An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

Comhlacht neamhspleách Eorpach is ea an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an Bord), a rannchuidíonn le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha cosanta sonraí ar fud an Aontais Eorpaigh agus a chuireann comhar chun cinn idir údaráis chosanta sonraí an Aontais. 

Tá an Bord comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis chosanta sonraí náisiúnta agus den Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Tá údaráis mhaoirseachta na Stát CSTE atá in LEE ina mbaill freisin den Bhord i ndáil le nithe a bhaineann leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Níl aon cheart acu chun vóta a chaitheamh ná chun go dtoghfaí mar chathaoirleach nó mar leaschathaoirleach iad. Ba leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a bunaíodh an Bord. Tá sé lonnaithe sa Bhruiséil. Tá sé de cheart ag an gCoimisiún Eorpach agus, i ndáil le nithe a bhaineann leis an Rialachán Ginearálta, ag Údarás Faireacháin CSTE páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus cruinnithe an Bhoird, ach níl aon cheart vótála acu.

Is é aidhm an Bhoird cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus na Treorach Eorpaí maidir le Cosaint Sonraí chun críocha Forghníomhaithe Dlí a áirithiú san Aontas Eorpach.

Féadfaidh an Bord treoir ghinearálta a ghlacadh chun téarmaí na ndlíthe Eorpacha cosanta sonraí a shoiléiriú, agus léiriú comhsheasmhach á thabhairt dár ngeallsealbhóirí ar a gcearta agus a n-oibleagáidí.

Tugtar de chumhacht don Bhord leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí freisin cinntí a dhéanamh atá ceangailteach ar údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar mhaithe le cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú.

An 25 Bealtaine 2018, d’fhormhuinigh an Bord an treoir ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ar chuir Meitheal Oibre Airteagal 29 í ar fáil roimhe sin. Tá an Bord ag forbairt treoir bhreise freisin.