Freedom of Information Disclosure Log 2017

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017

 

Dáta na hIarrata

Catagóir Iarrthóra

An Iarraidh

An Bhreith a

Tugadh

Dáta an

Fhreagra

26/1/2017

Grúpa Sainleasa

'Ba mhaith linn rochtain a iarraidh ar dhialann an Choimisinéara Dixon lenar clúdaíodh an tréimhse ó 2015 go 2017.'

Géilleadh don Iarraidh go Páirteach. Cuireadh díolúintí i bhfeidhm; Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme) agus alt 37(1)

22/2/2017

9/2/2017

Iriseoir

'Liosta de na cleachtóirí dlí seachtracha (aturnaetha/gnólachtaí dlí agus abhcóidí) a íocadh sa bhliain 2015 as seirbhísí a rinneadh thar ceann Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, lena n-áirítear ainm an chleachtóra, an tsuim a íocadh agus, nuair is féidir, cur síos ginearálta ar an obair a rinneadh.

Liosta de na cleachtóirí dlí seachtracha (aturnaetha/gnólachtaí dlí agus abhcóidí) a íocadh sa bhliain 2016 as seirbhísí a rinneadh thar ceann Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, lena n-áirítear ainm an chleachtóra, an tsuim a íocadh agus, nuair is féidir, cur síos ginearálta ar an obair a rinneadh.'

Eisíodh freagra lasmuigh den phróiseas saorála faisnéise

23/2/2017

9/2/2017

Eile

'Rochtain ar na taifid chúirte don chás leat atá os comhair na hArd-Chúirte faoi láthair, uimhir cháis 2016/4809P.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

1/3/2017

2/3/2017

Eile

'Na tuairiscí ar fad, an comhfhreagras ar fad (lena n-áirítear ríomhphoist agus litreacha) agus an meabhrán ar chreat na Scéithe Príobháidí. Is é an 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 1 Márta 2017 an raon dáta don iarraidh seo.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

16/3/2017

13/3/2017

Eile

'Iarrtar go n-eiseofaí an comhfhreagras ar fad idir d’oifig agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le híomhánna frithbhuscair TCI a shuiteáil ag Iostáin Frankfort anuraidh.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

16/3/2017

14/3/2017

Eile

'Cóip de "scéim foilsitheoireachta" saorála faisnéise an Choimisinéara Cosanta Sonraí'

Géilleadh don Iarraidh

16/3/2017

15/3/2017

Iriseoir

'Na hiniúchtaí go léir a rinneadh ar an úsáid atá bainte ag comhlachtaí stáit as an Acht Cumarsáide (Sonraí a Choimeád), 2011, ó rith an Achta go dtí an lá inniu.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

23/3/2017

14/4/2017

Grúpa Sainleasa

'Tabhair cóipeanna de na hiarrataí neamhphearsanta go léir dá dtagraítear sa tábla ar leathanach 40 de thuarascáil bhliantúil 2016. Tugaimid faoi deara go gceanglaítear an fhaisnéis sin a fhoilsiú i loga nochta saorála faisnéise Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, rud atá folamh faoi láthair.'

Géilleadh don Iarraidh

21/4/2017

 

 

Dáta na hIarrata

Catagóir Iarrthóra

An Iarraidh

An Bhreith a

Tugadh

Dáta an

Fhreagra

 

4/5/2017

 

Iriseoir

 

'An líon cásanna lena mbaineann baill foirne atá ag obair i ranna rialtais/comhlachtaí Stáit a sháraigh dlíthe cosanta sonraí chun cuardach a dhéanamh ar fhaisnéis phearsanta faoi dhaoine a bhfuil aithne phearsanta acu orthu. D’áireofaí leis sin ainm na Roinne/an Chomhlachta Stáit agus an líon teagmhas a bhí ann i ngach ceann de na cúig bliana is déanaí. Chomh maith leis sin, táim ag iarraidh an chineáil faisnéise ar rochtain gach duine aonair é i ngach cás i ngach ceann de na cúig bliana is déanaí. Sonraigh cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gur gearradh aon smachtbhannaí ar an duine aonair nó ar an bhfostóir mar thoradh ar gach sárú sonraí ar leith.'

