Comhairle chun Sáruithe ar Shonraí a sheachaint

01st Mí Bealtaine 2020

Tuigeann an DPC go mb’fhéidir go gcaithfeá faisnéis a roinnt nó a chruinniú go pras chun dul in oiriúint do na cúinsí doiligh a gcaithfimid ar fad dul i ngleic leo chun leanúint ag feidhmiú mar is gnáth a mhéid is féidir le linn phaindéim an Choróinvíris (COVID-19). Ceann de na baoil is mó atá ann ag an tráth seo ná go dtarlódh ‘sárú ar shonraí’ agus mar thoradh air sin go ndéanfaí sonraí pearsanta a scriosadh de thimpiste nó a scriosadh go neamhdhleathach, iad a chailleadh, a athrú, a nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe a thabhairt orthu.

Cibé an eagraíocht tú a bhfuil do chuid fostaithe ag obair ó chian, scoil nó coláiste atá ag dul in oiriúint d’oideachas ar líne, nó aon eagraíocht eile a chaithfidh bealaí nua a aimsiú chun fanacht i dteagmháil le daoine le linn na tréimhse seo, nár facthas a leithéid riamh cheana, féach thíos roinnt comhairle chun cuidiú leat sonraí pearsanta a choinneáil slán agus sáruithe ar shonraí a sheachaint:

  • Sula mbainfidh tú leas as go leor de na hardáin meán sóisialta atá le fáil saor in aisce, tabhair faoi sheiceáil slándála  agus cinntigh go bhfuil na socruithe slándála atá tú a úsáid cothrom le dáta agus ná roinn ach na sonraí pearsanta atá tú ag iarraidh a roinnt.
  • Nuair a bhítear ag cruthú foirmeacha nua laistigh den chóras bainistíochta doiciméad reatha, lean ag úsáid na mbeart slándála riachtanacha lena chinntiú go gcoinnítear sonraí pearsanta slán agus nach roinntear iad de thaisme.
  • Nuair a bhítear ag baint leasa as teimpléid chun sonraí pearsanta a chruinniú, cinntigh gur teimpléad glan a eisítear i gcónaí.
  • Bain leas as pasfhocail chasta atá éagsúil do gach ardán agus bain úsáid as bainisteoir pasfhocal chun cuidiú leat.
  • Bí ciallmhar agus déan cinnte cúram a dhéanamh do nithe mar ainmneacha agus seoltaí daoine. Déan cúram ar leith do shonraí atá níos íogaire mar faisnéis faoi shláinte daoine, an ceangal atá acu le polaitíocht nó ceardchumainn nó creideamh.
  • Cuimhnigh go bhféadfaimis a bheith i spás intinne éagsúil ag obair ón mbaile le hais an ghnáthionaid oibre. Meabhraigh d’oibrithe go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna nósanna imeachta a chleachtadh sa bhaile is atá san oifig - seoltaí agus iatáin a sheiceáil faoi dhó agus leas a bhaint as an bhfeidhm BCC i ríomhphoist grúpaí mar shampla.
  • Ní mór d’oibrithe sa bhaile atá ag plé le sonraí pearsanta dá bhfuil an eagraíocht freagrach cuimhneamh príobháideacht na sonraí sin a choinneáil.  Níor chóir comhaid oibre, ríomhphost ná bunachair sonraí a úsáid sa chás go mbeadh siad le feiceáil ag daoine eile den teaghlach nó ag comrádaithe tí ná iad a fhágáil oscailte gan tú féin ag an ríomhaire. Níor cheart do dhaoine den teaghlach ríomhairí oibre mar ríomhairí glúine a úsáid ná iad a úsáid do ghnóthaí nach mbaineann leis an obair.
  • B’éigean do ghnóthaí riachtanacha, cógaslanna agus cleachtais leighis mar shampla, athruithe fisiciúla a dhéanamh ar áitribh mar deascanna fáilte agus spásanna oibre sealadacha a shocrú. Cuimhnigh príobháideacht a ghlacadh san áireamh nuair a bheidh na socruithe sin á ndéanamh ionas go mbeidh daoine in ann labhairt go príobháideach agus nach mbeidh taifid daoine eile le feiceáil ag daoine den phobal.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an oibleagáid atá ann an DPC a chur ar an eolas faoi aon sárú ar shonraí téigh chuig Mearthreoir maidir le Sárú ar Shonraí. Tá treoir curtha i dtoll a chéile freisin againn ar chosaint sonraí nuair atá céimeanna á nglacadh chun   COVID-19 a mhaolú, agus conas sonraí pearsanta a chosaint nuair atáthar ag obair ó chian, ar iarrataí ar rochtain a láimhseáil, agus  comhairle maidir le fís-chomhdhálacha.