúla, agus dlíthíocht eile a bhaineann le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin. Agus an méid sin á dhéanamh aige/aici, rannchuideoidh an Dlíodóir Dlíthíochta Sinsearach le straitéis dlíthíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, i gcomhréir le creat rialachais an Choimisiúin um Chosaint Sonraí agus faoi threoir an Stiúrthóra Gnóthaí Dlí agus ar mhodh a bheidh ag teacht le cuspóirí rialála agus oibleagáidí dlí phoiblí an Choimisiúin.
De bhreis ar an sainchúram dlíthíochta sin, rannchuideoidh an Dlíodóir Dlíthíochta Sinsearach le hobair chomhairleach dlí ardleibhéil ar fud na heagraíochta, mar gheall ar shinsearacht an róil agus ar chineál comhtháite fheidhmeanna dlí an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Áireofar leis sin comhairle a thabhairt maidir leis an straitéis forfheidhmiúcháin, leis an gcinnteoireacht rialála agus leis an riosca dlíthiúil a bhaineann le nithe casta nó núíosacha, go háirithe i gcás go dtiocfaidh tosca dlíthíochta chun cinn nó gur dóigh dóibh teacht chun cinn.
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig dpcjobs@rsmireland.ie.:
Dáta Deiridh: 12 p.m. (meán lae), an 24 Meitheamh 2026.