Fiosrúchán maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta

(IN-20-04-01)

Dáta an Chinnidh: 2 Nollaig 2021

Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chur an Chomhairle Mhúinteoireachta (an Chomhairle) in iúl don DPC ar an 9 Márta 2020. Is í an Chomhairle an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht, agus is é an cuspóir atá aici ná caighdeáin ghairmiúla na gairme a chur chun cian agus a rialáil.

Tharla an sárú ar shonraí pearsanta nuair a d’oscail beirt d’fhoireann na Comhairle ríomhphost fioscaireachta, rud a lig ansin do riail inar seoladh ríomhphoist ar aghaidh go huathoibríoch óna gcuntais ríomhphoist chuig cuntas ríomhphoist mailíseach. Dá bharr sin, idir an 17 Feabhra 2020 agus an 6 Márta 2020 nuair a thángthas ar an riail uathoibríoch, seoladh 323 ríomhphost ar agaidh go dtí an seoladh ríomhphoist seachtrach neamhúdaraithe. Sna ríomhphoist seo bhí sonraí pearsanta de chuid 9,735 ábhar sonraí agus sonraí pearsanta íogaire d’ábhar sonraí amháin.

  • Chinn an cinneadh gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) den GDPR idir an 25 Bealtaine 2018, nuair a tháinig an GDPR i bhfeidhm, agus dátaí na sáruithe ar shonraí pearsanta, trí mhainneachtain sonraí pearsanta a phróiseáil i mbealach a chinntigh slándáil na sonraí pearsanta trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla.
  • Chinn an cinneadh gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 33(1) den GDPR mar gheall nár chuir sí an sárú/na sáruithe a chur in iúl don DPC nuair ba cheart di bheith ar an eolas fúthu.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmíodh:

  • Ghearr an cinneadh fineáil riaracháin ar an gComhairle san iomlán €60,000 maidir leis na sáruithe.
  • D’eisigh an cinneadh iomardú don Chomhairle maidir leis an sáruithe.
  • Le machnamh cuí ar na bearta a chur an Chomhairle i bhfeidhm roimhe seo ó tharla an sárú ar shonraí pearsanta agus le linn an fhiosrúcháin, tugadh an dáta 2 Meitheamh 2022 don Chomhairle chun a cuid oibríochtaí próiseála a chur i gcomhlíonadh le hAirteagail 5(1) agus 32(1) den GPDR

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Fiosrúchán maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta Nollaig 2021 (PDF, 1,124 KB).