Fiosrúchán ar LinkedIn Ireland Unlimited Company - Deireadh Fomhair 2024
(IN-18-08-3)
Dáta an Chinnidh: An 22 Deireadh Fómhair 2024
Baineann an Cinneadh le Fiosrúchán a rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar LinkedIn Ireland Unlimited Company (LinkedIn), rialaitheoir sonraí a bhfuil a phríomhbhunaíocht in Éirinn aige. Baineann an Cinneadh le fiosrúchán gearánbhunaithe a tosaíodh an 20 Lúnasa 2018, ag teacht sna sála ar ghearán a rinne La Quadrature du Net, eagraíocht neamhbhrabúis Fhrancach (an Gearán).
Rinneadh an gearán ar dtús le hÚdarás Cosanta Sonraí na Fraince, thar ceann ábhair sonraí dá ndearnadh difear de bhun Airteagal 80(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus a tarchuireadh ina dhiaidh sin chuig an gCoimisiún mar phríomhúdarás maoirseachta do LinkedIn. Maíodh sa Ghearán gur phróiseáil LinkedIn sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leis na hábhair sonraí le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe, gan bunús dlí bailí a bheith aige agus ar bhealach éagothrom neamh-thrédhearcach.
Thosaigh an Coimisiún fiosrúchán reachtúil (an Fiosrúchán) an 20 Lúnasa 2018 chun an dóigh ar chomhlíon LinkedIn Airteagail 5(1)(a), 6(1), 13(1)(c), 13(1)(d), 14(1)(c) agus 14(2)(b) RGCS a scrúdú. Tosaíodh an fiosrúchán de bhun alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (Acht 2018).
Achoimre ar Chinntí
Thángthas ar na conclúidí seo a leanas sa Chinneadh:
- Ní raibh LinkedIn in ann a bheith ag brath go bailí ar Airteagal 6(1)(a) RGCS chun sonraí tríú páirtí a bhall a phróiseáil le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe, gan anailísíocht a áireamh, ar an mbonn nach raibh an toiliú a bhfuair LinkedIn é tugtha faoi shaoirse, sonrach nó feasach go leordhóthanach ná gan athbhrí.
- Ní raibh LinkedIn in ann a bheith ag brath go bailí ar Airteagal 6(1)(f) RGCS le haghaidh na próiseála a rinne sé ar shonraí pearsanta céadpháirtí a bhall le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe nó ar shonraí tríú páirtí le haghaidh anailísíochta.
- Ní raibh LinkedIn in ann a bheith ag brath go bailí ar Airteagal 6(1)(b) RGCS chun sonraí céadpháirtí a bhall a phróiseáil le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe.
- Sháraigh LinkedIn Airteagail 13(1)(c) agus 14(1)(c) i ndáil leis an bhfaisnéis a sholáthair sé d’ábhair sonraí maidir leis an méid a bhí sé ag brath ar Airteagal 6(1)(a), Airteagal 6(1)(b) agus Airteagal 6(1)(f) mar bhunúis dhleathacha.
- Sháraigh LinkedIn prionsabal na cothroime in Airteagal 5(1)(a) RGCS.
Bearta Ceartaitheacha
Faoi alt 113(4)(a) d’Acht 2018, is amhlaidh, i gcás go nglacann an Coimisiún cinneadh (de réir alt 113(2)(b)), nach mór dó freisin cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart cumhacht cheartaitheach a fheidhmiú i ndáil leis an rialaitheoir nó an phróiseálaí lena mbaineann agus, dá mba cheart, ní mór dó cinneadh a dhéanamh ar an gcumhacht cheartaitheach atá le feidhmiú. Leagtar amach in Airteagal 58(2) RGCS na cumhachtaí ceartaitheacha a fhéadfaidh údaráis mhaoirseachta a fheidhmiú i ndáil le neamhchomhlíonadh ag rialaitheoir nó ag próiseálaí.
Tar éis dó na sáruithe a luadh sa Chinneadh a bhreithniú go cúramach, chinn an Coimisiún cumhachtaí ceartaitheacha áirithe a fheidhmiú de réir alt 115 d’Acht 2018 agus de réir Airteagal 58(2) RGCS. Ba iad seo na cumhachtaí ceartaitheacha a chinn an Coimisiún a bheith cuí chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sna himthosca ar leith:
- Iomardú a eisiúint chuig LinkedIn i ndáil lena sháruithe ar RGCS a luadh sa Chinneadh (i.e., Airteagail 5(1)(a), 6(1), 13(1)(c) agus 14(1)(c) RGCS).
- Ordú a fhorchur ar LinkedIn a phróiseáil a chur i gcomhréir le RGCS. Leis an ordú sin:
- ceanglaítear, ar an gcéad dul síos, ar LinkedIn an Beartas Príobháideachta uaidh a thabhairt i gcomhréir le hAirteagail 13(1)(c) agus 14(1)(c) RGCS maidir le faisnéis a sholáthraítear faoi shonraí a phróiseáiltear de bhun Airteagal 6(1)(a), 6(1)(b) agus 6(1)(f) RGCS, má leanann LinkedIn le bheith ag brath ar na bunúis dhleathacha sin le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe agus le haghaidh anailísíochta;
- ceanglaítear, ar an dara dul síos, ar LinkedIn an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an phróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 6(1) RGCS, go háirithe, an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na cinntí sa Chinneadh nach raibh LinkedIn ag brath go bailí ar Airteagal 6(1)(a), 6(1)(b) agus 6(1)(f) RGCS chun an phróiseáil shainaitheanta a dhéanamh.
- Trí fhíneáil riaracháin dar luach iomlán €310 milliún a bhí éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur mar a leanas:
- Fíneáil €105 mhilliún maidir le brath LinkedIn ar an mbunús dleathach in Airteagal 6(1)(a) RGCS, agus maidir le sáruithe LinkedIn ar Airteagail 5(1)(a) agus 6(1) RGCS as sonraí tríú páirtí a bhall a phróiseáil le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe gan bunús dleathach bailí.
- Fíneáil €110 milliún maidir le brath LinkedIn ar na bunúis dhleathacha in Airteagail 6(1)(b) agus 6(1)(f) RGCS, agus maidir le sáruithe LinkedIn ar Airteagail 5(1)(a) agus 6(1) RGCS as sonraí céadpháirtí a bhall a phróiseáil le haghaidh anailís iompraíochta agus fógraíocht spriocdhírithe agus as sonraí tríú páirtí a phróiseáil le haghaidh anailísíochta gan bunús dleathach bailí.
- Fíneáil €95 mhilliún maidir le sáruithe LinkedIn ar Airteagail 13(1)(c) RGCS agus 14(1)(c) RGCS.
Níor fhorchuir an Coimisiún fíneáil leithleach as an sárú ar phrionsabal na cothroime de chuid Airteagal 5(1)(a) RGCS in imthosca ina raibh an sárú bunaithe ar iompar ar chuir an Coimisiún san áireamh é go hiomlán cheana féin le linn fíneálacha riaracháin leithleacha a fhorchur.
Sular glacadh é, chuir an Coimisiún dréacht den chinneadh uaidh faoi bhráid na nÚdarás Maoirseachta lena mbaineann i mí Iúil 2024, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 60(3) RGCS. Níor tharraing na hÚdaráis Mhaoirseachta lena mbaineann aon agóidí (chun críche Airteagal 60(4) RGCS) in aghaidh an dréachtchinnidh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil:
- Achoimre ar an Dréacht-Chinneadh ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí (PDF, 383 KB).
- Is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Inquiry into LinkedIn Ireland Unlimited Company - October 2024 (PDF, 1.8 MB).