Disclosures Log 2019

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Iarrataí Saorála Faisnéise ar Fhaisnéis Neamhphearsanta i rith 2019

De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá an CCS faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an CCS mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an CCS ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí.

Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an CCS de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta.

 

Dáta na hIarrata

Catagóir Iarrthóra

Achoimre ar an Iarraidh

An Bhreith a Thugadh

Dáta an Fhreagra

16/01/2019

Iriseoir

An méid iomlán a chaith an CCS ar chostais dlí maidir leis An gCás SCC in 2017 agus 2018.

Géilleadh don iarraidh

19/02/2019

18/02/2019

Grúpa Sainleasa

 

Iarraidh ar chóipeanna de gach iniúchadh inmheánach a cuireadh i gcrích in 2017, 2018 agus go dtí seo.

 

Géilleadh don iarraidh

15/03/2019

08/03/2019

Eile

 

Sceideal reatha coinneála an CCS mar atá i bhfeidhm ar an 8 Márta 2019.

 

Géilleadh don iarraidh

08/04/2019

03/04/2019

Grúpa Sainleasa

 

Iarraidh ar chóip de Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise an CCS.

 

Géilleadh don iarraidh

03/05/2019

05/05/2019

Grúpa Sainleasa

Iarraidh ar na sonraí uilig maidir le taisteal an CCS go Meiriceá Thuaidh in 2018 agus go dtí seo in 2019.

Géilleadh don iarraidh

04/06/2019

10/05/2019

Grúpa Sainleasa

Iarraidh ar an Loga Nochta is déanaí.

Géilleadh don iarraidh