Fiosrúchán ar an nGarda Síochána - Nollaig 2022

(IN-20-1-3)

Dáta an chinnidh: 15 Nollaig 2022

Bhain an fiosrúchán seo, a rinneadh faoi Chuid 5 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, le tuairisc a fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí ón nGarda Síochána faoi shárú sonraí pearsanta, tar éis sárú sonraí ag stáisiún de chuid an Gharda Síochána. Bhí sé mar aidhm leis an bhfiosrúchán a chinneadh cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sáruithe ar ailt 71(1)(f), 72(1), 75 agus 78 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, le linn don Gharda Síochána sonraí pearsanta a phróiseáil.

Bhain an sárú sonraí ab ábhar don fhiosrúchán seo le sonraí pearsanta “daoine ab ábhar spéise” don Gharda Síochána i gcomhthéacs imscrúduithe leanúnacha. Próiseáladh na sonraí sin ar Chlár Feasachán Faisnéise a bhí lonnaithe i seomra i stáisiún de chuid an Gharda Síochána, rud nár cheart d’aon duine seachas Garda rochtain neamhthionlactha a bheith aige/aici air. Fuair conraitheoir a bhí ag tabhairt faoi oibreacha deisiúcháin ag an stáisiún rochtain ar na sonraí pearsanta sin, lenar áiríodh ainm agus seoladh 108 n-ábhar sonraí, ábhair sonraí shoghonta ina measc. Comhroinneadh na sonraí pearsanta ar na meáin shóisialta ansin.

I measc nithe eile, rinneadh na cinntí seo a leanas tar éis an imscrúdaithe ón gCoimisiún ar an ní:

  1. Bhí beartais shonracha agus nósanna imeachta sonracha in easnamh maidir leis an dóigh a bpróiseálann an Garda Síochána sonraí pearsanta, rud a d’fhág nár shásaigh sé ceanglais ailt 72(1), 75 agus 78 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus, ar an tslí sin, alt 71(1)(f) den Acht. Rud sonrach, mhainnigh an Garda Síochána bearta cuí teicniúla agus eagrúcháin a chur chun feidhme chun na sonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil ag an nGarda Síochána tráth an tsáraithe a chosaint.
  2. Bhí bearta sonracha slándála in easnamh tráth an tsáraithe, rud a d’fhág gur mhainnigh an Garda Síochána cur chun feidhme a dhéanamh ar leibhéal slándála ba chuí maidir leis an díobháil a d’fhéadfadh teacht as an dóigh a bpróiseálann an Garda Síochána sonraí pearsanta.
  3. Bhí mainneachtain ann measúnú riosca a dhéanamh sular tosaíodh an phróiseáil, chun a chinneadh cé chomh cuí agus a bhí na bearta slándála maidir leis an díobháil a d’fhéadfadh teacht as an bpróiseáil.
  4. Bhí mainneachtain ann a léiriú go ndearna an Garda Síochána aon mheasúnú réamhsháraithe ar na nithe ar cheart do rialaitheoir aird a bheith aige orthu faoi alt 78(a) go (g) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
  5. In imthosca inar bhain na sonraí pearsanta a próiseáladh ar an gClár Feasachán Faisnéise le himscrúduithe leanúnacha agus le sonraí pearsanta ábhar sonraí soghonta, cinneadh go raibh na sonraí pearsanta sin de chineál an-íogair.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a feidhmíodh:

Fuarthas amach sa chinneadh go raibh sé cuí cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmiú de réir alt 124(3) d’Acht 2018 agus leagtar amach ann na cumhachtaí ceartaitheacha a feidhmíodh de bhun alt 127(1) d’Acht 2018. Is iad sin:

  • Iomardú a eisíodh chuig an nGarda Síochána, de bhun alt 127(1)(b) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, i leith na sáruithe. Léirigh cineál na sáruithe a sainaithníodh go raibh mainneachtain ghinearálta ag an nGarda Síochána bearta cuí teicniúla agus eagrúcháin a chur chun feidhme chun a chinntiú go bpróiseálfadh sé sonraí pearsanta de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, agus
  • Ordú a eisíodh chuig an nGarda Síochána chun a phróiseáil a chur i gcomhréir leis na forálacha iomchuí den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, trí bhearta cuí teicniúla agus eagrúcháin a chur chun feidhme i leith shlándáil na gClár Feasachán Faisnéise ar fud a líonra stáisiún in Éirinn.