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

Cuireadh faisnéis chúlra bhreise ar fáil.

 

12/5/2017

 

8/5/2017

 

Iriseoir

 

'An comhfhreagras ar fad idir an Coimisinéir nó a foireann agus Frances Fitzgerald, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, nó a roinn maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Ba cheart an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a chlúdach sa tréimhse ama.'

 

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

12/5/2017

8/5/2017

Iriseoir

'An comhfhreagras ar fad idir an Coimisinéir nó a foireann agus Facebook maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Na haighneachtaí go léir a chuir Facebook faoi bhráid an Choimisinéara maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Ba cheart an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a chlúdach sa tréimhse ama.'
 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

12/5/2017

8/5/2017

Iriseoir

'An comhfhreagras ar fad idir an Coimisinéir nó a foireann agus WhatsApp maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Na haighneachtaí go léir a chuir WhatsApp faoi bhráid an Choimisinéara maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Ba cheart an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a chlúdach sa tréimhse ama.'

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

12/5/2017

8/5/2017

Iriseoir

'An comhfhreagras ar fad idir an Coimisinéir nó a foireann agus Viber maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Na haighneachtaí go léir a chuir Viber faoi bhráid an Choimisinéara maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Ba cheart an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a chlúdach sa tréimhse ama.'

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

12/5/2017

8/5/2017

Iriseoir

'An comhfhreagras ar fad idir an Coimisinéir nó a foireann agus Yahoo maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Na haighneachtaí go léir a chuir Yahoo faoi bhráid an Choimisinéara maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Ba cheart an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a chlúdach sa tréimhse ama.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

12/5/2017

 

8/5/2017

 

Iriseoir

 

'An comhfhreagras ar fad idir an Coimisinéir nó a foireann agus Google maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Na haighneachtaí go léir a chuir Google faoi bhráid an Choimisinéara maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Ba cheart an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a chlúdach sa tréimhse ama.'

 

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

12/5/2017

 

8/5/2017

 

Iriseoir

 

'An comhfhreagras ar fad idir an Coimisinéir nó a foireann agus Microsoft maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Na haighneachtaí go léir a chuir Microsoft faoi bhráid an Choimisinéara maidir leis an dlí ar chumhachtaí imscrúdaitheacha i dtaca le cumarsáidí leictreonacha. Ba cheart an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a chlúdach sa tréimhse ama.'

 

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

12/5/2017

 

15/5/2017

 

Eile

 

'Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, iarrtar na taifid a bhaineann le haon imscrúdú a rinneadh ar chóras Orb Screen, lena n-áirítear scrúdú ar an gcód foinseach atá á úsáid, anailís smúrthachta paicéad ar an gcóras i mbun feidhme agus aon iniúchtaí eile is infheidhme, ach gan a bheith teoranta dóibh. Tuigim nach gcumhdaítear cáschomhaid leis an Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh d’Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Táim ag iarraidh na dtaifead riaracháin ina léirítear cá fhad a caitheadh ar na hiniúchtaí sin, cá mhéad duine a d’oibrigh orthu, cé na cáilíochtaí a bhí ag na daoine sin, cá mhéad a chosain an t-imscrúdú, agus faisnéis ábhartha eile.'

 

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

Cuireadh faisnéis chúlra bhreise ar fáil.

 

19/5/2017

 

18/5/2017

 

Iriseoir

 

  1. An líon teagmhas ina ndearnadh ionsaithe calaoise ríomhairebhunaithe in aghaidh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí i ngach ceann de na cúig bliana is déanaí. Táim ag iarraidh sonraí faoi chineál gach ionsaithe a rinneadh i ngach ceann de na cúig bliana is déanaí.

