Fiosrúchán ar Airbnb Ireland UC - 28 Meán Fómhair 2023

Dáta an Chinnidh: 28 Meán Fómhair 2023

 

An 28 Meán Fómhair 2023, tar éis fiosrúcháin maidir le gearán a fuarthas in aghaidh Airbnb Ireland UC (“Airbnb”), ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) cinneadh.

Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán sin an 7 Meán Fómhair 2022, tar éis gearán a fháil á rá gur iarr Airbnb go neamhdhleathach cóip d’aitheantas an Ghearánaigh (“aitheantas”) chun a chéannacht a fhíorú chun áirithint ar an ardán a chur i gcrích. Luaigh an gearánach go raibh ábhair imní aige maidir le goid chéannachta de bharr mhéid na sonraí pearsanta a bhí air a chur isteach chun a áirithint chóiríochta a chur i gcrích. Sa chás ar leith seo, luaigh an gearánach nach nglacfadh Airbnb lena áirithint go dtí go mbeadh a chéannacht fíoraithe aige trí chóip dá aitheantas agus grianghraf nuathógtha a thabhairt chun a chinntiú nach mbaineann an t-aitheantas ach amháin leis an duine a bhí ag déanamh na háirithinte. Diúltaíodh don aitheantas a chuir an Gearánach isteach toisc gur chuir sé faisnéis áirithe in eagar. Sa deireadh, áfach, d’éirigh leis an nGearánach a chéannacht a fhíorú trí chóip dá aitheantas a chur isteach ar bhealach nach raibh ach an cód rochtana ar líne curtha in eagar ann.

In aighneacht bhreise uaidh, luaigh an Gearánach nár thuig Airbnb i gceart ar dtús cad a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh agus gur cheap Airbnb go raibh an Gearánach ag iarraidh a chuntas le Airbnb a scriosadh. Luaigh sé gur iarr Airbnb cóip eile d’aitheantas. De bhreis ar an ngearán maidir le fíorú aitheantais, bhí an Gearánach á iarraidh freisin go scriosfadh Airbnb cárta aitheantais an Ghearánaigh, idir an leagan a bhí curtha in eagar agus an leagan nach raibh curtha in eagar.

Bhain raon feidhme an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  1. Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Airbnb le cóip/cóipeanna d’aitheantas an Ghearánaigh agus/nó dá ghrianghraf/ghrianghraif a iarraidh chun a chéannacht a fhíorú chun go mbeadh an Gearánach in ann a áirithint ar an ardán a chur i gcrích.

  2. Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí nuair a d’iarr sé cóip nach raibh curtha in eagar d’aitheantas an Ghearánaigh agus/nó dá ghrianghraf/ghrianghraif chun a chéannacht a fhíorú agus le linn dó próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an gcéanna.

  3. Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Airbnb le cóip d’aitheantas an Ghearánaigh a choinneáil tar éis do Airbnb céannacht an Ghearánaigh a fhíorú.

  4. Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Airbnb prionsabail na trédhearcachta agus an tsoláthair faisnéise nuair a bailíodh sonraí pearsanta an Ghearánaigh.

  5. Cé acu a fuair nó nach bhfuair Airbnb iarraidh léirscriosta Airteagal 17 ón ábhar sonraí agus, má bhí, cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Airbnb an iarraidh léirscriosta ón nGearánach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus leis an Acht.

Ós rud é gurbh ionann an phróiseáil a bhí i gceist agus próiseáil “trasteorann”, bhí an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir an tsásra comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach in Airteagal 60 RGCS agus, de bhun Airteagal 60(3) RGCS, chuir an Coimisiún an dréachtchinneadh uaidh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta lena mbaineann ar mhaithe le tuairim a fháil uathu. Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon agóidí ábhartha réasúnaithe in aghaidh an dréachtchinnidh ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann laistigh den tréimhse reachtúil, measadh gur aontaigh na húdaráis mhaoirseachta leis an dréachtchinneadh ón gCoimisiún agus tá siad faoi cheangal aige de réir Airteagal 60(6) RGCS. Ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS.

