An luaitear é sin sa Rialachán Ginearálata dáiríre? Eagrán na Nollag

09th Mí na Nollag 2019

Litreacha a scríobh, ríomhphoist margaíochta Nollag agus siopadóireacht ar líne – tá an Nollaig buailte linn agus tá ráflaí léi go bhfuil an Rialachán GInearálta ag milleadh an chéiliúrtha.

Sa bhlag seo rachaimid tríd na scéalta a thagann chun cinn faoin am seo den bhliain agus taispeánfaimid más cosúil go bhfuil scéal éigin faoin Rialachán Ginearálta rósheafóideach le bheith fíor, is dócha go bhfuil sé rósheafóideach le bheith fíor.

 

An gcuireann an Rialachan Ginearálta cosc ar dhaoine cártaí Nollag a sheoladh nó litreacha a sheoladh chuig Daidí na Nollag?

Tá ráflaí á scaipeadh go gcuireann an Rialachán Ginearálta cosc ar dhaoine cártaí Nollag a sheoladh, nó nach bhfuil cead ag páistí litreacha a scríobh chuig Daidí na Nollag, agus níl sé seo fíor.

Sa Rialachan Ginearálta tá díolúine teaghlach, mar a dtugtar air, le haghaidh daoine a bhfuil rud éigin á dhéanamh acu ar bhonn pearsanta, mar shampla, litir a phostáil chuig cairde agus teaghlach.

Má tá tú ag baint úsáid as seirbhís chun cártaí agus litreacha a fháil nó a sheoladh, áfach, caithfidh an eagraíocht a reáchtálann an tseirbhís sin cloí leis an dlí um chosaint sonraí. Ní bhaineann an díolúine teaghlach le heagraíochtaí a chuireann na seirbhísí seo ar fáil nó a sheolann cártaí chorparáideacha Nollag, agus beidh orthu údar a thabhairt le cártaí, litreacha agus teachtaireachtaí a sheoladh má tá sonraí pearsanta i gceist.

Agus an bhfuil toiliú an fhaighteora de dhíth orthu sular sheolann siad na cártaí agus na litreacha seo? Ba mhaith leis an gCoimisiún go dtuigifidh daoine nach é toiliú an t-aon bonn dhleathach le sonraí pearsanta a phróiseáil. D’fhéadfadh go mbeadh údair eile níos cuí le cártaí corparáideacha Nollag a sheoladh, mar shampla, ‘leas dlisteanach’.

Le haghaidh cumarsáid corparáideach, go háirithe iad siúd le tairiscintí Nollag, ba cheart d’eagraíochtaí cuimhneamh an bhfuil ‘margaíocht leictreonach’ i gceist leis seo, agus sa chás sin beidh orthu bheith cinnte go gcloíonn siad lena n-oibleagáidí faoin Rialachán Ginearálta agus faoi na rialacháin r-Príobháideachais.

 

Cad é an bonn dhleathach leis an liosta ‘dána nó deas’ a scríobhann Daidí na Nollag?

Chualamar ón Oifigeach Cosanta Sonraí i gceardlann Daidí na Nollag go ndéantar an liosta ‘dána nó deas’ trí anailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta agus go bpróiseáltear na sonraí sin ar bhonn leasa dhlisteanaigh – leasanna dlisteanacha Daidí na Nollag agus é ag dul i mbun a ghníomhaíochtaí ag seachadadh bronntanais, chomh maith le leasanna páistí maithe agus a mbronntanais á fháil acu – agus go ndéantar léirscriosadh ar shonraí pearsanta, dána agus deas araon, nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, i gcomhlíonadh le prionsabail íoslaghdú sonraí.

 

 

An gcuireann an Rialachán Ginearálta cosc ar dhaoine grianghraif a thógáil le linn dráma scoile nó ceolchoirm i rith na Nollag?

Tá ráfla eile ann gur chuir an Rialachán Ginearálta cosc ar ghrianghraif ag drámaí Nollag agus ceolchoirmeacha Nollag.

