Reachtaíocht um Chosaint Sonraí
Príomhchreatlacha reachtaíochta faoi Chosaint Sonraí a bhfuil feidhm leo ó 25 Bealtaine 2018
Faigheann an DPC a údarás rialála chun cearta daoine ar chosaint sonraí a chosaint ó roinnt creatlach reachtaíochta. Tá eolas maidir leis an bpríomhreachtaíocht agus treoir maidir le feidhmiú na dlithe achoimrithe thíos:
Ó 25 Bealtaine 2018 is iad seo a leanas na príomhchreatlacha reachtaíochta:
- an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) (Rialachán (AE) 2016/679)
- an tAcht um Chosaint Sonraí 2018
- An "Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí” (Treoir (AE) 2016/680) a rinneadh a thrasuíomh go dlí na hÉireann trí mheán an Achta um Chosaint Sonraí 2018
- na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003
- “Rialacháin e-Príobháideachais” 2011 (I.R. Uimh. 336 ó 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí maidir le Cumarsáidí Leictreonacha) (Príobháideachas agus Cumarsáidí Leictreonacha) Rialacháin 2011)
Baineann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) ó 25 Bealtaine 2018. Baineann sé go ginearálta le próiseáil sonraí pearsanta san AE, ag leagan amach dualgais níos leitheadaí faoi rialaitheoirí agus faoi phróiseálaithe sonraí, agus ag soláthar cosaintí treisithe do na daoine is ábhar do na sonraí. Cé go bhfuil an GDPR infheidhmithe go díreach mar dhlí i ngach Ballstát, ceadaíonn sé go dtabharfaí tuilleadh éifeachta do cheisteanna áirithe sa dlí náisiúnta. In Éirinn, is é an dlí náisiúnta a thugann, i measc rudaí eile, tuilleadh éifeachta leis an GDPR, ná an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.
I gcásanna áirithe, áfach, ag brath ar nádúr agus ar chúinsí phróiseáil na sonraí pearsanta, cineál na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil, nó cén uair a tharla an cheist chosanta sonraí, ní bheidh feidhm leis an GDPR agus ina áit sin is féidir go mbeidh feidhm le creatlach dhlí eile a bhaineann le rialú phróiseáil sonraí pearsanta. Mar shampla, má bhaineann gearán cosanta sonraí nó sárú féideartha ar an dlí le teagmhas a tharla sula raibh feidhm leis an GDPR ar 25 Bealtaine 2018, ansin beidh leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 – 2003, agus ní leis an GDPR. Tar éis 25 Bealtaine 2018, má chuirtear próiseáil sonraí pearsanta i gcrích do chuspóir forfheidhmithe dlí (i bhfocail eile, cosc, imscrúdú, aimsiú nó ionchúiseamh ciona choiriúil nó cur i bhfeidhm pionós coiriúil) ansin ní bheidh feidhm leis an GDPR agus ina áit sin beidh feidhm leis an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, a rinneadh a thrasuíomh go dlí na hÉireann trí mheán an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tugtar achoimre an-ghonta de na príomhchreatlacha cosanta sonraí, a ndéanfaidh an GDPR maoirseacht orthu agus a fhorfheidhmeoidh sé ó 25 Bealtaine 2018 ar aghaidh, sa tábla thíos:
Tugtar an fhaisnéis seo mar threoir amháin, agus ní comhairle dlí ná anailís dlí atá inti. Tá seo suas-chun-dáta ag 24.05.2018. Cliceáil anseo chun eolas a fháil maidir lenár struchtúr cinnteoireachta agus conair cáis