  2. Na mionsonraí go léir lena mbaineann aon airgead ar ghoid cibearchoirpigh é ó chuntais bhainc atá bainteach leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí mar thoradh ar gach ionsaí a rinneadh i ngach ceann de na deich mbliana is déanaí.

  3. Na mionsonraí go léir lena mbaineann aon sonraí íogaire a goideadh mar thoradh ar gach cibear-ionsaí a rinneadh i ngach ceann de na cúig bliana is déanaí. D’áireofaí leo sin mionsonraí i dtaca leis an gcineál sonraí a goideadh i ngach cás, agus cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gur aisghabhadh na sonraí ina dhiaidh sin.

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh: níl an fhaisnéis ar fáil.

 

31/5/2017

 

7/6/2017

 

Eile

 

'Iarraidh ar na taifid agus na doiciméid go léir ina leagtar amach agus ina mionsonraítear conas a dhéileálann Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus oifigigh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí le haighneachtaí a chuireann daoine den phobal faoi bhráid na hoifige agus le hiarrataí a dhéanann baill den fhiosrúchán poiblí ar sháruithe nó sáruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí'

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

Cuireadh faisnéis chúlra bhreise ar fáil.

 

Iarradh athbhreithniú inmheánach.

Seasadh leis an mbreith bhunaidh.

 

22/6/2017

 

 

 

 

 

 

 

31/7/2017

 

20/6/2017

 

Eile

 

'Cá mhéad ceann de na cásanna a bhí ann roimh an 1 Eanáir 2015 nach bhfuil réitithe go fóill i dtaca le hiarrataí ar cheart rochtana?'

 

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

 

22/6/2017

30/6/2017

Eile

'Liosta de na heagraíochtaí a bhfuil uimhreacha bosca OP acu.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

 

6/7/2017

25/7/2017

Eile

'An meán-aga a tógadh chun gearán a phróiseáil faoi alt 4 den Acht um Chosaint Sonraí do na blianta 2015 agus 2016 agus go dtí seo sa bhliain 2017.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi

alt 15(1)(a)

 

Iarradh athbhreithniú inmheánach.

Seasadh leis an mbreith bhunaidh.

9/8/2017

 

 

18/8/2017

21/8/2017

Iriseoir

  • An líon gearán faoi Facebook agus WhatsApp a seoladh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Iúil 2017 (dhá fhigiúr ar leith, le do thoil)

  • An líon ceisteanna faoi Facebook agus WhatsApp a seoladh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Iúil 2017 (dhá fhigiúr ar leith, le do thoil)

  • An líon foriomlán gearán a seoladh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Iúil 2017

  • 20 píosa gearán faoi shaincheisteanna príobháideachta Facebook ar sheol an pobal iad chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Iúil 2017

  • 20 píosa gearán faoi shaincheisteanna príobháideachta WhatsApp ar sheol an pobal iad chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Iúil 2017.

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

 

Cuireadh faisnéis chúlra bhreise ar fáil.

1/9/2017

 

30/8/2017

 

Iriseoir

 

'Tras-scríbhinní d’aon chomhfhreagras a bhí ann i mbliana idir d’oifig agus oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí agus idir d’oifig agus oifig an Aire Coimirce Sóisialaí i dtaca leis an gceanglas Cárta Seirbhísí Poiblí a úsáid chun íocaíochtaí leasa a éileamh.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme).

Cuireadh faisnéis chúlra bhreise ar fáil.

 

1/9/2017

26/9/2017

Iriseoir

  • An líon gearán faoi Google nó Gmail a seoladh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa 2017 (dhá fhigiúr ar leith, le do thoil)

  • Na gearáin go léir faoi shaincheisteanna príobháideachta Google a seoladh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa 2017

  • An líon iomlán gearán faoi shaincheisteanna príobháideachta a seoladh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa 2017.

