Cén cáipéisí tacaíochta a d’fhéadfadh bheith de dhíth nuair a chuireann tú imní in iúl don Choimisiún?

29th Mí Lúnasa 2019

Ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, chonaiceamar méadú as cuimse ar líon na ndaoine ag dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), mar a thagann feabhas ar an tuiscint atá ag daoine ar a gcearta cosanta sonraí. Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh eolas agat ar na cáipéisí tacaíochta le cur san áireamh nuair a dhéanann tú teagmháil linn le ceist nó gearán.

 Má tá tú ag dul i dteagmháil leis an Coimisiún le ceist a bhaineann le hiarratais rochtana, iarratais scriosta, nó iarratais ceartuithe, iarrfaimid rudaí éagsúla uait agus, mar sin, moltar duit go gcuirfeá na rudaí seo in áireamh nuair a dhéanann tú teagmháil linn:

  • An chéad iarratas a sheol tú chuig an eagraíocht – tá sé tábhachtach é seo a chur san áireamh ionas go bhfeicfimis go díreach cad a d’iarr tú;
  • An litir meabhrúcháin nó ríomhphost meabhrúcháin a sheol tú chuig an eagraíocht, má sheol tú a leithéid;
  • An freagra a fuair tú ón eagraíocht, chomh maith le comhfhreagras eile ar bith idir tú féin agus an eagraíocht maidir leis an iarratas a chur tú isteach chuige;
  • Nuair a rinne abhcóide/ionadaí an teagmháil thar ceann duine aonair, údarás sínithe uait;
  • Aon comhfhreagras ábhartha eile maidir leis an gceist; mar shampla, má iarr an rialaitheoir sonraí cruthúnas céannachta uait, fianaise gur chur tú é seo ar fáil;
  • Más bainteach, cóip d’aon litir a seoladh chuig an eagraíocht ag tabhairt achoimre ar na sonraí pearsanta ar leith nár cuireadh ar fáil;
  • Más bainteach, cóip d’aon litir a seoladh chuig an eagraíocht ag iarraidh míniú ar cén fáth gur braitheadh ar aon díolúine ó cheart cosanta sonraí, chomh maith le haon freagra a bhfuarthas ón eagraíocht, agus do thuairimí i scríbhinn faoi cén fáth nach gcuirtear na díolúintí ar a mbraitheann an eagraíocht i bhfeidhm go bailí;
  • Sonraí den cheist áirithe atá á ardú agat maidir le cosaint sonraí; agus
  • Fianaise dhoiciméadach a thagann le haon líomhain atá á dhéanamh.

Tá sé tábhachtach cuimhniú nach féidir linn sa Choimisiún iarratas a dhéanamh thar do cheann le haghaidh rochtain/ceartúchán/scriosadh. Ba cheart duit do chearta cosanta sonraí a dheimhniú ar do shon féin ar dtús tríd an iarratas a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, mura fhaigheann tú freagra ar an iarratas nó mura bhfuil tú sásta le haon freagra a fuair tú, is féidir leat an cheist a chur ar shúile an Choimisiúin.

Má tá ag dul i dteagmháil linn maidir le ceist margaíochta dhíreach, bí cinnte go gcuireann tú isteach aon ábhar margaíochta dhíreach a fuair tú agus aon comhfhreagras idir tú féin agus an eagraíocht má rinne tú teagmháil leis chun diúltú don ábhar margaíochta dhíreach.

Cuimhnigh gur má chuireann tú gach cáipéis tacaíochta atá de dhíth ag an tús, d’fhéadfadh sé deifir a chur leis an bpróiseas, mar ní bheidh aon gá dúinn teacht ar ais chugat chun an fhaisnéis a iarraidh.

Chun liosta iomlán a fheiceáil den fhaisnéis a bheidh de dhíth agus imní a chur in iúl don Choimisiún, léigh ár dtreoir maidir le fianaise a d’fhéadfadh bheith de dhíth.

Ardaigh ceist leis an gCoimisiún