Fiosrúchán ar Airbnb Ireland UC - 28 Meán Fómhair 2023 (2)

Dáta an Chinnidh: 28 Meán Fómhair 2023

An 28 Meán Fómhair 2023, tar éis fiosrúcháin maidir le gearán a fuarthas in aghaidh Airbnb Ireland UC (“Airbnb”), ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) cinneadh.

Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán sin an 22 Meán Fómhair 2022, tar éis gearán a fháil á rá gur iarr Airbnb go neamhdhleathach cóip d’aitheantas an Ghearánaigh (“aitheantas”) chun a chéannacht a fhíorú chun áirithint ar an ardán a chur i gcrích. Sa chás ar leith seo, rinne an Gearánach an chóiríocht liostaithe chéanna a chur in áirithe roimhe sin sa bhliain sin ar ardán Airbnb gan aon ghá le fíorú aitheantais a chur i gcrích. Dhiúltaigh Airbnb na doiciméid aitheantais a chuir an Gearánach isteach toisc nach raibh na híomhánna ar a aitheantas soiléir. Sa deireadh, áfach, d’éirigh leis an nGearánach an áirithint a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as cuntas eile le Airbnb a gcreideann Airbnb go gcomhroinneann an Gearánach é le duine eile.

Bhain raon feidhme an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  1. Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Airbnb le cóipeanna d’aitheantas an Ghearánaigh agus dá ghrianghraf a iarraidh chun a chéannacht a fhíorú.

  2. Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí nuair a phróiseáil sé cóip

  3. Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Airbnb na Coinníollacha le haghaidh Toilithe nuair a cheangail sé ar an nGearánach a aitheantas agus a ghrianghraf a chur isteach chun a chéannacht a fhíorú sula bhféadfadh sé a áirithint a chur i gcrích.

  4. Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Airbnb prionsabail na trédhearcachta agus an tsoláthair faisnéise nuair a bailíodh sonraí pearsanta an Ghearánaigh.

Ós rud é gurbh ionann an phróiseáil a bhí i gceist agus próiseáil “trasteorann”, bhí an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir an tsásra comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach in Airteagal 60 RGCS agus, de bhun Airteagal 60(3) RGCS, chuir an Coimisiún an dréachtchinneadh uaidh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta lena mbaineann ar mhaithe le tuairim a fháil uathu. Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon agóidí ábhartha réasúnaithe in aghaidh an dréachtchinnidh ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann laistigh den tréimhse reachtúil, measadh gur aontaigh na húdaráis mhaoirseachta leis an dréachtchinneadh ón gCoimisiún agus tá siad faoi cheangal aige de réir Airteagal 60(6) RGCS. Ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS.

Glacadh an cinneadh Déardaoin an 28 Meán Fómhair 2023 agus taifeadtar na sáruithe seo a leanas ann:

  • Airteagal 5(1)(c) agus Airteagal 6(1)(f) RGCS

Chinn an Coimisiún nach raibh Airbnb ag brath go bailí ar Airteagal 6(1)(f) RGCS mar bhunús dleathach le haghaidh doiciméid aitheantais fhótagrafaigh agus íomhá fhorlíontach an Ghearánaigh a phróiseáil. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún gurb amhlaidh, sna himthosca ar leith a tháinig chun cinn i gcás an Ghearánaigh seo, a sháraigh Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c) RGCS, nuair a cheangail sé ar an nGearánach a aitheantas a fhíorú trí chóip nach bhfuil curtha in eagar dá aitheantas fótagrafach a chur isteach.

I bhfianaise na sáruithe ar Airteagal 5(1)(c) agus ar Airteagal 6(1)(f), d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Airbnb de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS. Ina theannta sin, thug an Coimisiún an t-ordú seo a leanas do Airbnb de bhun Airteagal 58(2)(d) chun na sáruithe a sainaithníodh sa chás seo a leigheas agus chun sáruithe den chineál céanna a chosc amach anseo i ndáil le hábhair sonraí atá in imthosca den chineál céanna.

  • a bheartais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha a leasú chun a chinntiú nach n-iarrtar aitheantas fótagrafach agus grianghraif fhorlíontacha sa phróiseas fíorúcháin d’úsáideoirí ach amháin nuair is gá, nuair is comhréireach agus de réir RGCS chun na críche a ndéantar na sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ina leith, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar oibleagáidí dlíthiúla Airbnb agus ar an tsaincheist maidir le cé acu atá nó nach bhfuil modhanna fíorúcháin atá níos neamhchunóraí ó thaobh príobháideachta de ar fáil agus éifeachtach. Ba cheart do Airbnb na mionsonraí faoi chomhlíonadh an ordaithe sin a thabhairt don Choimisiún faoin Déardaoin an 21 Nollaig 2023.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Airbnb Ireland UC (PDF)