Treoir do Rialaitheoirí ar Shlándáil Sonraí

Bíonn ag méadú i gcónaí ar an méid sonraí pearsanta a shealbhaíonn rialaitheoirí sonraí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon faoi dhaoine aonair. Ceann de na príomhchúiseanna leis sin is ea an laghdú atá tagtha ar an gcostas a bhaineann le stóráil agus próiseáil leictreonach. Chomh maith leis seo, bíonn eagraíochtaí ag seachfhoinsiú a bpróiseála sonraí níos mó agus níos mó chuig próiseálaithe tríú páirtithe chun tabhairt fúithi thar a gceann. Leanann a lán eagraíochtaí le méideanna móra sonraí pearsanta a shealbhú i bhfoirm láimhe chomh maith – agus is minic a shealbhaítear na sonraí sin as an láithreán. Ullmhaíodh an treoir seo a leanas chun cabhrú le rialaitheoirí agus próiseálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le slándáil na sonraí pearsanta a phróiseálann siad.

Treoir do Rialaitheoirí ar Shlándáil Sonraí - Treoirnóta iomlán