Fiosrúchán maidir le MOVE (Men Overcoming Violence) Éireann

(IN-20-7-1)

Dáta an Chinnidh: 20 Lúnasa 2021

Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán maidir le shárú ar shonraí pearsanta a chuir MOVE in iúl don DPC an 3 Feabhra 2020. Is carthanas cláraithe é MOVE, a oibríonn sa raon foréigin teaghlaigh, agus é mar phríomhaidhm leis tacú le sábháilteacht agus folláine ban agus a gcuid leanaí atá nó a bhí ag fulaingt foréigin/drochíde i ndlúthchaidreamh. Déanann MOVE sin trí ghrúpsheisiúin sheachtainiúla a éascú d’fhir (rannpháirtithe) a bhfuil áisitheoir páirteach iontu chun na fir a spreagadh freagracht a ghlacadh as a gcuid bhforéigin agus chun a meon agus iompar a athrú. Baineann an sárú ar shonraí pearsanta le hocht gCárta SD déag a cailleadh a bhféadfaí go raibh taifid orthu de ghrúpsheisiúin chlár MOVE, taifid de rannpháirtithe ag déanamh cur síos le háisitheoir ar a gcuid iompair agus meoin maidir le foréigean teaghlaigh. Cé gur dhírigh na taifid de na ghrúpsheisiúin ar na háisitheoirí ag seachadadh na seisiún, d’fhéadfaí go bhfuil cuid de na rannpháirtithe le feiceáil agus le cloisteáil sna taifid; ina theannta sin áirítear ar na sonraí pearsanta ar na Cártaí SD na rannpháirtithe ag nochtadh iompar, tuairimí agus dearcthaí i leith a bpáirtí reatha nó iarpháirtíthe dá gcuid, daoine muinteartha eile agus cairde, agus d’fhéadfaí go bhfuil ainmneacha na ndaoine sin tugtha ag na rannpháirtithe. Mhaígh MOVE go bhféadfadh tionchar a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta ar idir 80 agus 120 fear, agus, ar ar a laghad áisitheoir amháin in aghaidh gach seisiún a taifeadadh.

  • De réir an chinnidh, sháraigh MOVE Airteagail 5(1)(f) agus 32(1) den GDPR nuair nár cuireadh bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm ar mhaithe le leibhéal slándála cuí a chinntiú i leith an riosca a chuir próiseáil trí ghrúpsheisiún a thaifeadadh ar Chártaí SD ina raibh sonraí pearsanta rannpháirtithe agus áisitheoirí i láthair.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm:

  • Eisíodh, leis an gcinneadh, iomardú do MOVE maidir leis na sáruithe.
  • Ordaíodh leis an gcinneadh do MOVE a chuid próiseála maidir le grúpsheisiúin a thaifeadadh ar Chártaí SD a chur ar bhonn comhlíonta le hAirteagail 5(1)(f) agus 32(1) den GDPR.
  • Forchuireadh leis an gcinneadh fíneáil riaracháin €1,500 ar MOVE maidir leis na sáruithe.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): MOVE Éireann Lúnasa 2021 (PDF, 649 KB).