An ceart go gcuirfí i gceart

(Airteagail 16 & 19 den GDPR)

Má tá do chuid sonraí pearsanta míchruinn, tá sé de cheart agat go mbeidh na sonraí ceartaithe, ag an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí.

Má tá do chuid sonraí pearsanta neamhiomlán, tá an ceart agat sonraí a bheith comhlánaithe, lena n-áirítear trí fhaisnéis fhorlíontach a sholáthar.

Tá srian leis an gceart go gcuirfí i gceart i gcúinsí airithe faoi Alt 60 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, a forálann do srianta a bhfuil riachtanach do chuspóirí tábhachtacha ar leas an phobail, agus le hAlt 32 den Acht a iarrann cothromaíocht a aimsiú idir an gceart go gcuirfí i gceart agus an ceart chun saoirse cainte agus faisnéise. Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le srian le cearta a fháil anseo.