Glacadh an cinneadh Déardaoin an 28 Meán Fómhair 2023 agus taifeadtar na sáruithe seo a leanas ann:

  • Airteagal 5(1)(c), Airteagal 5(1)(e) agus Airteagal 6(1)(f) RGCS

Chinn an Coimisiún nach raibh Airbnb ag brath go bailí ar Airteagal 6(1)(f) RGCS mar bhunús dlí le haitheantas fótagrafach agus grianghraif fhorlíontacha an Ghearánaigh a phróiseáil; gurbh é a bhí sa cheanglas ó Airbnb go bhfíoródh an Gearánach a chéannacht trí chóip a bhí iomlán agus nach raibh curtha in eagar dá aitheantas fótagrafach a chur isteach ná sárú ar phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c); gurb amhlaidh, toisc go ndearna sé cóip de na doiciméid aitheantais nach raibh curtha in eagar ón nGearánach a choinneáil tar éis chur i gcrích rathúil an phróisis fíoraithe céannachta agus go dtí an 2 Feabhra 2021, a sháraigh Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí in Airteagal 5(1)(c) agus prionsabal an teorannaithe stórála in Airteagal 5(1)(e); gurb amhlaidh, toisc gur choinnigh sé cóip d’íomhánna forlíontacha an Ghearánaigh tar éis chur i gcrích rathúil an phróisis fíoraithe céannachta agus ar feadh fhad chuntas an úsáideora, a sháraigh Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus prionsabal an teorannaithe stórála; agus gurb amhlaidh, maidir leis an bpróiseáil agus an choinneáil a rinne Airbnb go dtí an 2 Feabhra 2021 ar dhoiciméid aitheantais a mheas sé a bheith easnamhach nó neamhimleor chun céannacht an Ghearánaigh a fhíorú, a sháraigh sé sin prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus prionsabal an teorannaithe stórála.

I bhfianaise na sáruithe ar Airteagal 5(1)(c), ar Airteagal 5(1)(e) agus ar Airteagal 6(1)(f), d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Airbnb de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS. Ina theannta sin, thug an Coimisiún na horduithe seo a leanas do Airbnb de bhun Airteagal 58(2)(d) chun na sáruithe a sainaithníodh sa chás seo a leigheas agus chun sáruithe den chineál céanna a chosc amach anseo i ndáil le hábhair sonraí atá in imthosca den chineál céanna.

  • na grianghraif fhorlíontacha ar uaslódáil an Gearánach iad a scriosadh óna chórais agus óna thaifid uile (gan ach taifead ina luaitear gur cuireadh na doiciméid sin isteach, agus ina luaitear an dáta a cuireadh isteach iad, a choinneáil). Ba cheart do Airbnb na mionsonraí faoi chomhlíonadh an ordaithe sin a thabhairt don Choimisiún faoin Déardaoin an 21 Nollaig 2023.

  • a bheartais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha a leasú chun a chinntiú nach n-iarrtar aitheantas fótagrafach agus grianghraif fhorlíontacha sa phróiseas fíorúcháin d’úsáideoirí ach amháin nuair is gá, nuair is comhréireach agus de réir RGCS chun na críche a ndéantar na sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ina leith, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar oibleagáidí dlíthiúla Airbnb agus ar an tsaincheist maidir le cé acu atá nó nach bhfuil modhanna fíorúcháin atá níos neamhchunóraí ó thaobh príobháideachta de ar fáil agus éifeachtach. Ba cheart do Airbnb na mionsonraí faoi chomhlíonadh an ordaithe sin a thabhairt don Choimisiún faoin Déardaoin an 21 Nollaig 2023.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Airbnb Ireland UC - 28 Meán Fómhair 2023 (PDF, 3mb)