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

 

11/10/2017

17/10/2017

Eile

'Tá SLM (Uimhir chuideachta: 585955) ina chuideachta margaíochta digití atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann agus atá i mbun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil. De réir an dlí, ceanglaítear ar an gcuideachta clárú leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí in Éirinn.  Rinne mé cuardach ar an gclár poiblí ar shuíomh Gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí ach nílim in ann teacht ar thagairt ar bith á lua gur chláraigh an chuideachta seo leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí in Éirinn.   Chuige sin, an bhféadfadh an Coimisinéir Cosanta Sonraí a dheimhniú cé acu a chláraigh nó nár chláraigh SLM (uimhir chuideachta: 585955) leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí in Éirinn?  Glac leis seo mar iarraidh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

 

26/10/2017

13/11/2017

Eile

'An bhféadfá a chur in iúl cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfuil easpa acmhainní mar chúis leis an moill ar bhreith a thabhairt? Más amhlaidh, tabhair sonraí faoin líon cásanna atá i riaráiste/a bhfuil breith le tabhairt orthu fós.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

 

17/11/2017

16/11/2017

Eile

'Cóip de na gearáin, de na ceisteanna nó den chomhfhreagras ar fad (agus freagraí orthu sin) a seoladh chuig d’oifig nó a seoladh uaithi i ndáil leis an gcóras TCI i nDamhliag agus i nDún Uabhair, Contae na Mí.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

 

23/11/2017

17/11/2017

Eile

'Ba mhaith liom rochtain a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar an gcomhfhreagras ar fad, ríomhphoist san áireamh, a bhí ann idir Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus Independent News and Media idir mí Eanáir 2017 agus an lá inniu maidir le sárú líomhnaithe sonraí.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

 

22/11/2017

22/11/2017

Iriseoir

'Cóipeanna den chomhfhreagras ar fad a fuair Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ó thrí chuideachta, mar atá Apple, Google agus Facebook, ón 1 Eanáir 2017 i leith agus cóipeanna de na meamraim nó na nótaí Aireachta a bhaineann le cruinnithe ar bith a reáchtáladh leis na trí chuideachta sin ó bhí an 1 Eanáir 2017 ann.'

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh faoi Sceideal 1, Cuid 1(f) (lasmuigh den raon feidhme)

 

30/11/2017

30/11/2017

Iriseoir

'An tsuim iomlán a chaith Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar chostais dlí sa bhliain 2017 go dtí seo.

 

An tsuim iomlán a chaith Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar chostais dlí sa bhliain 2016.

 

An tsuim iomlán a caitheadh ar chostais dlí a bhaineann le cásanna 'Max Schrems' san Ard-Chúirt sa bhliain 2017 agus miondealú ar an tsuim a íocadh le dlíodóirí ainmnithe.

 

An tsuim iomlán a caitheadh ar chostais dlí a bhaineann le cásanna 'Max Schrems' san Ard-Chúirt sa bhliain 2016 agus miondealú ar an tsuim a íocadh le dlíodóirí ainmnithe.

 

An tsuim iomlán a caitheadh ar chostais dlí a bhaineann le cásanna 'Max Schrems' san Ard-Chúirt go dtí seo agus miondealú ar an tsuim a íocadh le dlíodóirí ainmnithe.'

Géilleadh don Iarraidh

20/12/2017

 

Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis faoin gComhshaol le haghaidh Faisnéis Neamhphearsanta le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017

Dáta na hIarrata

Catagóir Iarrthóra

An Iarraidh

An Bhreith a

Tugadh

Dáta an

Fhreagra

21/9/2017

Grúpa Sainleasa

Tabhair an comhfhreagras, na miontuairiscí cruinnithe, na tuairiscí agus an fhaisnéis ar fad eile a bhaineann leis an teagmháil idir Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí/an Coimisinéir Cosanta Sonraí agus an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh maidir leis an Tionscadal um Méadrú Cliste.

Diúltaíodh géilleadh don iarraidh mar nach ionann na taifid agus faisnéis faoin gcomhshaol.

 

Iarradh athbhreithniú inmheánach.

Seasadh leis an mbreith bhunaidh.

15/11/2017

 

 

 

 

21/12/2017