Leideanna Cosanta Sonraí le haghaidh Físchomhdháil

03rd Mí Aibreán 2020

Cé go bhfuil méadú tagtha le déanaí ar chianobair, de bharr na bearta maolaithe COVID-19, agus go bhfuil níos mó daoine ag coinneáil i dteagmháil ar líne le cairde agus teaghlach, tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine ag glacadh páirt i bhfíschomhdháil agus físchomhrá. Mar thoradh ar seo, tá daoine ag baint úsáid as aipeanna agus seirbhísí nár úsáid said riamh, nó tá siad ag baint úsáid astu ar chúiseanna difriúla – mar shampla, ag úsáid aip le haghaidh cuspóirí pearsanta nuair a usáideann tú í le haghaidh cuspóirí oibre de ghnáth nó a mhalairt.

Léiríodh imní faoi conas úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí seo le coinneáil i dteagmháil le comhghleacaithe agus daoine muinteartha i mbealach atá slán agus sábháilte, agus a chinntíonn caighdeán sásúil cosanta sonraí.

Anseo tá roinnt leideanna a chabhróidh le daoine aonair agus eagraíochtaí (mar shampla, fostóirí a bhféadfadh leo socruithe nua nó méadaithe a thabhairt isteach d’fhostaithe) na seirbhísí seo a úsáid i mbealach sábháilte.

 

Leideanna do Dhaoine Aonair

  • Bí cinnte go bhfuil na nuashonruithe riachtanacha, ar nós nuashonruithe córais oibriúcháin (cosúil le iOS nó android) agus nuashonruithe bogearraí/frithvíris suiteáilte ar an ngléas a úsáideann tú le haghaidh físchomhrá (agus cinntigh go bhfuil bogearraí frithvíris/slándála ar líne air ar dtús).
  • Déan iarracht úsáid a bhaint as seirbhísí a bhfuil aithne agat orthu agus a bhfuil muinín agat astu, a rinne tú roinnt taighde orthu, agus/nó a bhfuil seiceáilte agus molta ag d’fhostóir, srl., le haghaidh físchomhdháil nó físchomhrá.
  • Tóg roinnt ama le polasaí príobháideachais nó polasaí cosanta sonraí na seirbhíse a léamh chun a bheith cinnte leis a roinntear do shonraí pearsanta, cén áit a stórálfar nó a phróiseálfar iad, agus cén cuspóirí ar a n-úsáidfear iad, i measc faisnéise eile.
  • Smaoinigh arís ar cén ceadanna le haghaidh sonraí nó braiteoirí a bhfuil á lorg uait: An gá duit i ndáiríre do shuíomh nó do liosta teagmhálaithe a roinnt, mar shampla? Cad chuige a n-úsáidfear na sonraí sin?
  • Mura bhfuil an fhaisnéis cosanta sonraí nó príobháideachais sásúil, nó má iarrfar an iomarca faisnéise nó rochtana ar do ghléas, ba cheart duit bheith airdeallach ar shonraí pearsanta a roinnt leis an tseirbhís seo, agus b’fhéidir nár mhiste duit bearta breise a dhéanamh, nó cuimhneamh ar sheirbhís eile.
  • Cinntigh go n-úsáidtear do ghléas in áit sábháilte, mar shampla, coinnigh súil ar cad (nó cé) is féidir a fheiceáil ó do cheamara, agus bí cinnte go logálann tú amach, nó go múchann tú an fhuaim nó an físeán, de réir mar is cuí, nuair a fhágann tú nó nuair a ghlacann tú sos.
  • Cuimhnigh ar chearta cosanta sonraí agus príobháideachais daoine eile sular ndéanann tú pictiúr nó físeán d’fhíschomhrá a phostáil nó a roinnt ina bhfuil íomhá, guth agus/nó sonraí teagmhála a bhaineann leo.
  • Léigh ár leideanna ginearálta maidir le fanacht sábháilte ar líne le linn paindéim.

 

Leideanna d’Eagraíochtaí

  • Ba cheart d’fhostaithe úsáid a bhaint as na soláthruithe seirbhíse atá ar conradh le haghaidh cumarsáid oibre. Nuair a iarrann tú orthu seirbhísí áirithe a úsáid, bí cinnte go bhfuil tú sásta le gnéithe príobháideachais agus slándála na seirbhísí sin. Níor cheart spreagadh go mbainfidh daoine aonair úsáid as aipeanna nó seirbhísí ar bhonn ad hoc.
  • Déan iarracht a chinntiú go mbaineann fostaithe úsáid as cuntais, seolta ríomhphoist, uimhreacha fóin, srl. tiomnaithe don obair, nuair is féidir, d’fhíschomhdháil oibre, chun nach mbaileofar a gcuid sonraí teagmhála pearsanta nó sonraí meán sóisialta gan ghá.
  • Bí cinnte go dtugtar polasaithe agus treoirlínte eagraíochtúla a bhfuil soiléir, intuigthe agus suas chun dáta do na daoine a bhfuil ag baint úsáid as físchomhdháil, go dtí go dtuigfidh siad na rialacha le leanúint agus na bearta le déanamh chun rioscaí cosanta sonraí a laghdú. I measc na dtreoirlínte seo, ba cheart go mbeadh faisnéis faoi na srianta atá sna seirbhísí agus a bhfuil ar fáil dóibh chun a slándáil, sonraí agus cumarsáid a chosaint.
  • Cuir srianta iomchuí slándála i bhfeidhm, nó iarr ar d’fhostaithe iad a chur i bhfeidhm. Sampla de na srianta seo ná srianta rochtana (ar nós fíordheimhniú ilfhachtóra agus pasfhocail láidre uathúla), agus níor cheart iad a úsáid nó sonraí a roinnt ach amháin nuair is gá leis.
  • Nuair is gá seirbhísí físchomhdhála a úsáid ar chúiseanna eagraíochtúla, bíodh polasaí seasmhach agat maidir le cén seirbhísí a n-úsáidtear agus conas a n-úsáidtear iad, agus cuir na seirbhísí ar fáil trí VPN nó cianrochtain líonra nuair is féidir.
  • Fan glan ar shonraí cuideachta, suíomhanna cáipéise nó hipearnaisc a roinnt in aon comhshaoráid comhrá a bhféadfadh bheith poiblí, mar d’fhéadfadh go bpróiseálfar iad ag an tseirbhís nó ag an ngléas i mbealaí nach bhfuiil sábháilte.
  • Léigh ár dtreoir maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta agus tú ag Obair ó Chian agus ár dtreoir ar shlándáil sonraí agus bí cinnte go ndéanfar na pointe ann soiléir d’fhostaithe.