Imní a ardú – fianaise a d’fhéadfadh bheith de dhíth ón DPC

Iarratais Rochtana

Is ann do 3 chineál de ghearán faoi iarratas rochtana:

  • easpa freagra ar iarratas rochtana
  • freagra neamhiomlán ar iarratas rochtana
  • díolúintí maidir le siarchoinneáil sonraí á gcur i bhfeidhm go mícheart

Easpa freagra ar iarratas rochtana

 Dá mba mhian leat gearán a dhéanamh faoi rialaitheoir sonraí a dteipeann air/uirthi freagra a thabhairt ar d´iarratas rochtana teastaíonn an méid seo a leanas uainn:

  • cóip den iarratas rochtana
  • cead sínithe uait nuair a rinne dlíodóir/ionadaí an teagmháil
  • litir mheabhrúcháin a cuireadh chuig an rialaitheoir sonraí
  • aon chomhfhreagras ábhartha eile faoin gceist, mar shampla, más rud é gur lorg an rialaitheoir sonraí cruthúnas faoi do chéannacht, fianaise gur sholáthair tú an méid sin

 Freagra neamhiomlán ar iarratas rochtana

Má chreideann tú nár thug rialaitheoir sonraí freagra iomlán ar d´iarratas rochtana, teastaíonn an méid seo a leanas uainn:

  • cóip den iarratas rochtana
  • cead sínithe uait nuair a rinne dlíodóir/ionadaí an teagmháil
  • cóip den litir a cuireadh chuig an rialaitheoir sonraí a thugann breac-chuntas ar na sonraí sonracha pearsanta nár soláthraíodh
  • aon fhianaise atá agat gurb ann do na sonraí pearsanta faoi thrácht
  • aon chomhfhreagras ábhartha eile faoin gceist

 Díolúintí atá á n-úsáid chun sonraí a shiarchoinneáil ar féidir go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm go mícheart

Má chreideann tú go bhfuil eagraíocht ag siarchoinneáil sonraí trí dhíolúintí a chur i bhfeidhm ar bhealach mícheart, teastaíonn an méid seo a leanas uainn:

  • cóip den iarratas rochtana
  • cead sínithe uait nuair a rinne dlíodóir/ionadaí an teagmháil
  • cóip den litir a cuireadh chuig an rialaitheoir sonraí, ag lorg mínithe maidir le húsáid na ndíolúintí in éineacht le haon fhreagra a fuarthas ón rialaitheoir sonraí
  • do chuid tuairimí i scríbhinn maidir leis an bhfáth nach bhfuiltear ag cur i bhfeidhm ar bhealach bailí na díolúintí sin a bhfuil an rialaitheoir sonraí ag brath orthu
  • aon chomhfhreagras ábhartha eile

Margaíocht Dhíreach

Má bhaineann do ghearán le fáil margaíochta dírí nár iarradh gan toiliú, teastaíonn an méid seo a leanas uainn:

  • an seoladh ríomhphoist/an uimhir ghutháin/an uimhir facs ar cuireadh an t-ábhar margaíochta chuige
  • deimhniú maidir le cé hé do sholáthróir seirbhíse teileafóin
  • sonraí maidir le cén áit is ar eisíodh an mhargaíocht (ainm an rialaitheora shonraí chomh maith leis an seoladh ríomhphoist/an uimhir theileafóin ónar eisíodh í)
  • cóip den ábhar margaíochta a fuarthas:
    • i gcás glao ghutháin soláthair dáta agus am an ghlao in éineacht le sonraí an táirge sin a ndearna an glaoiteoir iarracht margaíocht a dhéanamh duit faoi;
    • i gcás ríomhphoist soláthair cóip den ríomhphost iomlán a fuarthas, faisnéis cheanntáisc agus bhuntáisc san áireamh;
    • i gcás teachtaireachta téacs seat scáileáin den teachtaireacht nó mar rogha air sin an téacs iomlán a scríobh amach, agus an dáta agus an t-am ar cuireadh í á lua agat
  • sonraí faoi iarrachtaí a rinne tú rogha an diúltaithe a bheith agat maidir le hábhar nó glaonna margaíochta a fháil ón rialaitheoir sonraí

Gach gearán eile

I gcás gach gearáin eile teastaíonn an méid seo a leanas uainn:

  • sonraí faoin gceist shonrach chosanta sonraí atá á cur in iúl agat
  • cead sínithe uait nuair nuair a rinne dlíodóir/ionadaí an teagmháil
  • fianaise, i bhfoirm dhoiciméad, le tacú leis an líomhain atá á déanamh
  • cóip den chomhfhreagras ábhartha a malartaíodh leis an rialaitheoir sonraí faoin gceist