Fiosrúchán ar Apple Distribution International Limited - Márta 2024

Dáta an Chinnidh: 7 Márta 2024

An 7 Márta 2024, tar éis fiosrúchán maidir le gearán a fuarthas in aghaidh Apple Distribution International Limited (Apple), ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cinneadh.

Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán an 2 Samhain 2022 de bhun gearán a fháil á rá nár thug Apple éifeacht do chearta an Ghearánaigh agus nár chomhlíon sé go cuí na hoibleagáidí atá air faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Mhaígh an Gearánach gur mhainnigh Apple an iarraidh léirscriosta a chuir sé isteach a chomhlíonadh go cuí agus gur choinnigh Apple sonraí pearsanta áirithe go neamhdhleathach, go háirithe a sheoladh ríomhphoist.

Rinne an Gearánach iarraidh léirscriosta chuig Apple i ndáil lena aitheantas ar chóras Apple an 3 Márta 2019. Dheimhnigh Apple don Ghearánach ar an dáta céanna go raibh sé ag láimhseáil na hiarrata léirscriosta ar a aitheantas a scriosadh. Leagadh amach sa deimhniú sin go dtarlódh sé, nuair a scriosfaí an cuntas, go scriosfaí go buan freisin na sonraí a bhí stóráilte le Apple. Níor chuir Apple an Gearánach ar an eolas nuair a bhí an iarraidh léirscriosta á próiseáil go gcoinneodh sé luach haiseáilte dá sheoladh ríomhphoist.

Mhaígh Apple gur choinnigh sé luach haiseáilte de sheoladh ríomhphoist an Ghearánaigh ar an mbonn gur ghá an phróiseáil a dhéanamh ar mhaithe lena leasanna dlisteanacha. Áiríodh iad seo a leanas leis na leasanna sin: a léiriú go bhfuil sé ag comhlíonadh na hoibleagáidí slándála atá air faoi Airteagal 32 RGCS; athchúrsáil ainmspásanna ag úsáideoirí a chosc; a chuid úsáideoirí a chosaint ar chalaois agus ar sháruithe slándála ag tríú páirtithe; agus a léiriú gur chomhlíon sé an iarraidh ó úsáideoir a aitheantas ar chóras Apple a scriosadh. Luaigh Apple go bhfuil tréimhsí coinneála níos faide faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla, agus go ndéantar athbhreithnithe tréimhsiúla ar a chleachtais choinneála.  Dúirt Apple leis an gCoimisiún go ndeachaigh sé i dteagmháil lena fhoirne slándála agus innealtóireachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tréimhse le haghaidh seoltaí ríomhphoist haiseáilte a scriosadh ag am socraithe ar leith, agus chuir sé an Coimisiún ar an eolas faoi thionscadal ar chuir sé tús leis ina leith sin.

Bhain raon feidhme an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Apple le luach haiseáilte a choinneáil de sheoladh ríomhphoist an Ghearánaigh tar éis iarraidh léirscriosta a phróiseáil de bhun Airteagal 17 RGCS;
  • An tréimhse ar ar a feadh a bhí sé beartaithe ag Apple luach haiseáilte a choinneáil de sheoladh ríomhphoist an Ghearánaigh;
  • Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Apple ceanglais Airteagail 12(1) agus 17(1) RGCS nuair a phróiseáil sé an iarraidh léirscriosta ón nGearánach;
  • Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Apple prionsabal na trédhearcachta agus an prionsabal um fhaisnéis a sholáthar i ndáil le fógra a thabhairt don Ghearánach gur coinníodh luach haiseáilte dá sheoladh ríomhphoist tar éis an iarraidh léirscriosta uaidh a phróiseáil.

Ós rud é gurbh ionann an phróiseáil a bhí i gceist agus próiseáil “trasteorann”, bhí an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir an tsásra comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach in Airteagal 60 RGCS agus, de bhun Airteagal 60(3) RGCS, chuir an Coimisiún an dréachtchinneadh uaidh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta lena mbaineann.

Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus tar éis teacht ar chomhaontú leo, ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh de réir Airteagal 60(7) RGCS.

Tar éis an gearán in aghaidh Apple a imscrúdú, rinne an Coimisiún na cinntí seo a leanas:

  • Is deimhin leis an gCoimisiún go raibh Apple ag brath go bailí ar Airteagal 6(1)(f) RGCS mar bhunús dleathach le luach haiseáilte a choinneáil de sheoladh ríomhphoist an Ghearánaigh sa chás ar leith seo;
  • Is deimhin leis an gCoimisiún go ndearna Apple breithniú cuí ar phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí i ndáil le luach haiseáilte a choinneáil de sheoladh ríomhphoist an Ghearánaigh;
  • Is deimhin leis an gCoimisiún gur chomhlíon Apple ceanglais Airteagail 12 agus 17 RGCS nuair a phróiseáil sé an iarraidh léirscriosta ón nGearánach i mí an Mhárta 2019;
  • In éagmais an Gearánach a chur ar an eolas go sonrach faoin rún a bhí aige luach haiseáilte a choinneáil dá sheoladh ríomhphoist agus faoin mbunús dlí agus faoi na leasanna dlisteanacha a bhí aige ina leith sin nuair a rinne an Gearánach an iarraidh léirscriosta uaidh i mí an Mhárta 2019, mhainnigh Apple ceanglais trédhearcachta Airteagal 13(1)(c) agus Airteagal 13(1)(d) a chomhlíonadh.

Na Cumhachtaí Ceartaitheacha a Feidhmíodh:

I bhfianaise na sáruithe ar Airteagal 13(1)(c) agus ar Airteagal 13(1)(d) RGCS, d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Apple de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS, agus d’ordaigh an Coimisiún do Apple, de bhun Airteagal 58(2)(d) RGCS, an doiciméad “Apple ID Deletion Terms and Conditions” uaidh a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thrédhearcachta a sainaithníodh sa chinneadh ón gCoimisiún. Ina theannta sin, d’ordaigh an Coimisiún do Apple mionsonraí faoin tionscadal a bhí ar bun aige a fháil faoin 31 Nollaig 2024.


Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Fiosrúchán ar Apple Distribution International Limited - Márta 2024 (PDF, 9.7 MB).