Imní a ardú leis an gCoimisiún

I saol an ghnó sa lae inniu, tá formhór na n-eagraíochtaí an-dáiríre faoi chosaint sonraí, agus réitítear an chuid is mó de cheisteanna gan imní a ardú leis an gCoimisiún. Mar sin féin, má rinne tú teagmháil le heagraíocht maidir le himní sonraí pearsanta, ag teacht leis an treoir atá ar fáil inár rannán ‘Bí ar an eolas faoi do chearta’, agus má tá tú míshásta leis an toradh, is féidir leat an t-ábhar a ardú leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí tríd ár bhfoirm ar líne.

D’úsáideoirí a bhfuil cúnamh breise uathu chun ár seirbhísí a úsáid, tabharfaidh ár bhfaisnéis rochtana comhairle duit ar na bealaí inar féidir linn tacú le do cheist.

D’fhéadfadh an Coimisiún cineálacha áirithe fianaise a iarraidh ort maidir le do cheist.