Mar a luamar cheana féin inár mblag faoi ghrianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile, níl aon ní sa Rialachán Ginearálta lena gcuirtear cosc ar dhaoine grianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile. Ar aon nós, ba cheart do thuismitheoirí agus teaghlaigh cuimhneamh ar mhianta daoine eile, agus ar aon rialacha inmheánacha leagtha síos ag scoil nó ag eagraithe na hócáide. Ní cheart, áfach, go gcuirfeadh an dlí um chosaint sonraí cosc ar thuismitheoirí agus ar theaghlach grianghraif a thógáil go hiondúil, go háirithe nuair a déantar iad ar bhonn pearsanta amháin (agus nuair nach n-úsáidtear iad i gcomhthéacs tráchtála nó nach bhfoilsítear iad ar line).

I gcás go mbeidh scoileanna nó eagraithe ag iarraidh grianghrafadóireacht oifigiúil a dhéanamh le linn ócáide, ní bheidh said in ann brath ar an ‘díolúine pearsanta’, fiú go bhféadfadh tuismitheoirí brath uirthi, ach d’fhéadfadh said fós an ghrianghrafadóireacht a shocrú fad is go gcuimhníonn siad ar a n-oibleagáidí mar rialaitheoirí sonraí agus go gcloíonn siad leo – mar shampla, caithfidh go mbeidh bonn dhleathach acu leis na sonraí pearsanta a phróiseáil (na grianghraif a thógáil agus a stóráil) agus caithfidh go gcuirfidh siad faisnéis soiléir agus achomair a chur ar fail faoi cad atá á dhéanamh acu leis na sonraí pearsanta seo, cé chomh fada a choimeádfaidh siad iad, agus araile.

 

An bhfuil ort toiliú a fháil go bhfágfaidh tú ‘cookies’ amach do Dhaidí na Nollag?

Níl. Tá tusa ag smaoineamh ar an cineál eile ‘cookies’ (fianáin). Níl go leor imní cosanta sonraí, má tá imní ar bith ann, ag baint le hearraí bácáilte. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcineál eile ‘cookies’, féach ar an Treoir ar Fhianáin agus Teicneolaíochtaí den Chineál Céanna ar ár suíomh gréasáin.

 

Má cheannaím dearbhán/pas/ballraíocht do dhuine éigin mar bhronntanas Nollag, an bhfuil orm toiliú a fháil ón bhfaighteoir?

Feictear an cheist seo ó am go ham, agus d’fhéadfadh go mbeadh roinnt foirmeacha éagsúla aici. Is é an gnáthshampla a fheicimid ná go ndéanann duine iarracht dearbhán/pas/ballraíocht a cheannach do dhuine eile mar bhronntanas ach go mbíonn ar an díoltóir roinnt sonraí pearsanta a fháil ón bhfaighteoir, mar shampla, a (h)ainm nó a d(h)áta breithe nó a s(h)eoladh.

Bhraithfeadh an freagra ar an cheist seo ar fhíricí gach cás, ach go hiondúil níor cheart go gcuirfeadh cosaint sonraí bac ar dhearbhán nó pas a cheannach mar bhronntanas do dhuine éigin. Má tá gá le próiseáil a dhéanamh ar roinnt sonraí pearsanta de chuid an fhaighteora (mar shampla, a (h)ainm le haghaidh carta ballraíochta), tá sé tábhachtach cuimhneamh mar a luaitear thuas nach é toiliú an t-aon bonn dhleathach amháin atá ann, agus mar sin tá seans nach gcaithfear toiliú an fhaighteora a fháil. D’fhéadfaí go mbeadh leasanna dlisteanacha ann a dhéanann próiseáil sonraí pearsanta sna cásanna seo a dhlisteanú.

Mar fhocal scoir, agus arís de réir prionsabal íoslaghdú sonraí a luaitear thuas, ba cheart do dhíoltóirí agus do cheannathóirí bronntanas cuimhneamh an féidir an bronntanas a eagrú gan úsáid a bhaint as aon sonraí pearsanta, nó an méid sin sonraí pearsanta. Mar shampla, d’fhéadfá dearbhán a cheannach le haghaidh ballraíocht bliana de sheirbhís, in ionad an ballraíocht a cheannach go díreach agus an faighteoir a chlárú lena s(h)onraí pearsanta. Fad is go n-úsáidtear an t-íosmhéid sonraí pearsanta, agus go bhfuil cúis mhaith leis, níor cheart go gcruthóidh an Rialachán Ginearálta fadhbanna le ceannach bronntanas den chineál seo.